Téarma an Fhómhair 2021: Meánrang 2, Dé Céadaoin (Tráthnóna, Ar-Líne)
Briseadh Ranga: Céadaoin, 27 Deireadh Fómhair 2021
Seo chugaibh leagan amach an ranga, Meánrang 2 a bheidh ar leibhéal TEG B2, in oiriúint do dhaoine atá Gaeilge measartha acu cheana féin agus speis acu tuilleadh a foghlaim faoin ngramadach agus struchtúr na Gaeilge. Bheadh an cúrsa seo in oiriúint do dhaoine suite in zóin ama éagsúla timpeall an domhain, in éineacht le daoine atá saor um thráthnóna.
Baineann múinteoirí Chonradh na Gaeilge leas as an gcreatlach TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge). Tá saoirseacht ag gach múinteoir a chuid ábhair féin a chlúdú chomh maith leis an gcúrsa TEG. Cabhróidh an cúrsa seo dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoi na scrúduithe oifigiúla TEG ach is faoin bhfoghlaimeoir atá sé na hullmhúcháin chuí a dhéanamh dos na scrúduithe. Clúdófar réimse leathan d'ábhair: an Ghaeilge labhartha, gramadach na Gaeilge, cluastuiscint, léitheoireacht agus eile
Sonraí Cúrsa
Tús | 29-09-2021 19:00 pm |
Deireadh | 08-12-2021 20:30 pm |
Dáta deiridh | 29-09-2021 23:00 pm |
Líon Áiteanna ar fáil | 4 |
Praghas | €150 |
Ionad | Ar líne |