Skip to main content

Ré Nua Rí-Rá do Chairtstáisiún na Gaeilge

Foireann ag Raidió Rí-Rá ag dul i líon agus forbairtí móra i ndán don stáisiún raidió i 2024

Tá Clár Reachtaire agus Bainisteoir Margaíochta lánaimseartha fostaithe ag an gcairtstáisiún raidió Gaeilge don aos óg, Raidió Rí-Rá. Céim shuntasach í seo don stáisiún a bhfuil sé mar aidhm aige seribhís náisiúnta ar FM a sholáthar do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge. Beidh na fostaithe nua ag obair i gcomhair le Bainisteoir an Stáisiúin, Emma Ní Chearúil, le sceideal an stáisiúin a fhorbairt; ceardlanna scoile a reáchtáil; agus seirbhís nuachta a sholáthar. Tá an dá ról maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Go dtí seo, ní raibh ach fostaí amháin - Bainisteoir an Stáisiúin - ag obair ar bhonn lánaimseartha le Raidió Rí-Rá a stiúradh. Cuideoidh an fhorbairt nua seo le seirbhís níos iomláine a chur ar fáil ar an ardán digiteach reatha atá á sholáthar ag rrr.ie, chomh maith leis an bhfeachtas leanúnach FM Raidió Rí-Rá a chur chun cinn.

An tseachtain seo, chuir Raidió Rí-Rá fáilte roimh Bhainisteoir Margaíochta Aisling Ní Dhonnabháin (Eco Laoch, Cúla4) agus Clár Reachtaire Jade Buttle (Beat FM) a bheidh ag teacht isteach sa dá ról nua.

Dúirt Emma Ní Chearúil, Bainisteoir Raidió Rí-Rá:

“Is tréimhse iontach é seo don stáisiún. Is deas a bheith páirteach i dtogra atá ag forbairt agus atá ag dul i bhfeabhas i gcónaí. Tá spreagadh úr ann anois go bhfuil foireann iomlán ag díriú ar na spriocanna leanúnacha atá againn a bhaint amach. De bharr gurb é seo an chéad uair don stáisiún foireann lánaimseartha bhreise a fhostú, tá deis againn cultúr agus stíl chraoltóireachta ar leith a chothú sa stiúideo agus ar an aer. Táimid ag súil go mór leis na dúshláin agus buaiceanna ar fad atá romhainn i mbliana.

Tá craoltóirí deonacha fós ag croílár an stáisiúin agus tá súil againn go mbeidh muid anois in ann seirbhís traenáil níos cuimsithí a sholáthar dóibh, le go mbeidh an chéad ghlúin eile de chraoltóirí na Gaeilge á bhforbairt againn anseo sa stiúideo.”

Anuraidh, d’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann taighde ina raibh béim ar spéis na n-éisteoirí níos óige i rogha níos leithne a bheith acu maidir le hábhar fuaime Gaeilge. Údar dóchais a bhí ann do chraoltóireacht na Gaeilge a léirigh go bhfuil bearna ann do stáisiún raidió Gaeilge do dhaoine óga ar FM. Cabhróidh an maoiniú breise seo ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le Raidió Rí-Rá an bearna seo a líonadh.

Ag labhairt inniu, dúirt Traic Ó Braonáin, Cathaoirleach Raidió Rí-Rá:

“Léiríonn na figiúirí go bhfuil suim ag daoine óga i gcláracha agus i seirbhís raidió, agus go bhfuil spéis acu tuilleadh ábhair a chloisteáil atá feiliúnach dá n-aoisghrúpa féin, a sainspéiseanna agus a bhaineann le hábhair agus le ceol a thaitníonn leo féin. Tá Raidió Rí-Rá ar fáil cheana féin ar bhonn lánaimseartha ar líne, agus táimid ag dúil leis an tseirbhís sin a fhorbairt agus a chur ar ardán FM le freastal ar an éileamh seo. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as a gcuid tacaíochta agus as an deis nua forbartha seo a sholáthar dúinn.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.