Skip to main content

Cothromaíocht don Chraoltóireacht Ghaeilge

Ráiteas Nuachta    |    19 Meitheamh 2019 

Aontaíonn Conradh na Gaeilge le formhór na moltaí i dtuarascáil Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le teacht i dtír ar na dúshláin a bhaineann le craoltóireacht na Gaeilge.

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh thuarascáil Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus formhór na moltaí atá ann le teacht i dtír ar na dúshláin a bhaineann le craoltóireacht na Gaeilge foilsithe inniu, Dé Máirt, 7 Meitheamh, agus tá an Conradh ag éileamh ar an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, ar an Rialtas agus ar na háisíneachtaí cuí feidhmiú orthu gan mhoill.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le moladh as an tuarascáil chuimsitheach atá curtha le chéile acu a aithníonn cuid mhaith de na dúshláin a bhaineann le cothromaíocht a bhaint amach don Ghaeilge i gcúrsaí craolacháin. Ba chóir don Rialtas feidhmiú láithreach bonn ar an moladh sa tuarascáil go mbeidh an maoiniú a baineadh ó bhuiséad TG4 i rith an chúlú eacnamaíochta athbhronnta orthu. Dar ndóigh, bíonn TG4 ag feidhmiú ar bhuiséad atá níos lú ná leath den bhuiséad a fhaigheann S4C sa Bhreatain Bheag agus dhéanfadh an €6 mhilliún athbhronnta orthu an-difear go deo ar an líon cláracha Gaeilge a chraolfar don phobal”. 

Chomh maith le hathbhronnadh maoiniú TG4, tá go leor moltaí maithe eile ann ar nós ábhar a chruthú d’fhoghlaimeoirí, go gcomhlíonadh RTÉ a dhualgas reachtúil i leith na Gaeilge, go mbunódh Údarás Craolacháin na hÉireann (UCÉ) coiste comhairleach Gaeilge agus go n-athfhostódh UCÉ Oifigeach Gaeilge arís, agus eile.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Cé go n-aontaíonn an Conradh go láidir leis an gComhchoiste Dála gur chóir go mbeadh seirbhís raidió 24 uair a chloig trí Ghaeilge ann a bheadh dírithe go hiomlán ar aos óg na tíre ní aontaíonn muid gur chóir go mbeadh seirbhís mar seo faoi RTÉ ós rud é go bhfuil seirbhís 24 uair a chloig trí Ghaeilge dírithe ar an aos óg á cur ar fáil cheana féin ag Raidió Rí-Rá ar ardáin éagsúla le breis is deich mbliana anuas. Ó bunaíodh an stáisiúin, tá Conradh na Gaeilge ag éileamh go mbeadh Raidió Rí-Rá ar fáil ar FM go lánaimseartha agus sin an sprioc a chóir go mbeadh ag aon tacaíocht bhreise dá leithéid de sheirbhís.” 

Beidh an Conradh ag cur brú ar an Rialtas agus ar na háisíneachtaí cuí feidhmiú ar fhormhór na moltaí sa tuarascáil agus an tacaíocht chuí a chur ar fáil le go mbeadh Raidió Rí-Rá ar fáil ar FM chun go mbeidh teacht ag aos óg na tíre ar fad ar an stáisiún.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.