Skip to main content

Léirsiú ag Teach Laighean inniu le léiriú do pholaiteoirí na tíre go bhfuil an Ghaeilge sa Chóras Oideachais Briste

Tá an feachtas Gaeilge4All ag éileamh ar an Aire Norma Foley Polasaí don Ghaeilge sa Chóras Oideachais ón Oideachas Luath-Óige go dtí an Tríú Leibhéal a fhorbairt anois agus gan dochar eile a dhéanamh di idir an dá linn

NO REPRO FEE 29/03/2023 Dublin, Ireland. #Gaeilge4All Demonstration. Pictured are students a rally outside Leinster House today, calling on Minister Norma Foley, the Government and the Department of Education to act on #Gaeilge4All. Attended by students from second and third level institutions, including reps from USI and ISSU, teachers, and representatives s from Irish language organisations, such as Conradh na Gaeilge, Gaeloideachas, Foras Pátrúnachta, Gael Linn and many more. Photograph: Leon Farrell / Photocall Ireland

Inniu, Dé Céadaoin, 29 Márta 2023 ag 16:00 chruinnigh níos mó ná 500 léirsitheoir, idir dhaltaí scoile, mhic léinn tríú leibhéal, mhúinteoirí, thuismitheoirí, ionadaithe ó cheardchumainn múinteoirí, ionadaithe ó na heagraíochtaí Gaeilge agus eile le chéile lasmuigh de Theach Laighean. 

Bhí na léirsitheoirí i láthair le heispéireas sásúil foghlama Gaeilge a éileamh do gach dalta sa chóras oideachais trí Pholasaí don Ghaeilge sa Chóras Oideachais ón Oideachas Luath-Óige go dtí an Tríú Leibhéal a fhorbairt. Éilíodh go gcuirfear coiste saineolach oibre faoi leith ar bun láithreach, le baill a thuigeann an Ghaeilge sa chóras oideachais agus a bhfuil taithí acu uirthi, leis an bpolasaí seo a fhorbairt.

Dúirt Julian de Spáinn, urlabhraí an fheachtais Gaeilge4All:

“Tá an córas oideachais briste ó thaobh na Gaeilge de. Tá na sonraíochtaí / siollabais gan chiall don tsraith shóisearach agus don tsraith shinsearach (mar shampla, tá 90%+ de na múinteoirí míshásta leo ag leibhéal na sraithe sóisearaí). Tá leagan amach na hArdteiste faoi ionsaí leis an gcinneadh chun an páipéar 1 Gaeilge a bhogadh go dtí deireadh bhliain a 5 (cé go bhfuil síneadh bliana curtha ar an gcinneadh le déanaí níl stop curtha leis an gcinneadh). Tá easpa Gaelscoileanna & Gaelcholáistí mar rogha do thuismitheoirí nuair nach féidir ach 7% de dhaltaí na tíre freastail ar an líon teoranta spásanna atá ar fáil. 

Tá díolúintí as smacht le breis is 40,000 dalta sa dara leibhéal a bhfuil díolúine acu agus níl aon phlean ann chun freastal ar dhaltaí le riachtanais faoi leith le cinntiú go n-éascófar leanúint leis an nGaeilge in ionad a bheith fágtha amach aisti. Le déanaí, baineadh 30 nóiméad sa tseachtain ó mhúineadh na Gaeilge i gcuraclam na bunscoile ó rang a 1 ar aghaidh gan aon taighde déanta ar na himpleachtaí a bheadh aige sin ar chaighdeán na Gaeilge.”

