Tá an Phicnic Leictreach ar cheann de na buaicphointí is mó ar fhéilire ceoil na bliana in Éirinn, a thugann na mílte duine le chéile le ceol, cultúr agus féiniúlacht a cheiliúradh.
Tugann féiltí ceoil an deis dúinn ár bhféiniúlacht a chur in iúl i mbealach uathúil - agus cad is teanga ann ach do chuid féiniúlachta.
Sa Chollchoill, faoi chlúdach na gcrann agus solas na gealaí, is féidir teacht agus éisteacht le scoth an cheoil i rith an deireadh seachtaine. Sa champa, beidh an Ghaeilge i réim mar phríomhtheanga labhartha le craic, cannaí agus comhluadar i measc Ghaeil na Féile.
Is leatsa do theanga. Bain úsáid asti.