Skip to main content

Díospóireacht le Polaiteoirí agus Ceisteanna Móra pléite mar chuid d’Ard Fheis na nÓg 2023 i nGaoth Dobhair

Teachtaí Dála agus Seanadóirí i measc iad siúd i láthair le cloisteáil ón aos óg faoi cheisteanna sóisialta agus naisiúnta a bhaineann leo.

Chruinnigh daltaí scoile ó fud fad na tíre i nGaoth Dobhair le dhá lá anuas le freastal ar Ard Fheis na nÓg 2023. Tháinig níos mó ná 100 dalta ó 20 scoil éagsúil i nGaillimh, Sligeach, Baile Átha Cliath, Dún na nGall, Béal Feirste, Maigh Eo agus Muineachán. 

Ard Fheis na nÓg B min

Ag labhairt faoin ócáid, dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is deis í an Ard-Fheis ardán poiblí a thabhairt do dhaltaí meánscoile agus guth na n-óg a spreagadh. Thaispeáin na rannpháirtithe a gcumas le bheith ina ngníomhairí ar son na Gaeilge agus iad ag foghlaim faoin phleanáil teanga agus ag freagairt ceisteanna móra ár linne. Fuair na daltaí blaiseadh ar chur chuige Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge agus deis a gcuid glórtha a chuir le comhrá náisiúnta na Gaeilge.

An sprioc a bhí ag an ócáid ná le deis a thabhairt do ghlúin óg na Gaeltachta agus daoine óga eile le Gaeilge na ceisteanna a bhaineann leo féin a phlé eatarthu féin, rud a rinne siad le misneach agus le fuinneamh. Tá muid thar a bheith buíoch as an tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ó na Teachtaí Dála agus Seanadóirí a bhí linn d’Ard Fheis na nÓg 2023.”

Dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga:

“Tá muid an-bródúil go maireann an Ghaeilge beo anseo mar phríomh-theanga labhartha an phobail. Is é an saibhreas luachmhar oidhreachta atá againn anseo a bhí mar ionspráid ag daoine cosúil le Máire Ní Bhraonáin & Clannad, Mairead Ní Mhaonaigh & Altan agus Enya, a thuil clú agus cáil dóibh féin ar fud na cruinne. Tháinig an Ghaeilge anuas acusan agus againne anseo ó ghlúin go glúin thar na céadta agus na mílte blianta agus tá sé de dhualgas orainne í a thabhairt slán don gcéad ghlúin eile chun go mairfidh sí beo. Tá ról agaibhse agus againne go léir insan obair sin. Cluinimid bhur nglórtha. Ní neart go cur le chéile!”

Tá Ard Fheis na nÓg á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge in éineacht le grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta ó bhí 2019 ann. Bunaíodh an Ard Fheis le guth a thabhairt d’aos óg na Gaeltachta agus na Gaeilge, chomh maith lena spreagadh le páirt a ghlacadh sa chomhrá náisiúnta fá chúrsaí teanga. Tugann sé deis do dhaltaí scoile bualadh le chéile agus aithne a chur ar a chéile trí Ghaeilge, agus lonnaítear i gceantar Gaeltachta éagsúil é gach bliain.

Ar Líne: Twitter @cnag / Instagram @cnagaeilge #AFnanÓg

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.