Skip to main content

Tús curtha inniu le dúshlán cúirte i mBéal Feirste agus cónaitheoir ag cur i gcoinne iarrachtaí Chomhairle Buirge Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon cosc a chur ar chomhartha sráide dátheangach

Cuireadh tús maidin inniu, Luan 29 Eanáir 2024, leis an chéad chéim den aistear dlí i gcás cónaitheora i gcoinne Chomhairle Buirge Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon (Comhairle ADC), Comhairle áitiúil a dhiúltaigh iarratas bailí do chomhartha sráide dátheangach.

IMG 1951

 

Is é an Breitheamh Onórach McAlinden atá i gceannas as ar chás. Bhain réamh-éisteacht an lae inniu le caipéisí a shocrú. Bhronn an Breitheamh tuilleadh ama ar fhoireann dlí Chomhairle ADC chun gur féidir leo caipéisí s’acu a ullmhú nó a aontú don chás. Agus an t-iarratas don chomhartha sráide á mheas ag an Chomhairle ag an am, reachtáladh gach cruinniú coiste agus comhairle ‘faoi rún’, rud a fhágann go bhfuil go leor tuairiscí agus miontuairiscí ó na cruinnithe sin faoi dhiscréid. 

 

Tiocfaidh an cás os comhair na hArd-Chúirte arís Déardaoin 7 Márta ag 9.30am, áit a mbeidh tuilleadh plé ar chaipéisíocht sula mbíonn éisteacht ann maidir le ‘cead’ cúirte a aontú don athbhreithniú breithiúnach é féin.

 

Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide le Conradh na Gaeilge:

 

“Inniu thóg muid an chéad chéim in aistear cúirte atá thar a bheith súntasach, siombalach agus tábhachtach maidir le cosaint agus cur chun cinn na teanga ó thuaidh. Sa chás áirithe seo, bhí an t-iarratas a rinneadh iomlán bailí de réir rialacha agus polasaí na Comhairle féin. Ba cheart gur glacadh leis gan cheist. Feictear dúinn go raibh sé millteanach éagórach agus leatromach, mar sin, don Chomhairle an t-iarratas sin a dhiúltú. Déanann sé an cás níos measa gur diúltaíodh é faoi rún agus nach raibh aon mhíniú sásúil ag Comhairleoirí maidir leis an chinneadh sin. Nuair a rinneadh suirbhé ar an tsráid féin de réir rialacha na Comhairle, thacaigh 64 cónaitheoir leis an iarratas. Níor vótáil ach 3 i gcoinne. Ba cheart, de réir ionchas dlisteanach an phobail, go mbeifear ag súil leis go ndéanfadh an Chomhairle beart de réir a gcuid polasaithe faofa féin, gan bhac agus le hintinn mhaith.”

 

Dúirt Gavin Booth, Phoenix Law:

 

“Cuireann muid fáilte roimh ghníomh gásta na Cúirte chun an cás seo a bhainstiú ar an dóigh seo agus chun ceann scríbe a bhaint amach gan mhoill. Tá muid anois ag súil le freagra cuimsíteach ó Chomhairle Buirge Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon chun gur féidir imeachtaí na Cúirte a thabhairt chuig an chéad chéim eile.”

 

Nótai maidir le mionsonraí an cháis seo:

https://cnag.ie/en/news/1803-judicial-review-proceedings-launched-as-armagh,-banbridge-and-craigavon-borough-council-refuse-to-approve-a-bilingual-street-sign.html 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.