Skip to main content

Tús curtha le Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge i nGaoth Dobhair

Idir bhaill craobhacha agus daoine sa phobal tagtha le chéile i nDún na nGall don tionól bliantúil

Tá daoine ó fud fad na tíre tagtha le chéile i nGaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall don deireadh seachtaine romhainn, áit a bhfuil tús oifigiúil curtha le Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2023. Filleann an Tionól ar an chontae don chéad uair ó bhí 2019 ann, nuair a óstáladh an ócáid i dTeileann i ndeisceart Dhún na nGall. 

Mar chuid den Tionól, cuirfear i láthair Seimineár Éire Nua agus an Ghaeilge, a dhíreoidh isteach ar cheist na Gaeltachta in Éirinn Aontaithe. I measc chainteoirí an tSeimineáir, labhróidh an ceoltóir iomráiteach, Mairéad Ní Mhaonaigh; Dr. Niall Comer ó Chomhaltas Uladh; an múinteoir agus údar, Dr. Seosamh Ó Ceallaigh; chomh maith le mac léinn Ollscoil na Ríona, Naoise Mac Cathmhaoil. Beidh Áine Ní Bhreisleáin mar chathaoirleach ar an ócáid, a bheidh ar siúl Dé hAoine 8:00i.n. in óstán An Chúirt, Gaoth Dobhair. 

Ag labhairt faoin ócáid, dúirt Michaeline Donnelly, Tánaiste Chonradh na Gaeilge:

“Is deis speisialta an Tionól Gaeltachta dúinn le baill an Chonartha agus pobal na Gaeilge agus Gaeltachta a thógáil le chéile sa Ghaeltacht. Is mian liom buíochas a ghabháil le Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, le muintir Ghaoth Dobhair i gcoitinne agus le foireann an Chonartha a d’oibrigh go dian chun an Tionól a eagrú an athuair i mbliana do 2023. Táimid ag súil go mór bualadh le seanchairde agus le cairde úra le linn an deireadh seachtaine. 

Beimid ag cur tús leis an Tionól i dTeach Jack ar an Ghlaisigh oíche Dhéardaoin 8:30i.n. le Fáiltiú agus Oscailt Oifigiúil, chomh maith le seisiún ceoil le ceoltóirí áitiúla ón Chrannóg. Is mian liom cuireadh a thabhairt don phobal áitiúil a bheith linn ag an oscailt agus ag imeachtaí uile an Tionóil trí chéile.”

Dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga MPTIT:

“Táimid ag súil go mór le fáilte a chur roimh ár gcuairteoirí uilig chuig Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge agus le háilleacht an cheantair agus saibhreas teanga agus chultúr Ghaoth Dobhair a thaispeáint daofa. Cuireann an Tionól Gaeltachta leis an obair atá ar siúl againn agus is léiriú é ar an bhuntáiste atá againn mar phobal Gaeltachta le pobal na Gaeilge a mhealladh chuig an cheantar. Ba mhaith liom fosta, fáilte a chur roimh an phobal áitiúil chuig na himeachtaí uilig atá ar siúl thar an deireadh seachtaine mar chuid den Tionól.” 

Tá gach eolas fá imeachtaí an Tionóil Ghaeltachta ar fáil ag cnag.ie/tionól

TEAGMHÁIL:

Pádraig Ó Foghlú, Feidhmeannach Ballraíochta agus Oideachais
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 6 Sráid Fhearchair, BÁC2

Caolán Mac Grianna, Feidhmeannach Cumarsáide
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 6 Sráid Fhearchair, BÁC2

Ar líne: Twitter @cnag / Instagram @cnagaeilge

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.