Skip to main content

‘Gradam an Uachtaráin’ bronnta ar Mháirín Ní Ghadhra ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2024

Gradam d’Oibrí Deonach Náisiúnta na bliana bronnta ar Bhreandán Ó Cathasaigh

Bronnadh Gradam an Uachtaráin ar Mháirín Ní Ghadhra, craoltóir aitheanta RTÉ Raidió na Gaeltachta agus láithreoir le TG4, ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge Dé hAoine, 23 Feabhra 2024. Bhí an Ard-Fheis ar siúl in Óstán Carlton, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15. Duais bhliantúil is ea é ‘Gradam an Uachtaráin’ a bhronntar ar dhuine ar leith a bhfuil éachtaí déanta acu ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.  

Cuireadh tús le hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge le hÓráid an Taoisigh, tugtha ag an Aire Stáit Jack Chambers, TD, ar a shon. Ina dhiaidh sin, bhí plé painéil agus cainteanna eile. Dé Sathairn, 24 Feabhra 2024, rinneadh rúin a phlé agus toghadh Uachtarán agus Coiste Gnó don bhliain 2024/25. 

ÓRÁID AN TAOISIGH

Thug an tAire Stáit Jack Chambers TD Óráid an Taoisigh, Leo Varadkar, Dé hAoine 23 Feabhra 2024 mar chuid d’Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge. Ina dhiaidh sin, cuireadh Plé na hArd-Fheise i láthair le hionadaithe ó pháirtithe polaitiúla i láthair ar an phainéal. ‘I dTreo Toghchán: Éilimh Phobal na Gaeilge & na Gaeltachta’ a bhí mar théama ar an phainéal cainte. 

GRADAM OIBRÍ DEONACH NÁISIÚNTA

Bronnadh Gradam d’Oibrí Deonach Náisiúnta na bliana ar Bhreandán Ó Cathasaigh, a bhí ina Chathaoirleach ar an ógeagraíocht Ógras. Bhronn Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin, an dá ghradam oíche Shathairn na hArd-Fheise, 21:00. 

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin:

“Is mór an onóir dom féin agus do Chonradh na Gaeilge an gradam speisialta seo a bhronnadh ar Mháirín Ní Ghadhra. Tá croí Mháirín curtha isteach aici san iriseoireacht, sa chraoltóireacht agus sa teanga ar feadh na mblianta, agus ba mhaith linn aitheantas a thabhairt di as an obair ar fad atá déanta aici. Is cara mór le Conradh na Gaeilge í Máirín, agus tá a cuid ama, a cuid fuinnimh agus a cuid talainne tugtha go fial flaithiúil aici dúinn i gcónaí. As sin, táimid thar a bheith buíoch di agus is féidir liom a rá nach bhfuil duine ar bith gur bhfearr liom an onóir seo a bhronnadh orthu i mbliana. Bhí Ard-Fheis thar a bheith speisialta againn agus gabhaim buíochas ó chroí le craobhacha agus le baill an Chonartha as ucht a gcuid oibre agus a dtacaíocht le bliain anuas.”

Dúirt Máirín Ní Ghadhra:

“Tá mé thar a bheith buíoch as an aitheantas a thugann an gradam seo dom, cé go ndéarfainn féin nach ndearna mé aon rud ar leith riamh seachas mo theanga dhúchais a labhairt agus an oiread de mo shaol agus ab fhéidir a reáchtáil tré mheán na teanga sin. Tá an t-ádh dearg orm gur rugadh agus gur tógadh sa nGaeltacht mé agus go bhfuair mé deis mo chlann féin a thógáil ina croílár. Sin deis a ba cheart, ar ndóigh, a bheith ag 'chuile dhuine beo sa tír seo.”

  RRP_10305_0891.jpeg

RRP_10305_0921.jpeg

RRP_10305_1006.jpeg

RRP_10305_0947.jpeg

TUILLEADH EOLAIS

Is féidir teacht ar chlár iomlán na hArd-Fheise, ar na rúin agus tuairiscí ón eagraíocht anseo.

X: #AFCnaG @CnaG 

Instagram: #AFCnaG @cnagaeilge

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.