“Deisímis an córas ina iomlán. Chuige sin tá an feachtas Gaeilge4All ag éileamh na ngníomhartha seo a leanas ón Aire Oideachais Norma Foley:

      1. Go mbeidh eispéireas sásúil foghlama Gaeilge ag gach dalta sa chóras oideachais
      2. Go mbeidh Polasaí don Ghaeilge sa Chóras Oideachais ón Oideachas Luath-Óige go dtí an Tríú Leibhéal forbartha leis seo a dheimhniú do gach dalta
      3. Go gcuirfear coiste saineolach oibre faoi leith ar bun láithreach, le baill a thuigeann an Ghaeilge sa chóras oideachais agus a bhfuil taithí acu uirthi, leis an bpolasaí seo a fhorbairt

Gealladh polasaí don Ghaeilge mar seo sa Chlár Rialtais agus bhí sé mar chuid de ghealltanais Fhianna Fáil san olltoghchán i 2020. Tá sé in am na gealltanais sin a chomhlíonadh anois.”

Léirsiú G4A 6

Dúirt Shane Ó Coinn, Cathaoirleach, An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge: 

“Níl aon amhras ar na múinteoirí Gaeilge ná nach bhfuil ag éirí leis an gcóras reatha agus ceann de na heasnaimh is mó a bhí ann le tamall de bhlianta ná go bhfuil guth an mhúinteora agus an dalta fágtha ar lár i roinnt mhaith de na cinntí atá glactha maidir leis an nGaeilge sa chóras. Tá lagú tagtha ar an nGaeilge sa chóras mar thoradh. 

Ní mór éisteacht le guth an mhúinteora agus an dalta agus gníomhú dá réir. Is léir ón taighde déanta le déanaí ag SEALBHÚ ar thuairimí na múinteoirí agus na ndaltaí faoin tsraith shóisearach cuir i gcás go bhfuil géarghá le scrúdú béil sa tríú bliain ar fiú 40% de mharc deiridh an scoláire. 

Ar an drochuair rinneadh neamhaird ar an moladh seo agus ar mholtaí fiúntacha eile a chuir múinteoirí chun tosaigh go láidir sa taighde céanna, agus ní dhearnadh ach roinnt mionleasuithe nuair a fógraíodh leasuithe le déanaí. 

Caithfear déileáil leis na mórfhadhbanna atá sa chóras ar bhonn práinne le rudaí a chur ina gceart. Tá sé in am an córas a bhunú ar an bpolasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal faoi mar atá an feachtas Gaeilge4All ag éileamh. Ní féidir dul ar aghaidh le córas atá briste.”

NO REPRO FEE 29/03/2023 Dublin, Ireland. #Gaeilge4All Demonstration. Pictured at a rally outside Leinster House today are students from Coláiste Íosagáin, Stillorgan, calling on Minister Norma Foley, the Government and the Department of Education to act on #Gaeilge4All. Attended by students from second and third level institutions, including reps from USI and ISSU, teachers, and representatives s from Irish language organisations, such as Conradh na Gaeilge, Gaeloideachas, Foras Pátrúnachta, Gael Linn and many more. Photograph: Leon Farrell / Photocall Ireland

Dúirt Gráinne Ní Ailín, Oifigeach na Gaeilge le hAontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann:

“Ní thuigeann daltaí an fáth nach bhfuil cur chuige comhtháite sa chóras oideachais don Ghaeilge. Ar lámh amháin tá an tAire Oideachais ag bogadh Páipéar 1 Gaeilge na hArdteiste go deireadh Bliain a 5 ach ar an lámh eile tá an áisíneacht Stáit, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, i mbun oibre chun na sonraíochtaí / siollabais Ardteiste ar fad a athrú. Ní féidir an dá rud a dhéanamh ag an am céanna. Nach fearr céim siar a ghlacadh agus ligean do phainéal saineolaithe, a thuigeann an Ghaeilge sa chóras oideachais, an polasaí atá an feachtas Gaeilge4All ag moladh a fhorbairt gan a thuilleadh moille?”

Léirsiú G4A 1

Ar Líne : #Gaeilge4All @gaeilge4all

NÓTA DON EAGARTHÓIR: Tá tacaíocht láidir sa phobal do pholasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal de réir suirbhé déanta ag Kantar i 2022 agus 2019:

Gaeilge4All Suirbhé Kantar

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.