Conas Imeacht A Eagrú
Posted in Treoir do Chraobhacha.
Ar Son na Gaeilge
Príomhsprioc na n-imeachtaí ná an Ghaeilge a chur chun cinn i mbealach taitneamhach, go háirithe ó thaobh labhairt na teanga de, ach is fiú léamh agus scríobh na Gaeilge a chothú chomh maith más féidir. Ba chóir gach aon chéim den phleanáil agus den eagrú a dhéanamh i nGaeilge (nó go dátheangach ag braith ar chúrsaí, mar shampla má táthar ag eagrú imeachta i gcomhpháirt le grúpa eile).
- Bíodh foireann agat
- Roinn an obair
- Leag síos spriocdhátaí
Lorg cabhair ó dhaoine, tosaigh amach le rudaí beaga indéanta agus de réir mar a fhaigheann sibh taithí air, leanaigí libh go himeachtaí níos mó. Ní bheidh gach imeacht indéanta do gach craobh ach tá sibh in ann rudaí ollmhóra a eagrú má chuireann sibh bhúr seacht ndícheall leis!
Imeachtaí Beaga
- Ciorcal Comhrá
Ionad le suíocháin, áit le caife/tae a dhéanamh agus málaí tae/caife/brioscaí/bainne a fháil, póstaeir a dhéanamh agus a scaipeadh, ríomhphoist agus téacsanna, am oiriúnach, daoine a mhealladh - ag am lóin nó mar sin, raidió le ceol Gaeilge, é a dhéanamh go seachtainiúil is fearr ag an am agus san áit chéanna. - Maidin Chaife
Mar atá thuas le croissants más féidir! Is féidir airgead a bhailiú do chúis faoi leith. Póstaeir a dhéanamh amach le frásaí faoi leith is a scaipeadh. Am oiriúnach a roghnú, daoine a mhealladh - roimh obair nó am scoile, nó ag briseadh na maidine, raidió le ceol Gaeilge, é a dhéanamh go seachtainiúil is fearr ag an am agus san áit chéanna. - Aoichainteoir
Duine mór le rá/spéisiúil/duine ón gceantar gur féidir leo caint faoi ábhar faoi leith, ionad le scorú, roinnt bia agus deochanna ina dhiaidh agus bronntanas mar bhuíochas don chainteoir. - Léamh Filíochta
File, ionad deas le suíocháin, slua a mbeadh spéis acu, fáiltiú fíona roimhe nó ina dhiaidh, bronntanas mar bhuíochas don fhile/filí. Is féidir seo a nascadh le ceol beo más mian libh. Is féidir seo a nascadh le cúrsa acadúil Gaeilge má tá coláiste sa cheantar. - Tráth na gCeist
Pinn, páipéar, clár bán agus marcéirí buana, ceartaitheoirí na mbabhtaí, 7 nó 8 mbabhta do 8 go 10 gceist. Babhta amháin céard iad focail éagsúla as / i nGaeilge? Ba chóir babhtaí ceoil agus pictiúir a bheith ann (le húsáid iFón a sheachaint!), duaiseanna; airgead/ceisteanna a chur ar shiopaí in aice libh dóibh, leathanaigh phriontáilte, ionad, ar nós tí tábhairne nó eile, suíocháin agus boird. Is féidir tráth na gceist a chur ar siúl do chúis faoi leith; carthanacht, cuid de Sheachtain na Gaeilge. Is fiú duine le taithí ag caint os comhair slua a fháil. - Díospóireacht
Dhá fhoireann de triúr a bhfuil taithí acu, más féidir, is fearr, rún spéisiúil/greannmhar/conspóideach a roghnú, ionad ar nós léachtlainne ollscoile nó halla scoile, moltóir le daoine a chur i láthair, duine leis an am a thomhais, cloigín nó díreach cnag ar an mbord ag am faoi leith. Uisce do na cainteoirí, póstaeir/ríomhphost le daoine a spreagadh le teacht, nascadh le scoileanna agus le gnólachtaí áitiúla. Is féidir seo a dhéanamh níos feiceálaí/tarraingtí trí chainteoiri mór le rá a fháil ann la caint ar na hábhair chomh maith.
