Skip to main content

Corr Ilchultúrtha le Dianchúrsaí Samhraidh Chonradh na Gaeilge!

Le mic léinn ón bPeiriú, ón mBrasaíl, ón Spáinn, ón nGearmáin, ón Iodáil, ón Ísiltír, ón Ungáir, agus fiú ó Éirinn ag foghlaim a gcéad chúpla focal ag ranganna Chonradh na Gaeilge an téarma seo caite, is féidir leat corr ilchultúrtha a chur sa samhradh trí chlárú do dhianchúrsa teanga leo i mí Iúil nó Lúnasa ar www.cnag.ie.

Freastalaíonn Conradh na Gaeilge ar fhoghlaimeoirí fásta de gach leibhéal le cúrsaí Gaeilge i mBaile Átha Cliath gach samhradh: Tosaitheoirí, Bunrang, Meánrang, agus Ardrang san áireamh. Tionólfar na ranganna 3-huaire ag Ceannáras Chonradh na Gaeilge i lár na cathrach ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, dhá oíche in aghaidh na seachtaine (Dé Máirt agus Déardaoin ó 6.30 - 9.30in), ón 10 - 26 Iúil agus ón 7 - 23 Lúnasa 2012.

Arsa Brenda Ní Ghairbhí, Feidhmeannach Forbartha agus Oifige Chonradh na Gaeilge: "Is chuig Conradh na Gaeilge a thagann daoine ó thíortha agus ó chúlraí éagsúla chun an Ghaeilge a fhoghlaim, ar chúiseanna pearsanta agus gairmiúla araon, toisc go dtuigtear dóibh go bhfuil an luach is fearr ar airgead agus an caighdeán múinteoireachta is airde san ardchathair á thairiscint againn ar ranganna Gaeilge."

Tá clú ar Chonradh na Gaeilge as na ranganna Gaeilge a reáchtálann siad d'fhoghlaimeoirí fásta, agus as praghas réasúnta na gcúrsaí, praghas atá íslithe in athuair i mbliana; níl ach €160 ar dhianchúrsa 3-seachtaine anois, nó €140 d'iarscoláirí, do mhic léinn, do dhaoine dífhostaithe agus scothaosta ar phinsean. Is féidir leat clárú do chúrsaí Chonradh na Gaeilge ar-líne ag www.cnag.ie inniu, nó déan teagmháil le Conradh na Gaeilge ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)1 4757401 chun breis eolais a fháil agus le háit a chur in áirithe.

Arsa Ní Ghairbhí: "Le cúrsaí eacnamaíochta mar atá faoi láthair, tá sé ríthábhachtach dúinn go bhfaigheann custaiméirí Chonradh na Gaeilge luach a gcuid airgid as na dianchúrsaí an samhradh seo. Ní hamháin go bhfuil lascainí iontacha le fáil ar phraghas na gcúrsaí, ach is deis iontach duit iad ranganna an Chonartha chun cur le réimse na scileanna ar do CV, go háirithe agus méadú ag teacht ar líon na bpost go bhfuil gá le Gaeilge ann sna sála ar achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ó bhain an Ghaeilge stádas oifigiúil amach san Eoraip."

Ní hamháin go bhfuil dualgais i leith na Gaeilge ag comhlachtaí poiblí in Éirinn agus san Aontas Eorpach, ach tá gnólachtaí príobháideacha idirnáisiúnta amhlaidh Microsoft, Samsung, Accenture agus fiú Facebook ag iarraidh buntáiste iomaíochta a thabhairt dóibh féin trí mheán na Gaeilge, mar sin is tráthúil an t-am é le snas a chur ar do chuid Gaeilge, nó chun í a fhoghlaim ó thús, le cúrsaí an Chonartha i mBaile Átha Cliath.

Cloíonn cúrsaí Chonradh na Gaeilge le siollabais Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) agus bíonn deis ag scoláirí an cháilíocht idirnáisiúnta seo a bhaint amach trí scrúdú a dhéanamh, arna eagrú ag Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, bunaithe ar na ranganna agus ar imeachtaí teanga eile a reáchtálfar i gcaitheamh an téarma.

Bíodh tú i d'Éireannach nó i d'Iodálach i mBaile Átha Cliath de thaisme nó de rogha, ofrálann cúrsaí Chonradh na Gaeilge deis do chuile dhuine chun idir thaitneamh agus thairbhe a bhaint as an teanga an samhradh seo!

TUILLEADH EOLAIS:

Brenda Ní Ghairbhí,
Feidhmeannach Oifige, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 3649776

Máire Ní Dhuiginn,
Fáilteoir, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.


GRIANGHRAF INIATA:

CORR ILCHULTÚRTHA LE CÚRSAÍ CHONRADH NA GAEILGE I MBAILE ÁTHA CLIATH AN SAMHRADH SEO!

Foghlaimeoirí Gaeilge ó Pheiriú, ón mBrasaíl, ón Spáinn, ón nGearmáin, ón Iodáil, ón Ísiltír, ón Ungáir agus ó Éirinn ag freastal ar chúrsa Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath. Cuirfear tús le réimse dianchúrsaí Gaeilge ar siúl san ardchathair dhá oíche sa tseachtain thar thréimhsí trí seachtaine ón 10 - 26 Iúil agus ón 7 - 23 Lúnasa 2012, agus níl ach €160 ar gach leibhéal nó €140 d'iarscoláirí, do mhic léinn, do dhaoine dífhostaithe nó ar phinsean an samhradh seo. Clárúchán & tuilleadh eolais: www.cnag.ie/courses

*GRIANGHRAF NÍOS MÓ AR ARD-CHAIGHDEÁN (300 DPI) AR FÁIL Ó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. FREISIN*

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. www.aontaspg.ie

Is córas scrúdaithe é Teastas Eorpach na Gaeilge (teg) d'fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge. Tá baint aige leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (Comhairle na hEorpa, 2001). Scrúdaítear na ceithre scil: Labhairt, Cluastuiscint, Léamhthuiscint agus Scríbhneoireacht. Tá na scrúduithe ar fáil faoi láthair ag cúig leibhéal ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go hArdleibhéal 1 (C1). Beidh scrúdú ar fáil ag Ardleibhéal 2 (C2) amach anseo. www.teg.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.