Skip to main content

Gaeilge Labhartha i gCúirteanna Bhéal Feirste agus Conradh na Gaeilge ag cur i gcoinne an Choimisinéara Faisnéise faoi dhiúltú Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste cáipéisí dlí a bhaineann le Comharthaíocht Dhátheangach Olympia a nochtadh

Cuireann finnéithe pobail iad féin i láthair trí Ghaeilge i gCúirteanna Bhéal Feirste don chéad uair, creidtear

— ach tá cosc ar an Ghaeilge i gcáipéisí cúirte fós agus dlí 1737 fós i bhfeidhm

Tháinig Conradh na Gaeilge agus roinnt finnéithe ó phobal na Gaeilge os comhair Binse sna Cúirteanna i mBéal Feirste inniu, Dé Luain 15 Eanáir 2024. Bhí an cás le titim amach i Lúnasa 2023, ach cuireadh siar é chun go bhféadfaí tuilleadh fianaise a bhailiú agus le ligean do Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste teacht i láthair mar pháirtí sa chás.

Rinne an cás, a thóg Conradh na Gaeilge, le tacaíocht ón Tionscadal PILS, agus le hionadaíocht ón CAJ (Coiste um Riar an Chirt), agóid i gcoinne cinneadh a ghlacrinne Comhairle Cathrach Bhéal Feirste comhairle dlí a fuair siad a choinneáil faoi rún. Sheas an Coimisinéir Faisnéise leis an chinneadh sin agus diúltaíodh an tuairim dhlí sin a nochtadh. Bhí an tuairim dlí de dhíth mar thoradh ar mheéicníocht a d’úsáid an DUP cinneadh a faomhadh sa chomhairle maidir le comharthaíocht dhátheangach i Sólann Olympia i nDeisceart na Cathrach a “glaoch isteach”. Is é an tuairim a cuireadh chun tosaigh sa Chomhairle Dlí sin go raibh an tairseach chuí bainte amach ag an DUP agus gur cuireadh an rún iomlán ar athló. Cuireadh in iúl sa chaipéis go bhféadfadh comharthaí dátheangacha “dochar díréireach” a dhéanamh do “sciar amháin de mhuintir an cheantair”. Níor foilsíodh aon chuid den réasúnú a bhí taobh thiar de na tuairimí sin. Ina dhiaidh sin, dhiúltaigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste an tuairim dhlíthiúil seo a nochtadh tar éis iarratas Saorála Faisnéise ó Chonradh na Gaeilge.

Inniu, chuir baill de phobal na Gaeilge, Claire Donnelly, Príomhoide Scoil an Droichid, Seán Ó hEacháin, Ceann Roinne na Gaeilge i gColáiste Feirste, Eoghan Ó Gormaile, Oibrí Pobail i nGlór na Móna, agus Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Chearta Teanga Chonradh na Gaeilge iad féin i láthair trí mheán na Gaeilge lena ráitis tosaigh. Is dócha gurb é seo an chéad uair a d’úsáid finnéithe an Ghaeilge go hoifigiúil sna Cúirteanna i mBéal Feirste ó tugadh isteach an tAcht um Riarachán Ceartais (Teanga) in 1737. Tá foráil reachtúil san Acht Teanga agus Féiniúlachta (2022) de chuid Westminster, chun an cosc sin ó 1737 sin a aisghairm, ach níl an chuid seo den reachtaíocht curtha i bhfeidhm go dtí seo.

Níor tugadh aon bhreithiúnas inniu ach táthar ag súil leis an breithiúnas deiridh sin laistigh de 3 seachtaine.

Ag labhairt taobh amuigh den Chúirt, dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Chearta Teanga le Conradh na Gaeilge:

“Bhí an-díomá orainn nuair a lean an DUP ar aghaidh leis an bhac fada a chuir siad ar chearta na Gaeilge agus iad anois ag cur i gcoinne na comharthaíochta dátheangaí san Ionad Fóillíochta in Olympia. Nuair a fuarthas amach gur bhain an tuairim dhlíthiúil atá faoi chaibidil sa chás seo an tairseach amach a thugann le fios go bhféadfadh comharthaíocht dhátheangach “dochar díréireach” a dhéanamh do “sciar amháin de mhuintir an cheantair”, d’iarr muid cóip láithreach trí Iarratas um Shaoráil Faisnéise. Dhiúltaigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste na caipéisí sin a nochtadh. Chuir an tuairim dhlíthiúil sin vóta a caitheadh ar son na comharthaíochta (12vs6) roimhe sin ar ceall.

“Tá tionchar tromchúiseach ag an tuairim dhlíthiúil seo ar an phobal, agus mar gheall go bhfuil Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ag diúltú an tuairim sin a fhoilsiú, tá siad ag cur bac ar an phobal na critéir agus an réasúnaíocht a fheiceáil agus a scrúdú. Creidimid, i bhfianaise an phlé leanúnaigh ar an tsaincheist seo, agus na díospóireachta níos leithne faoi chearta teanga, gur cheart go mbeadh an tuairim dhlíthiúil ar a mbunaíodh beartas na Comhairle trédhearcach agus oscailte do ghrinnscrúdú agus do dhúshlán. Tá súil againn, tríd an chás seo, gur féidir linn filleadh ar chultúr oscailteachta agus trédhearcachta, agus go mbeidh teacht ag íocóirí rátaí ar na caipéisí agus ar na cinntí dlíthiúla ar fad a bhaineann lena leo féin."

Ba mhaith le Conradh na Gaeilge buíochas a ghabháil le PILS as a dtacaíocht leanúnach, agus le CAJ as a dtreoir leanúnach san fheachtas seo agus i bhfeachtais eile. Bhí an éisteacht ar siúl Dé Luain 15 Eanáir ar 10:00 ag: Ionad Éisteachta Binse, Urlár 2, Cúirteanna Breithiúnais Ríoga, Sráid Chichester, Béal Feirste. BT1 3JF.

TEAGMHÁIL:

Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Chearta Teanga
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

202 Bóthar na bhFál, BT12 6AH

MEÁIN SHÓISIALTA:

X: @cnag / Instagram @cnagaeilge

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.