Skip to main content

‘An Ghaeltacht in Éirinn Aontaithe’ mar théama ag seimineár Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge anocht i nGaoth Dobhair

Tagann an phlé mar chuid den tsraith ‘Éire Nua agus an Ghaeilge’

Reáchtálfar seimineár dar teideal An Ghaeltacht in Éirinn Aontaithe in óstán An Chúirt, Gaoth Dobhair ag 8:00i.n. anocht mar chuid de Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2023.

I measc chainteoirí an tSeimineáir, labhróidh an ceoltóir iomráiteach, Mairéad Ní Mhaonaigh; an múinteoir agus údar, Dr. Seosamh Ó Ceallaigh; Naoise Mac Cathmhaoil agus Eoghan Ó Garmaile, chomh maith le hÁine Ní Bhreisleáin a bheidh mar chathaoirleach ar an ócáid.

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge:

“Tá sé beartaithe againn sa seimineár seo scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí agus na himpleachtaí a bheidh ann don Ghaeltacht agus don Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha inti i gcás Éireann Aontaithe. Is téamaí iad seo a bhaineann le gach ceantar Gaeltachta, agus tá lúcháir orainn go bhfuil cainteoirí speisialta againn a bheidh ábalta labhairt go mion faoina gcuid tuairimí féin sna téamaí seo. Táimid ag súil go mór lena cainteanna agus leis an díospóireacht.”

Ag labhairt faoin Tionól Gaeltachta, dúirt Michaeline Donnelly, Tánaiste Chonradh na Gaeilge:

“Is deis speisialta an Tionól Gaeltachta dúinn le baill an Chonartha agus pobal na Gaeilge agus Gaeltachta a thógáil le chéile sa Ghaeltacht. Is mian liom buíochas a ghabháil le Meitheal Phleanála Teanga an Iarthuaiscirt, le muintir Ghaoth Dobhair i gcoitinne agus le foireann an Chonartha a d’oibrigh go dian chun an Tionól a eagrú an athuair i mbliana do 2023. Táimid ag súil go mór bualadh le seanchairde agus le cairde úra le linn na deireadh seachtaine.”

Tá an Seimineár agus na himeachtaí uile den Tionól Gaeltachta oscailte don phobal. Tuilleadh eolais ar fáil ag cnag.ie/tionól

TEAGMHÁIL:

Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. |199 Bóthair na BhFál, BT12 6FB

Caolán Mac Grianna, Feidhmeannach Cumarsáide
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 6 Sráid Fhearchair, BÁC2

Ar líne: Twitter @cnag / Instagram @cnagaeilge

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.