Imeachtaí Meánacha
- Scóráil Sciobtha
Éiríonn an-mhaith leis an imeacht seo i measc an aosa óig. Tá gá le slua éigin daoine, é a bheith in áit shóisialta le ceol más féidir. Cuirtear dhá chiorcal chathaoireacha ag breathnú ar a chéile. Tugtar uimhir do gach buachaill agus gach cailín, gach 2 nóiméad séidtear feadóg / deirtear os ard gur gá bogadh ar aghaidh. Is iontach an rud leathanaigh le línte cliúsaíochta / greannmhara a dhéanamh amach roimh ré agus póstaeir leo a chrochadh. Scríobhann gach duine uimhreacha na ndaoine a thaitníonn leo is ansin ag an deireadh cuirtear na daoine seo le chéile ag damhsa / faoi agallamh ar stáitse nó mar sin de. Spreagann duaiseanna / béile do bheirt daoine a bheith níos cairdiúla lena chéile! Is fiú duine le taithí ag caint os comhair slua a fháil. - Dráma Gaeilge
Is féidir dráma atá ann cheana, ceann úr a scríobh nó ceann i dteanga eile a aistriú. Caithfear stiúrthóir a bhfuil taithí acu le drámaíocht a fháil agus cúntóir. Is fearr lion na gcarachtar a choinneáil íseal don chéad iarracht. Áit leis an seó a chur ar siúl. Stáitse/cúlra. Is féidir scoileanna meánleibhéal a mhealladh más drama é a bhfuil baint aige leis an gcuraclam scoile. - Bailiúchán Carthanachta
Ceadúnas ó na Gardaí, buicéid bhailiúcháin, nasc le carthanas (baint le Gaelscolaíocht / feachtasaíocht ar son na Gaeilge nó eile), t-léinte deasa geala, áiteanna a shocrú, bricfeasta a shocrú do na bailitheoirí ina dhiaidh, ba chóir ceannairí foirne bailithe a bheith ann ag áiteanna faoi leith le trácht/sluaite daoine ag stiúradh imeachtaí, ba chóir imeachtaí sa lá nó san oíche ina dhiaidh sin a bheith ann; ceol beo/oíche amuigh. - Ceolchoirm
Banna mór le rá le Gaeilge / ceann a chanann amhráin Ghaeilge ar na halbaim Ceol / Raidió Rí-Rá nó ceoltóirí le Gaeilge. Póstaeir. Cinntiú go labhraíonn an banna Gaeilge leis an slua / amhráin as Gaeilge a chanadh má tá siad acu. Bannaí ón gcoláiste / le hamhráin Ghaeilge a chur ar siúl roimh réidh. Is gá ionad, slua mór, beár, slándáil, córas fuaime, is fearr seo a shocrú in ionad a bhfuil siad seo ann cheana. - Céilí
Is gá ionad dó seo, ceol beo más féidir/ nó iPod agus córas fuaime. Ba chóir na damhsaí a bheith ar eolas ag ceannairí ar dtús agus fear/bean an tí craiceáilte a bheith ann chun daoine a spreagadh leis an damhsaí a fhoghlaim a chleachtadh. Bíonn craic dhochreidte ag na himeachtaí seo agus cuireann Damhsa na nDealbh go mór leo (damhsa ina mbíonn ar dhaoine stopadh nuair a stopann an ceol, éiríonn sé níos suimiúla nuair a bhíonn orthu srón le srón agus tuilleadh a dhéanamh!) - Rang do Dhaoine Iasachta / do Mhic Léinn Idirnáisiúnta ('My First Gaeilge’)
Fáilte a chur roimh phobail na n-imirceach nó roimh chumann Erasmus / Fraincise / Spáinnise na hollscoile áitiúil agus baill na craoibhe nó mic léinn meánscoile / ollscoile le Gaeilge a fháil le Gaeilge bhunúsach a mhúineadh dóibh. Is gá leathanach a ullmhú ina mbeadh bunfhrásaí agus litriú foghraíochta ann do na foghlaimeoirí eachtrannacha. Ba chóir deis a thabhairt do na rannpháirtithe í a chleachtadh ag an deireadh, le fear beáir/ceist a chur ar dhuine damhsa a dhéanamh nó rud éigin. Cuireann fear/bean an tí go mór leis, ceisteanna a chur ar dhaoine is duaiseanna do na buaiteoirí. Cuireann méaróga bia/deochanna leis an imeacht go mór. D’fhéadfaí teangacha na rannpháirtithe a mhúineadh do na Gaeil chomh maith!
