Gaeláras Mhic Ardghail
Is cultúrlann úrnua agus lárionad Gaeilge ar an Iúr, Co. an Dúin é Gaeláras Mhic Ardghail. Cuireann an t-áras áiseanna oideachais, cultúrtha agus sóisialta ar fáil do Ghaeilgeoirí an Iúir agus Mhúrn. Sheol Craobh an Iúir de Chonradh na Gaeilge Gaeláras Mhic Ardghail ar 18 Feabhra 2013 mar thoradh ar chomhpháirtíocht dhícheallach idir Comhairle an Iúir agus Mhúrn, An Ciste Infheistíochta Gaeilge, Comhaltas Uladh agus Craobh an Iúir í féin.
Tugann an chultúrlann suíomh buan do Chraobh an Iúir a d’oibrigh go dian dícheallach le 100 bliain anuas chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt sa cheantar. Tá seomraí ranga, cartlann, leabharlann, spás taispeántais agus halla mór d’imeachta sa lárionad Gaeilge seo, lárionad a thugann fócas fisiciúil d’athghiniúint na Gaeilge sna bólaí seo agus a chuireann go mór mór le forbairt turasóireachta cultúrtha sa cheantar.
Thiomnaigh Clann Mhic Ardghail a dteach féin do Ghaeil an Iúir, teaghlach a bhíodh ag obair gan stad gan staonadh chun an Ghaeilge agus cultúr na nGael a chur chun cinn i gceantar an Iúir. Éascóidh an Gaeláras, mar ómós d’fhís agus d’fhlaithiúlacht Chlann Mhic Ardghail, an Ghaeilge a phríomhshruthú i saol sóisialta, oideachasúil agus eacnamaíoch an Iúir.
Teagmháil:
Gaeláras Mhic Ardghail
Cnocán Phádraig Naofa
6B Sráid an tSéipéil Uachtarach
Iúr Chinn Trá
Co. an Dúin
BT34 2DS
Guthán: 0044 (0)77 14728101 | 0044 (0)28 3025 7812
Rphost:
Suíomh: www.iurchinntra.ie