Skip to main content

Tús curtha le forálacha lárnacha de chuid na reachtaíochta nua teanga ó thuaidh

 

Próiseas ceapacháin don chéad Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh le teacht sna seachtainí beaga atá amach romhainn

May be an image of 6 people and text that says "出 AN DREAM DEARG 30"

Tá rialacháin tugtha isteach ag Rialtas na Breataine chun feidhm a thabhairt d'fhorálacha lárnacha de chuid na reachtaíochta teanga nua ó thuaidh. I measc na rialachán tosaithe atá foilsithe cuirfear tús le bunú oifige don Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh, agus le próiseas ceapacháin don ról sin, mar aon le cumhachtaí úra don Stát-Rúnaí cinntí a thógáil thar ceann Airí Feidhmeannais. Táthar ag súil leis anois go mbeidh Oifig an Fheidhmeannais ag cur tús leis an phróiseas ceapacháin poiblí gan mhoill.

 

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

 

"Cé go bhfuil an tAcht nua don Ghaeilge ó thuaidh rite le breis agus 6 mhí, tá go leor i bpobal na Gaeilge ag fanacht agus ag troid do na cearta seo le blianta fada anuas. Anois cuireann muid tús leis an chéad chéim eile sa aistear sin, an cur i bhfeidhm féin. Éilíonn Conradh na Gaeilge ar Oifig an Fheidhmeannais agus ar an NIO bogadh ar aghaidh anois gan a thuilleadh moille leis an phróiseas chun Coimisinéir Gaeilge a cheapadh. In éagmais aon chead ó pholaiteoirí áitiúla, beidh muid ag súil go gceadóidh an Stát-Rúnaí buaiteoir an chomórtais earcaíochta sin láithreach. Agus na céimeanna uilig curtha san áireamh, bheadh muid ag súil leis an chéad Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh taobh istigh de roinnt míonna. Beidh an ceapachán sin ina chlochmhíle stairiúil eile ar an aistear fada seo i dtreo chearta teanga. Ag an phointe sin cuirfear tús le bunobair an Choimisinéara féin agus caighdeáin teanga le dearadh do na húdárais phoiblí go léir anseo."

 

"Idir an dá linn éilíonn muid ar an NIO rialacháin a fhoilsiú chun míreanna eile sa reachtaíocht a chur i bhfeidhm, go háirithe an fhoráil chun an tAcht um Riar an Chirt (1737) a áisghairm, an dlí a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge i gcúirteanna ó thuaidh."

 

Ráiteas ón Tiarna Caine i dTeach na dTiarnaí inniu: https://questions-statements.parliament.uk/written-statements/detail/2023-06-06/hlws810

 

Na Rialacháin úra: https://www.legislation.gov.uk/uksi/2023/566/regulation/2/made




 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.