Freagraí na nIarrthóirí
D'oibrigh Conradh na Gaeilge i gcomhar le grúpaí pobail áitiúla ar fud na tíre chun fóraim ghnímh áitiúla a reáchtáil i ngach contae in Éirinn mar chuid den fheachtas #GaelVóta roimh na toghcháin thuaidh agus theas i mbliana.
D'aontaigh breis ‘s 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta – eagrais phobail agus uile-oileánda, agus na húdaráis mhaoinithe s’acu san áireamh - plean infheistíochta chun breis ‘s 1,175 post a chruthú agus chun tuilleadh deiseanna a sholáthar don phobal leis an nGaeilge a úsáid. D'aontaíomar bearta ionadaíochta a chinnteodh go gcuirfí an plean i bhfeidhm agus go mbeadh ionadaíocht cheart ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag leibhéal Rialtais fosta, agus is ionann iad seo agus Éilimh Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta atá mar bhunús #GaelVóta.
Toghchán an Tionóil ó thuaidh: Déardaoin, 5 Bealtaine 2016
D’iarramar ar gach páirtí polaitíochta agus ar gach iarrthóir i dtoghchán an Tionóil a dtacaíocht oifigiúil a ghealladh do 3 mhóréileamh phobal na Gaeilge ó thuaidh. Tá ceithre pháirtí agus breis ‘s 70 iarrthóir ag tacú le héilimh phobal na Gaeilge ó thuaidh, agus seo a leanas freagraí na bpáirtithe agus na n-iarrthóirí a fuaireamar roimh an toghchán ar 5 Bealtaine 2016:
Freagraí na bPáirtithe Polaitíochta ó thuaidh:
Gliogáil anseo le teacht ar sheasamh na bpáirtithe ar an trí éileamh Gaeilge.
Freagraí na nIarrthóirí Toghcháin ó thuaidh:
Gligeáil ar do rogha toghcheantair thíos le freagraí iarrthóirí an toghcheantair sin a fheiceáil.
Eagraíodh fóraim ghnímh leis na héilimh seo a phlé le déanaí.
Is iad Sinn Féin, SDLP, Pobal Roimh Bhrabús agus Cross-Community Labour Alternative na páirtithe atá ag tacú go hoifigiúil leis na héilimh mar pháirtithe ina n-iomláine go fóill. Tá am go fóill ag iarrthóirí agus ag páirtithe eile a dtacaíocht a thabhairt do na héilimh roimh an toghchán ar 5 Bealtaine 2016.
* Rinneadh teagmháil ar a laghad faoi dhó le gach iarrthóir de réir na sonraí teagmhála a cuireadh ar fáil go poiblí. Gabhann muid leithscéal as aon eolas atá míchruinn mar thoradh air seo, nó más rud é gur fágadh aon iarrthóir ar lár.
** Is féidir le haon pháirtí nó iarrthóir teagmháil a dhéanamh linn ag
*******************************
Olltoghchán ó dheas: Dé hAoine, 26 Feabhra 2016
D’iarramar ar gach páirtí polaitíochta agus ar gach iarrthóir olltoghcháin ó dheas a dtacaíocht oifigiúil a ghealladh do 3 mhóréileamh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Seo a leanas freagraí na bpáirtithe agus na n-iarrthóirí a fuaireamar faoin Aoine, 19 Feabhra 2016, mar eolas duit agus vóta á chaitheamh agat ar 26 Feabhra 2016:
Freagraí na bPáirtithe Polaitíochta ó dheas:
Gligeáil anseo le teacht ar na freagraí ó na páirtithe.
Is féidir teacht ar na tagairtí ar fad a rinne na páirtithe polaitiúla don Ghaeilge & don Ghaeltacht anseo.
Freagraí na nIarrthóirí Olltoghcháin ó dheas:
Gligeáil ar do rogha toghcheantair thíos le freagraí iarrthóirí an toghcheantair sin i dtaobh na n-éileamh a fheiceáil (is féidir gliogáil anseo chomh maith le teacht ar fhreagraí na n-iarrthóirí ar fad).
Cúige Chonnacht
Gaillimh Thiar
Gaillimh Thoir
Maigh Eo
Ros Comáin-Gaillimh
Sligeach–Liatroim
Cúige Laighean
Baile Átha Cliath Láir
Baile Átha Cliath Thiar Meán
Baile Átha Cliath Fhine Gall
Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh
Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh
Baile Átha Cliath – Rath an Dúin
Baile Átha Cliath Theas-Lár
Cuan Bhaile Átha Cliath Theas
Baile Átha Cliath Thiar Theas
Baile Átha Cliath Thiar
Dún Laoghaire
Cill Mhantáin
Loch Garman
Ceatharlach – Cill Chainnigh
Cill Dara Thuaidh
Cill Dara Theas
An Longfort -An Iarmhí
Laois
Lú
An Mhí Thoir
An Mhí Thiar
Uíbh Fhailí
Cúige na Mumhan
Cathair Luimnigh
Luimneach
An Clár
Ciarraí
Tiobraid Árann
Port Láirge
Corcaigh Thoir
Corcaigh Thiar Thuaidh
Corcaigh Thuaidh-Lár
Corcaigh Theas-Lár
Corcaigh Thiar Theas
Cúige Uladh
Dún na nGall
An Cabhán – Muineachán
* Rinneadh teagmháil ar a laghad faoi dhó le gach iarrthóir de réir na sonraí teagmhála a cuireadh ar fáil go poiblí. Gabhann muid leithscéal as aon eolas atá míchruinn mar thoradh air seo, nó más rud é gur fágadh aon iarrthóir ar lár.
** Is féidir le haon pháirtí nó iarrthóir teagmháil a dhéanamh linn ag