Skip to main content

Halla na Cathrach Béal Feirste le lasadh glas mar chuid d’imeacht speisialta chun 130 bliain de Chonradh na Gaeilge a chéiliúradh

 Ard-Mhéara Bhéal Feirste, Ryan Murphy, i measc aíonna speisialta ar an oíche i mBéal Feirste, 31 Iúil 2023

Bunaíodh Conradh na Gaeilge ar an 31 Iúil 1893. Oíche Luain, 31 Iúil 2023 beidh Conradh na Gaeilge agus a chuid cairde ag ceiliúradh 130 den eagraíocht ag ócáid speisialta i mBéal Feirste. 

Dúirt Cuan Ó Seireadáin, Coimeádaí Chonradh na Gaeilge:

“Tá an-áthas go deo orainn an deis a bheith againn chun teacht le chéile i Halla na Cathrach i mBéal Feirste, chun ceiliúradh a dhéanamh ar obair Chonradh na Gaeilge. Bunaíodh an eagraíocht athbheochana Gaeilge iolrach thras-phobail seo ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath 130 bliain ó shin agus tá a rian fághta aici ar ghach gné de shaol na tíre ó shin. Léiríonn cartlann na heagraíochta agus taighde na staraithe an tionchar cinniúnach a bhí ag baill agus ag fostaithe an Chonartha ar stair na hÉireann agus ar scéal na Gaeilge, a bhí go mór faoi bhaol tráth a bunaithe. Tá súil againn go bhfaighfidh gach duine a fhreastalaíonn ar an ócáid tuiscint ar an scéal ionsparáideach sin, chomh maith le léargas ionsparáideach ar obair reatha Chonradh na Gaeilge.”

Ag labhairt faoin chéiliúradh 130 Bliain, dúirt Paula Melvin, Uachtarán le Conradh na Gaeilge:

“Is deis iontach é an ceiliúradh 130 bliain súil siar a chaitheamh ar an mhéid atá bainte amach againn mar eagraíocht, ar na daoine agus ar na díograiseoirí a tháinig romhainn, ar na dúshláin a sháraigh muid agus ar na ceisteanna móra atá fós le freagairt againn. Gabhaim buíochas ó chroí le gach duine a thacaigh linn síos fríd na blianta, le craobhacha agus le baill na heagraíochta, le foireann agus le ceannasaíocht na heagraíochta, agus leis an phobal a thacaíonn lenár gcuid iarrachtaí i rith an ama. Cuimnimís freisin orthu siúd a thug an bladhaire ar aghaidh ach nach maireann, go háirithe iad siúd a fuair bás le dornán beag blianta anuas. Ag ócáidí mar seo bíonn deis againn go léir súil a chaitheamh chun cinn agus fís a leagan amach ar an chineál sochaí atá uainn sa chéad tréimhse eile, agus an ról a bheas ar Chonradh na Gaeilge an teanga a bhrú chun tosaigh le linn an ama sin.”

Ar an oíche, beidh ceol ann le Piaras Ó Lorcáin, Bláithín Mhic Cana agus Lauren Ní Néill agus beidh ábhair ar taispeáint ó chartlann Chonradh na Gaeilge, mar aon le píosa drámaíochta le Conor Torbóid. Tabharfaidh an tArd-Mhéara i mBéal Feirste, Ryan Murphy, an phríomhóráid. Chomh maith leis sin, lasfar Halla na Cathrach i ndathanna an Chonartha mar chomhartha comhghairdis. Tosaíonn an imeacht ag 7pm agus is féidir clárú trí rphost a chuir chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.