Teach na Gaeilge
Is é Teach na Gaeilge lárionad Gaeilge Mhaigh Cuilinn i gCo. na Gaillimhe. Tógadh an lárionad ar shuíomh a chuir an Cumann Forbartha áitiúil ar fáil saor in aisce sa bhliain 2011 agus is é Conradh na Gaeilge Mhaigh Cuilinn féin a rinne an foirgneamh nua a mhaoiniú; níl aon mhaoiniú stáit faighte ag an bhforbairt nua. Rinne baill Chraobh Mhaigh Cuilinn de Chonradh na Gaeilge agus daoine eile sa pharóiste an obair thógála ar an bhfoirgneamh ar bhonn deonach, faoi stiúir Niall Uí Chéirín, ailtire.
Ó osclaíodh Teach na Gaeilge, tá an t-ionad in úsáid le haghaidh ranganna Gaeilge do dhaoine fásta, cúrsaí Gaeilge do thuismitheoirí le páistí beaga, grúpa tuismitheoirí & leanaí, ciorcal comhrá, club spraoi do pháistí óga, club drámaíochta, cúrsaí ealaíne, ranganna yóga trí Ghaeilge, campaí samhraidh, campa Spraoi, imeachtaí Gaeilge le bunscoileanna an pharóiste, imeachtaí tacaíochta teaghlaigh, féile ealaíne agus imeachtaí eile trí mheán na Gaeilge.
Teagmháil:
Teach na Gaeilge
Maigh Cuilinn
Co. na Gaillimhe
Guthán: +353 (0)87 4188050
Rphost:
Suíomh: www.arasnangael.ie/craobhacha/maigh-cuilinn