Skip to main content

Tionchar Sheáin Uí Neachtain

Is oth le Conradh na Gaeilge nach mbeidh Seán Ó Neachtain, Feisire Pharlaimint na hEorpa, ag seasamh sna toghcháin i mí an Mheithimh ar chúiseanna sláinte. Thacaigh Seán go láidir leis an bhfeachtas STÁDAS chun stádas oifigiúil agus oibre a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach (AE), agus béim ar leith aige ar chothromaíocht a bhaint amach do lucht labhartha na dteangacha neamhfhorleathana san Aontas fad is a bhí sé ina fheisire sa Pharlaimint Eorpach le seacht mbliana anuas.
 
Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Ní hamháin gur thug Seán Ó Neachtain lántacaíocht d'aidhmeanna STÁDAS ón gcéad lá, ach sheas sé lena bhriathar agus is i nGaeilge amháin a labhair sé os comhair na Parlaiminte Eorpaí tar éis don teanga stádas a bhaint amach san Aontas mar theanga oifigiúil agus oibre.
 
"Thuig Seán go raibh buntáistí fostaíochta sa bhreis ar bhuntáistí cultúrtha ag baint le stádas a bhronnadh ar an nGaeilge le go mbeadh sí  i lár an aonaigh ag leibhéal na hEorpa, agus throid se go dian agus go leanúnach ar son chothrom na Féinne don teanga in institiúidí an Aontais Eorpaigh."
 
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Is mór an trua nach mbeidh Seán ag seasamh don toghchán i mí an Mheithimh ach guíonn muid gach beannacht air féin agus ar a mhuintir agus iad dul i ngleic leis na fadhbanna sláinte a chuir bac air rith arís i mbliana.
 
"Tá súil againn go leanfaidh pé feisire Eorpach a thoghtar le dea-obair Uí Neachtain ar son na Gaeilge, agus go mbainfear úsáid leanúnach as an teanga ag gach leibhéal san Eoraip amach anseo, ionas go gcuirfear lenár bhféiniúlacht, le dlús na bpostanna, agus le stádas na teanga trí chéile."
 
Tuilleadh eolais:
Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
066 7124169  / 087 2901154

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.