Skip to main content

Tús curtha le hAthbhreithniú Breithiúnach agus cosc curtha ag Comhairle Buirge Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon ar chomhartha sráide dátheangach

Sháraigh cónaitheoirí i gCnoc Chois Coille na constaicí agus tairseacha ar fad laistigh den pholasaí dian, ach fós dhiúltaigh an Chomhairle don iarratas.

Cuireadh tús le himeachtaí um Athbhreithniú Breithiúnach in éadan Chomhairle Buirge Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon (ADC) i ndiaidh dóibh diúltú d’iarratas ar chomhartha sráide dátheangach i gCnoc Chois Coille i bPort an Dúnáin, d’ainneoin gur sháraigh na cónaitheoirí gach tairseach agus gur lean siad gach nós imeachta de chuid na Comhairle.

Faoi chritéir nós imeachta na Comhairle dá bpolasaí sráidainmneacha, is gá go mbeadh achainí ó 33% de chónaitheoirí in éineacht le hiarratas ar bith agus tá ar a laghad 66%+ (⅔+) de thacaíocht de dhíth ó chónaitheoirí ar an chlár toghthóirí i suirbhé sráide na Comhairle. Glactar leis muna dtugann cónaitheoir freagra ar an suirbhé poist go bhfuil an cónaitheoir sin in éadan an iarratais. Cuireadh an t-iarratas, in éineacht leis an achainí 33%, isteach i mí Mheán Fómhair 2022 agus thóg sé 6 mhí sula ndearna an Chomhairle an suirbhé sráide i mí Eanáir 2023.

D’ainneoin an mhoill shuntasach agus na tairseacha dochosanta laistigh den pholasaí, d’éirigh leis an iarratas an tacaíocht chuí a fháil agus measadh go raibh an t-iarratas báillí, le ar a laghad 64 cónaitheoir ag caitheamh vóta ar son an iarratais agus 3 ina éadan. Nuair a cuireadh an t-iarratas os comhair Choiste Pleanála ADC ar an 4ú Deireadh Fómhair 2023, breis is bliain ar aghaidh ó rinneadh an t-iarratas, diúltaíodh don iarratas. Seasadh thar an chinneadh seo ag cruinniú iomlán de chuid na Comhairle ar an 23ú Deireadh Fómhair 2023 ar vóta de 19-21.

I rith an phróisis seo ar fad, coinníodh imeachtaí agus cinntí a bhain leis an iarratas seo go hiomlán faoi rún, faoi ghnó rúnda na Comhairle. Níor tugadh aon eolas nó míniú maidir le cad chuige a raibh an próiseas déanta cinntí ag tarlú ar chúla téarmaí.

Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Cearta Teanga le Conradh na Gaeilge:

“Tá ról lárnach le himirt ag comhairlí áitiúla i gcosaint agus i gcur chun cinn na Gaeilge agus tá coimitmintí ar leith acu faoin dlí agus treoir idirnáisiúnta. Is údar mór frustrachais dúinn é go ndearna Comhairle Buirge Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon (ADC) neamhaird ar a bhfreagrachtaí, ní hamháin trí ghlacadh le polasaí atá go hiomlán in éadan mholtaí agus threoir na Cairte Eorpaigh agus na Náisiún Aontaithe, ach trí bac leanúnach a chur ar iarratas báillí ó chónaitheoirí Chnoc Chois Coille.”

“Chaith tromlach na gcónaitheoirí vóta ar son an iarratais, ag sárú gach tairseach agus constaic. Bhí seo ar an chéad iarratas báillí i gcomhairle ADC agus níl sa diúltú seo ach sampla eile den stair fhada de mhoill, dhiúltú agus shéanadh ó na páirtithe sin, go háirithe an DUP agus UUP, a leanann orthu ag cur bac ar chearta teanga.”

“Is ionchais réasúnta é go gcomhlíonfaidh comhairlí áitiúla a bpolasaithe féin, go háirithe nuair a leanadh gach nós imeachta agus saraíodh gach tairseach sna polasaithe sin. Cé gur mór an trua é gur gá do chónaitheoirí anois dul chun na cúirte, tá muid ag dúil go mór le tacú leis an chónaitheoirí san Athbhreithniú Breithiúnach.”

Dúirt an t-iarratasóir, Iris Hagan:

“Bhí díomá an domhain orainn agus cuireadh lagmhisneach orainn nuair a fuair muid amach gur dhiúltaigh an Chomhairle d’ár n-iarratas ar chomharthaíocht shráide. Mar sheantuismitheoir le garpháistí atá líofa sa Ghaeilge agus atá ag freastal ar an Ghaelscoil áitiúil, ní fheicim comharthaíocht dhátheangach ach mar dheis chun ár bpobal éagsúil a shaibhriú.

D’oibrigh muid go crua ar an iarratas seo, ag dul ó dhoras go doras, ag cur ar chónaitheoirí freagra a thabhairt ar an suirbhé. Bhí muid dóchasach ó na comhráite a bhí againn ar na doirse go n-éireodh leis an iarratas agus go mbeadh muid ar an chéad sráid sa cheantar comhairle le comhartha dátheangach a bhaint amach. Ar an drochuair, tá an chuma ar an scéal gur obair in aisce a bhí i gceist.”

Dúirt Gavin Booth ó Phoenix Law:

“Tá cinneadh na Comhairle ADC diúltú don iarratas ar chomharthaíocht dhátheangach i gCnoc Chois Coille i bPort an Dúnáin ag teacht go hiomlán salach ar bharúlacha thromlach na gcónaitheoirí. Bhí gach mír de nós imeachta na Comhairle ag plé leis an iarratas seo go hiomlán faoi rún agus tá muid den tuairim nach bhfuil aon réasún taobh thiar de seo. Ag an staid seo, níor tugadh aon mhíniú maidir leis an fháth ar ghlac comhairleoirí an cinneadh na cruinnithe seo a dhéanamh faoi rún, nó cad chuige nár chomhlíon siad an dlí agus mianta na gcónaitheoirí.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.