Skip to main content

Comhdháil i nGaillimh inniu do Choistí Pleanála Teanga

Tháinig grúpaí le chéile le scileanna a fhorbairt agus le todhchaí sa phleanáil teanga a phlé ag comhdháil le Meitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge

Inniu, Dé Sathairn, 13 Bealtaine 2023, tháinig coistí pleanála teanga agus daoine ag obair sna pobail don Ghaeilge le chéile ag Comhdháil Mheitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, le hOifigigh Pleanála Teanga i láthair ar an lá chomh maith. 

Reáchtáladh an chomhdháil le fóram a thabhairt do choistí ó na limistéir pleanála teanga agus le theacht le chéile mar líonra le deiseanna agus dúshláin a phlé. 

Comhdháil Phleanála Teanga A

Labhair Máirín Ní Choisdealbha-Seoige ó Phleanáil Teanga Chonamara Láir, Tomás Ó Síocháin ó Údarás na Gaeltachta agus Aodhán Mac Cormaic ó Roinn na Gaeltachta faoi thodhchaí na bpleananna teanga, agus bhí Sorcha Ní Chéilleachair ó Thuismitheoirí na Gaeltachta, Elaine Scahill ó Mhuintearas agus Pattie Standún ó Chomhar na Naíonraí Gaeltachta i láthair le seisiúin thacaíochta a chur ar fáil dóibh siúd i láthair. 

Dúirt Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge:

“Tá an obair atá ar bun ag na Coistí Pleanála Teanga thar a bheith tábhachtach i bhfeidhmiú na bpleananna teanga go háitiúil fud fad na tíre. Tá súil againn, tríd an obair atá ar siúl againn anseo inniu, go gcuirfear leis an gcumas atá ag na coistí san obair a dhéanann siad, agus gur féidir linn aghaidh a thabhairt le chéile ar na ceisteanna a ardaíodh. 

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na rannpháirtithe ar fad, le Roinn na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe as comhoibriú linn ar an dtogra seo, agus le Dónall Ó Braonáin, an Dr. Hugh Rowland, agus Fionnuala Nic Pháidín as ceardlanna a reáchtáil mar chuid den ócáid.”

Dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, OPT MPTIT agus Leas Chathaoirleach Mheitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge:

“Tá mé thar a bheith sásta go raibh muid ábalta idir choistí, oibrí deonacha agus oifigigh pleanála teanga a thabhairt le chéile anseo inniu. Pléadh ceisteanna tábhachtachta maidir le todhchaí an phróisis phleanála teanga agus na réimsí éagsúla a bhfuil baint acu le dul chun cinn an phróisis. Coinneoimid ag troid leis an bhfís sin a bhaint amach sa todhchaí.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.