Téarma an Fhómhair 2021: Bunrang 1, Dé Céadaoin (Tráthnóna, Fisiciúil)
Briseadh Ranga: Céadaoin, 27 Deireadh Fómhair 2021
Áit: Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, D02 VH98
*Beidh an rang seo lonnaithe in Uimhir 6, Sráid Fhearchair, ceannáras Chonradh na Gaeilge. Tá srian againn ar an méid duine a bheidh sa tseomra ranga, le cloí le scaradh sóisialta. Beidh gá le masc a chaitheamh sa teach agus sa seomra ranga. Beidh foireann an Chonartha ag cloí leis an eolas / comhairle is déanaí ón Rialtas maidir le sláinte poiblí. Tabhair faoi ndeara go bhfuil seans ann, ag brath ar angcomhairle is déanaí, go mbeidh orainn teastas vacsaínithe a lórg ó gach foghlaimeoir roimh ré.
Seo chugaibh leagan amach Bhunrang 1 a bheidh ar leibhéal TEG A2, tá an leibhéal seo in oiriúint do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge cheana féin agus gur mhaithe leo teacht ar ais chuig an teanga.
Baineann múinteoirí Chonradh na Gaeilge leas as an gcreatlach TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge). Tá saoirseacht ag gach múinteoir a chuid ábhair féin a chlúdú chomh maith leis an gcúrsa TEG. Cabhróidh an cúrsa seo dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoi na scrúduithe oifigiúla TEG ach is faoin bhfoghlaimeoir atá sé na hullmhúcháin chuí a dhéanamh dos na scrúduithe. Clúdófar réimse leathan d'ábhair: an Ghaeilge labhartha, gramadach na Gaeilge, cluastuiscint, léitheoireacht agus eile
Sonraí Cúrsa
Tús | 29-09-2021 19:00 pm |
Deireadh | 08-12-2021 21:00 pm |
Dáta deiridh | 24-09-2021 23:00 pm |
Líon Áiteanna ar fáil | 4 |
Praghas | €200 |
Ionad | Baile Átha Cliath |