Skip to main content

Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge le Energia 2024 fógartha ag seoladh speisialta i mBaile Átha Cliath inniu

Gráinne Seoige, Kayleigh Trappe agus Aindriú de Paor ainmnithe mar ambasadóirí #SnaG24 agus 50 lá le dul go tús na féile

Tá ambasadóirí oifigiúla Sheachtain na Gaeilge le Energia fógartha inniu ag seoladh i dTeach an Ard-Mhéara, Sráid Dásain, Baile Átha Cliath. Fógraíodh gurb iad Gráinne Seoige, Kayleigh Trappe agus Aindriú de Paor na hambasadóirí ag painéal cainte san ardchathair.

Láithreoir agus iriseoir í Gráinne Seoige, arbh as an Spidéal ó dhúchas di. Réalta TikTok í Kayleigh, arbh as contae Mhuineacháin ó dhúchas di is a bhfuil lucht leanúna mór tógtha aici le blianta beaga anuas. Is láithreoir raidió é Aindriú de Paor, fear Thiobraid Árann ag obair le RTÉ 2FM, RTÉ Sport agus Spórt TG4.

Ag an bpainéal cainte speisialta inniu, labhair na hambasadóirí faoina dtaithí leis an Ghaeilge go dtí seo agus na bealaí a bheidh siad ag baint úsáid aisti le linn na féile agus i rith na bliana. Bhí Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Daithí de Róiste, i láthair do sheoladh ambasadóirí #SnaG24.

Dúirt Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge le Energia, Gráinne Seoige:

“Gan ach 50 lá le dul go Seachtain na Gaeilge le Energia 2024, tá sé le feiceáil go bhfuil spiorad na féile láidir agus go bhfuil spreagadh ann le go mbeidh féile na bliana seo bríomhar agus cumhachtach. Tá mé ag súil go mór leis na himeachtaí ar fad a bheidh ar siúl le linn na féile a fheiceáil agus guím ádh mór ar na grúpaí go léir ag eagrú ina treo sa 50 lá romhainn!”

Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia ag an seoladh inniu:

“Is mór an pléisiúr dúinn ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge le Energia a fhógairt inniu, agus táimid an-shásta gur triúr ambasadóirí iontacha atá linn i mbliana. Tá scéalta thar a bheith suimiúil ag an triúr acu leis an nGaeilge, agus beidh siad ag roinnt na scéalta seo agus iad ag cur an Ghaeilge chun cinn ar ardáin náisiúnta agus idirnáisiúnta idir 1-17 Márta 2024.

Táimid ag tnúth go mór le himeachtaí a fheiceáil sa phobal, sa Ghaeltacht, ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin le linn na féile. Deis í Seachtain na Gaeilge le Energia do ghrúpaí agus do phobail fud fad na hÉireann an Ghaeilge a úsáid, a chleachtadh agus a fhoghlaim le chéile.”

Tá moltaí curtha le chéile ag foireann na féile ionas gur féidir leis an bpobal iad fhéin a ullmhú i dtreo na féile sa 50 lá idir anois agus tús Seachtain na Gaeilge le Energia 2024. Is féidir na moltaí seo agus breis eolais faoin bhféile a fháilt ar snag.ie

Seolfar Seachtain na Gaeilge le Energia go hoifigiúil sa phobal san ionad siopadóireachta i mBaile Bhláinséir ar an Satharn, 24 Feabhra 2024 ag 14:00. Reachtáltar an féile bhliantúil ó 1-17 Márta, le imeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na hÉireann agus timpeall na cruinne.

Tá Seachtain na Gaeilge le Energia á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge agus tá an fhéile maoinithe ag Foras na Gaeilge.

RRP 102575 0211

TEAGMHÁIL

Orlaith Nic Ghearailt 
Bainisteoir, Seachtain na Gaeilge le Energia 
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Caolán Mac Grianna 
Feidhmeannach Cumarsáide, Conradh na Gaeilge 
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Grianghraif le Robbie Reynolds Photography

X: #SnaG24 - @snagaeilge, @CnaG, @EnergiaEnergy 
IG: #SnaG24 - @snagaeilge, @cnagaeilge, @energiaireland

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.