Skip to main content

200,000 gan Ghaelcholáiste - Feachtas do Ghaelcholáiste i mBÁC 2,4,6 & 8

Tá cúig Ghaelscoil, atá lonnaithe sa scoilcheantar Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6, agus 8, ag éileamh ar an Aire Oideachais, Norma Foley, T.D., cinneadh a dhéanamh, gan a thuilleadh moille nó leithscéal ar bith eile, Gaelcholáiste a bhunú inár scoilcheantar. Níl oiread agus Gaelcholáiste amháin inár scoilcheantar cé go bhfuil 200,000 duine ina gcónaí sa scoilcheantar seo.

Tháinig 100+ dalta (ó naíonáin shóisearacha go rang a 6) go Teach Laighean inniu, Dé Céadaoin, 26 Aibreán, ag 11:00 le Gaelcholáiste a éileamh don scoilcheantar ina bhfuil an cúig Ghaelscoil: Scoil Bhríde; Gaelscoil Lios na nÓg; Bunscoil Synge; Gaelscoil Eoin agus Gaelscoil Inse Chór suite ann. Rinne gach dalta ionadaíocht ar 1,000 duine ó cheantar Bhaile Átha Cliath 2468 nó ó cheantar Thrá Lí. Bhí páipéar daite ina lámha acu i ndathanna Bhaile Átha Cliath nó Chiarraí. Chan na daltaí cúpla amhrán ar an lá chomh maith.

Dúirt Victoria McQuaid, Príomhoide Bunscoil Synge:

“Tá ár gcúig Ghaelscoil, atá lonnaithe sa scoilcheantar Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6, agus 8, ag éileamh ar an Aire Oideachais, Norma Foley, T.D., cinneadh a dhéanamh, gan a thuilleadh moille nó leithscéal ar bith eile, Gaelcholáiste a bhunú inár scoilcheantar. Níl oiread agus Gaelcholáiste amháin inár scoilcheantar cé go bhfuil 200,000 duine ina gcónaí sa scoilcheantar seo. 

Cé go bhfuil ár bhfeachtas thar a bheith sásta do Thrá Lí, le daonra de 23,000, go bhfuil foirgneamh nua saintógtha dá Ghaelcholáiste oscailte le déanaí, ní thuigimid conas atá an Rialtas seo ag séanadh na rochtaine chéanna ar an ghaelscolaíocht a chur ar fáil don 200,000 duine ina gcónaí i mBaile Átha Cliath 2468 inár scoilcheantar féin.

Tá sé an-fhrustrach dúinne inár scoileanna go bhfuil dul chun cinn ollmhór á dhéanamh againn leis na daltaí le linn a gcuid ama linn ag cinntiú go gcuirtear oideachas dátheangach orthu ach ansin níl aon mheánscoil lán-Ghaeilge inár gceantar scoile dóibh le freastal uirthi.”

Dúirt Clare Kavanagh, tuismitheoir le dalta i Scoil Bhríde:

“Mar thuismitheoir, ba mhaith liom go mbeadh mo pháiste agus páistí eile na scoileanna atá ag glacadh páirte san fheachtas in ann teacht ar Ghaelcholáiste inár gceantar scoile. Tá deis ag an Aire Oideachais, Norma Foley, cinneadh a dhéanamh a fhreastalódh ar líon mór daltaí agus teaghlaigh inár scoilcheantar agus táim, ar son mo pháistí agus ar son tuismitheoirí eile sa scoilcheantar seo, ag iarraidh uirthi gníomhú le cothrom na féinne a thabhairt dúinn.”

Deir an Rialtas sa Chlár Rialtais go mbunóidh siad Gaelcholáistí má bhíonn éileamh ar a leithéid. Creidimid go léiríonn ár 5 Ghaelscoil agus iad ag teacht le chéile agus ag feachtasaíocht ar an gceist seo go soiléir go bhfuil níos mó ná a dhóthain éilimh ó thuismitheoirí inár gceantar do Ghaelcholáiste.”

Tuilleadh eolais do thuismitheoiríanseo.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.