Imeachtaí Móra
- No Béarla
Feachtas lae nó seachtaine ina spreagtar daoine le Gaeilge a labhairt ar an mbaile/sa scoil áitiúil/go ginearálta don lá/seachtain. Bunaithe ar Throscadh Goal nó mar sin, cláraíonn daoine agus faigheann said síntiúis airgid ó ghaolta/chairde leo leis an éacht a bhaint amach. Téann an t-airgead ar chostas an fheachtais agus chuig carthanacht éigin. Is maith an rud geansaí/t-léine a thabhairt do na rannpháirtithe le gur féidir leo a chéile a aithint. Dul i dteagmháil leis na siopaí/le múinteoirí le Gaeilge a spreagadh uathu sin. - Seachtain na Gaeilge
Seo Seachtain ag tús mhí an Mhárta, nó ceann a oireann do bhur gceantar féin ó thaobh fhéilire phobail de. Cuirtear réimse leathan imeachtaí ar siúl ann agus déantar iarracht an teanga a bheith an-fheiceálach, bríomhar don tréimhse seo. Cuireann oifig Sheachtain na Gaeilge an-tacaíocht ar fáil do chraobhacha ag iarraidh imeachtaí a eagrú mar chuid den fhéile. Tuilleadh eolais: www.snag.ie - Rith
Is féile náisiúnta dhébhliantúil é Rith chun labhairt agus úsáid ghinearálta na Gaeilge a chur chun cinn i measc an phobail. Ceiliúradh cultúrtha i bhfoirm rás sealaíochta atá i gceist leis gach dhá bhliain (thosaigh sé i 2010). Tarlaíonn sé le linn Sheachtain na Gaeilge de ghnáth agus tá an-deis ann don chraobh páirt a ghlacadh trí urraíocht a dhéanamh ar chiliméadar agus/nó trí fháilte a chur roimh an Rith sa cheantar. Tuilleadh eolais: www.rith.ie - Tóg Amach Mé
Bunaithe ar Chlár Tv3 agus ar an gceann Sasanach, ina mbíonn fear nó bean shingil ag iarraidh dul i gcion ar 30 nó mar sin bean/fear eile. Is gá ionad mór ar nós beáir agus fear/bean an tí bríomhar. Caithfear daoine oiriúnacha a roghnú do na rannpháirtithe - daoine gan náire! Ullmhaigh ceisteanna, córas fuaime, córas solas/fuaime/ x ar pháipéar le rá nach bhfuil suim ag daoine. Is fiú brú a chur ar dhaoine cairde a thógáil leo, is fearr go mór a leithéid seo le slua mór. - Bál na Gaeilge/ na nGael
Ócáid fhoirmiúil do lucht na Gaeilge. Ba chóir é a eagrú in óstán nó mar sin le béile agus deochanna agus banna ceoil agus DJ ina dhiaidh. Is féidir dul ar aghaidh go teach tábhairne/club oíche tar éis sin. Ba chóir póstaeir, ticéid a dhéanamh amach, cinntiú go bhfuil na biachláir ar fáil as Gaeilge. Is féidir duaiseanna bliana a bhronnadh ann, don ghnólacht nó don ghrúpa Ghaeilge is fearr b'fhéidir. - Lá Spóirt
Is féidir lá spóirt a eagrú idir ghrúpaí Gaeilge éagsúla sa cheantar; cluiche peile/sacair idir dreamanna éagsúla. Réiteoirí le Gaeilge. Gaeilge amháin ar an bpáirc imeartha, agus cic pionóis i gcoinne aon duine a úsáideann Béarla. Moltar lion áirithe cailíní ar na foirne. Lón do na hiomaitheoirí. Bronnadh na nduaiseanna ina dhiaidh. Is gá smaoineamh ar chúrsaí sláinte aguss sábháilteachta. D’fhéadfaí sraith a chruthú de chluichí. - Turas go dtí Oireachtas na Samhna
Bus, póstaer, lóistín do na mic léinn, amchlár a dhéanamh amach do na baill, daoine a spreagadh le páirt a ghlacadh sna comórtais. Páirt a ghlacadh in oíche na mac léinn/díospóireacht na mac léinn. Cluichí don deireadh seachtaine i measc na mball. Moltar seo go hard na spéire! Tuilleadh eolais: www.antoireachtas.ie - Snámh na hÉireann
Seo turas timpeall na hÉireann ag snámh i ngach contae a bhfuil cósta aige. Níl ann ach 17 gcontae, agus is féidir é a dhéanamh taobh istigh de dhá lá. D’fheadfaí é a dhéanamh ar son carthanachta/na craoibhe don chraic. Is gá mionbhus/cóiste a fháil, bainisteoir turais agus sábháilteachta(nach mbeidh ag snámh, brú/óstán ar cíos don oíche, léarscáileanna agus pleanáil cheart.) Moltar tosú an-luath ar maidin agus an-chuid tuáillí a thógáil!