Skip to main content

Seachtain na Gaeilge le Energia agus Féile an Earraigh 2024 seolta ag Ard-Mhéara Bhéal Feirste ag ócáid speisialta i Raidió Fáilte

80+ imeacht le titim amach idir 1-17 Márta fud fad Bhéal Feirste mar chuid de Sheachtain na Gaeilge

Bhí seoladh Bhéal Feirste don fhéile Ghaeilge is mó ar domhan ag ócáid speisialta i Raidió Fáilte, áit ar seoladh fosta Féile an Earraigh mar chuid de chomhpháirtnéireacht oifigiúil idir an dá fhéile. Seo anois an dara bliain den chomhghuaillíocht stairiúil idir Chonradh na Gaeilge agus Féile an Phobail chun an dá fhéile a nascadh le chéile ag tús Mhí an Mhárta.

Maireann Seachtain na Gaeilge le Energia agus Féile an Earraigh ó 1-17 Márta agus iarrtar ar an phobal páirt a ghlacadh san fhéile trí fhreastal ar imeachtaí Gaeilge agus an teanga a úsáid, a chleachtadh agus a fhoghlaim le chéile le linn #SnaG24 agus #FAE2024.

Tá dhá mhór-imeacht á reáchtáil ag Seachtain na Gaeilge le Energia agus Féile an Earraigh i mbliana; Ceol Cois Lao, ceolchoirm ollmhór le Bláth na hÓige oíche Shathairn 2 Márta, agus Spraoi Cois Lao, lá teaghlaigh agus spraoi saor in aisce i gCearnóg Theach an Chustaim, Béal Feirste, Dé Sathairn 9 Márta idir 1 - 4 i.n. i gcomhar leis an bhanna ceoil Seo Linn. Tá na himeachtaí seo á reáchtáil a bhuí le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste.

Bhí Ard-Mhéara Bhéal Feirste, an Comhairleoir Ryan Murphy, i láthair chun #SnaG24 a sheoladh i mBéal Feirste. Is iad Gráinne Seoige, Kayleigh Trappe agus Aindriú de Paor na hambasadóirí do Sheachtain na Gaeilge le Energia i mbliana.

Dúirt Brónagh Fusco ó Chonradh na Gaeilge:

“Bhí ócáid thar a bheith speisialta againn le tús oifigiúil a chur leis an chomh-fhéile i mBéal Feirste idir Seachtain na Gaeilge le Energia agus Féile an Earraigh i Raidió Fáilte. Is deis í Seachtain na Gaeilge le Energia don phobal a gcuid Gaeilge a úsáid, a chleachtadh agus a fhoghlaim le chéile. I mbliana, beidh breis agus 80 imeacht Gaeilge á eagrú ag grúpaí pobail ar fud na Cathrach agus beidh deis againn le linn na féile éachtaí na ngrúpaí sin ar fad ó cheann ceann na bliana a aithint agus a cheiliúradh. Tá na grúpaí pobail ag croílár na féile agus ní bheadh ann don fhéile gan an obair iontach a chuireann siad isteach. Lenár bpáirtnéireacht le Féile an Phobail ag dul ó neart go neart, beidh an Ghaeilge chun tosaigh i níos mó imeachtaí ná riamh an Márta seo. Coinnigh súil amach dár ngreamáin teanga a chuireann in iúl go bhfuil ‘Cúpla Focal’, ‘Beagán Gaeilge’ nó ‘Gaeilge Líofa’ ag foireann agus soláthróirí imeachtaí de chuid an dá fhéile. Bain úsáid as do chuid ‘Gaeilge Gach Lá’.”

Dúirt Kevin Gamble, Stiúrthóir le Féile an Phobail a eagraíonn Féile an Earraigh:

“Tá lúcháir mhór ar Fhéile an Phobail ár bpáirtnéireacht le Conradh na Gaeilge a thabhairt chun tosaigh chuig an chéad leibhéal eile. Cruthaíonn an caidreamh iontach seo deiseanna dúinn imeachtaí Gaeilge agus cultúrtha a chur chun cinn agus a fhorbairt, rud a thugann seans dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht cultúir agus teanga shaibhir agus éagsúil atá againn anseo sa chathair. Ag Féile an Earraigh i mbliana, beidh breis agus 150 seisiún ceoil traidisiúnta agus beidh cuid de na ceoltóirí is fearr ar an oiléan seo inár measc, ó Chorcaigh go Gaillimh, Dún na nGall go dtí plúr na gceoltóirí ó dhúiche s’againn féin anseo cois Lao.”

Reáchtáltar féile bhliantúil Sheachtain na Gaeilge le Energia ó 1-17 Márta, le himeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na hÉireann agus timpeall na cruinne. Is féidir teacht ar imeachtaí na féile agus imeachtaí a chlárú ag PEIG.ie. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh na féile ag snag.ie.

Tá Seachtain na Gaeilge le Energia i mBéal Feirste á comhordú ag Conradh na Gaeilge le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, le himeachtaí na féile ar siúl idir 1 agus 17 Márta eagraithe i gcomhar le grúpaí pobail ar fud na Cathrach. Cuireadh tús leis an bhféile in 1902.

X: #SnaG24 @SnaGaeilge & @CnaG | #FAE2024 @FeileBelfast
Instagram: @snagaeilge & @cnagaeilge | @feile_belfast

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.