Skip to main content

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann Idir Lámha ag Ard-Fheis 2012 in Inis

Tabharfaidh Ferdie Mac an Fhailligh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge; Páidí Ó Lionáird, láithreoir 7 Lá agus colúnaí Gaelscéal; agus Maolsheachlainn Ó Caollaí, iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, léargas ar chomhstraitéis ghníomhach uile-Éireann don teanga ag oscailt oifigiúil Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2012 san Óstán Auburn Lodge, Inis, Co. an Chláir ag 9.00in oíche Aoine, 30 Márta 2012.

Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Is fóram daonlathach phobal na Gaeilge agus eagras uile-oileánda é Conradh na Gaeilge, mar sin is tráthúil an deis í an Ard-Fheis s'againn chun plé a dhéanamh ar straitéis a chuimseodh An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 ó dheas, Straitéis Gaeilge ó thuaidh agus aon samhail nua mhaoinithe ag Foras na Gaeilge. Ní mór go mbeadh ról gníomhach, comhordaithe ag gach páirtí leasmhar i bpleanáil fadtéarmach don Ghaeilge ar fud na tíre iomláine."

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Tá súil againn go dtabharfaidh Ard-Fheis an Chonartha deis do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta chun díriú ar spriocanna comhaontaithe don teanga a leagan síos, ar bhonn uile-Éireann, mar aon le plean ghníomhach ar conas iad a bhaint amach."

Tá leagan amach éagsúil ar chlár Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana, áit go bhfuil béim níos mó á leagan ar thraenáil idirghníomhach do theachtaí na hArd-Fheise, ar chomhphairtnéireacht agus ar roinnt eolais lena chéile. Reáchtálfar cruinniú gréasánaíochta agus seisiún traenála leis na Scéimeanna Pobail Gaeilge tráthnóna Aoine; is é Dónal Ó hAiniféin, Príomhoide Ghaelscoil Mhichíl Cíosóig, a bheidh ina chainteoir iarbhricfeasta maidin Shathairn; agus beidh idir chomórtas peile seachtar-an-taobh arna eagrú ag Craobh Na Gaeil Óga CLG agus cheardlanna traenála do bhaill aonair agus do bhaill chraoibhe na heagraíochta ar siúl tráthnóna Shathairn i ndiaidh ghnó oifigiúil Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge.

Beidh Dinnéar agus Céilí na hArd-Fheise ar siúl oíche Shathairn agus tá siúlóid staire timpeall bhaile na hInse beartaithe don Domhnach le críoch a chur le hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge 2012. Is féidir lóistín a chur in áirithint don Ard-Fheis le Máiread Seoighe san Ard-Oifig ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)1 4757401.

Tá gach eolas faoi Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2012 le fáil ar-líne ag cnag.ie/index.php?page=feachtais&campaign_id=24. Tá fáilte roimh chách freastal ar Chaint na hArd-Fheise oíche Aoine agus ar chluiche ceannais na gcomórtas peile tráthnóna Shathairn.

TUILLEADH EOLAIS:

Donnchadh Ó hAodha
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
087 2421267

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 086 8142757

ARD-FHEIS CHONRADH NA GAEILGE 2012 AR-LÍNE:
Beidh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2012 á chraoladh beo ar-líne ag http://www.ustream.tv/channel/ard-fheis-chonradh-na-gaeilge-2012 d'éinne nach féidir freastal agus is féidir páirt a ghlacadh i ngnó na hArd-Fheise ar Twitter trí theachtaireachtaí leis na carachtair #afcnag a chur ag deireadh gach teachtaireachta, agus taispeánfar an sruth Twitter ar scáileán ag an Ard-Fheis.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo agus áiteanna eile ar fud na tíre. Tionólfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2012 san Óstán Auburn Lodge, Inis, Co. an Chláir ón 30 Márta - 01 Aibreán 2012 agus tá buíochas mór ag dul do Chraobh na hInse as clár na hArd-Fheise 2012 seo a eagrú linn. www.cnag.ie/courses

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. www.aontaspg.ie

CLÁR ARD-FHEIS CHONRADH NA GAEILGE 2012:
Dé hAoine, 30 Márta 2012
11.00 Cruinniú gréasánaíochta leis na Scéimeanna Pobail Gaeilge
14.00 Traenáil do na Scéimeanna Pobail Gaeilge
20.00 Oscailt na hArd-Fheise
20.30 Caint na hArd-Fheise: Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge, a chuimseoidh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 ó dheas, Straitéis Gaeilge ó thuaidh agus aon samhail nua mhaoinithe ag Foras na Gaeilge

  • Ferdie Mac an Fhailligh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge
  • Páidí Ó Lionáird, láithreoir 7 Lá
  • Maolsheachlainn Ó Caollaí, údar agus iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge

22.00 Ceol agus fáiltiú

Dé Sathairn, 31 Márta 2012
08.00 Bricfeasta
08.30 Cainteoir Iar-Bhricfeasta

  • Dónal Ó hAiniféin, Príomhoide Ghaelscoil Mhichíl Cíosóig

09.30 Cuntais Chonradh na Gaeilge
10.00 Plé ar na rúin de réir tosaíochtaí
12.15 Na rúin nár pléadh a aontú nó a dhiúltú
12.30 Tuairisc ó na heagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge
         Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2013
13.00 Toghchán na hUachtaránachta
         Lón
13.15 Comhdháil Gaeilge d'Aontas na Mac Léinn in Éirinn
14.00 Tús leis an gcomórtas peile Seachtar an Taobh, arna eagrú ag Craobh Na Gaeil Óga CLG
14.15 Ceardlanna Traenála do Chraobhacha agus do Bhaill Aonair

  1. a) Conas na meáin shóisialta a úsáid chun cabhrú le hobair na Craoibhe - Facebook, Twitter, eile?
  2. b) Scéimeanna maoinithe atá ag Foras na Gaeilge do choistí áitiúla agus conas airgead a thiomsú?
  3. c) Conas an Ghaeilge a chur chun cinn sna córais oideachais ó dheas agus ó thuaidh?

15.15 Toghcháin don Choiste Gnó
         Tae agus caife
15.30 Ceardlanna Traenála do Chraobhacha agus do Bhaill Aonair

  1. a) Conas imeachtaí a eagrú sa phobal - Seachtain na Gaeilge, ranganna, An Bailiúchán Náisiúnta, Is Leor Beirt, eile?
  2. b) Conas pleanáil go háitiúil?
  3. c) Conas plé leis na meáin áitiúla?
  4. d) Céard é an scéal is déanaí le hAontas Phobal na Gaeilge (APG)?

17.00 Craobh an chomórtais pheile Seachtar an Taobh - fáilte roimh chách!
20.00 Fáiltiú roimh Dhinnéar na hArd-Fheise
20.30 Dinnéar agus Céilí na hArd-Fheise

Dé Domhnaigh, 1 Aibreán 2012
10.30 Aifreann na hArd-Fheise, Ard-Eaglais Peadar agus Pól, Sráid Uí Chonaill, Inis
12.00 Siúlóid stairiúil timpeall Bhaile na hInse

Tá buíochas mór ag dul do Chraobh na hInse as an gclár seo a eagrú linn.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.