Skip to main content

Céim shuntasach chun cinn i bhforbairt 6 Sráid Fhearchair

Tá Conradh na Gaeilge, Oifig na nOibreacha Poiblí agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le dul i gcomhpháirtíocht chun athfhorbairt cheannáras 6 Sráid Fhearchair a thabhairt chuig an gcéad chéim eile.

Ag cur fáilte roimh an gcomhpháirtíocht fógartha inniu, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin:

“Mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge cuirim an-fháilte roimh an gcomhpháirtíocht fógartha inniu idir Oifig na nOibreacha Poiblí, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Conradh na Gaeilge le hUimhir 6 a fhorbairt mar lárionad Ghaeilge chathair Bhaile Átha Cliath. Táimid ag súil le lárionad dinimiciúil, nuálaíoch a sholáthróidh réimse mór seirbhísí do phobal na Gaeilge, agus dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa teanga agus go mbeidh stair an fhoirgnimh fhéin fite fuaite san eispéireas a chuirfear ar fáil don phobal amach anseo.”

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.