#Gaelvóta ó thuaidh #AE22
#Gaelvóta ó thuaidh #AE22
Ceangailte thíos anseo tá 5 éileamh a ba mhaith linn a chur chun cinn idir seo agus an toghchán. Rinne muid teagmháil le gach páirtí agus leis na hiarrthóirí neamhspleácha ar fad ag iarraidh orthu a bpolasaithe ar na héilimh seo a dhearbhú linn.
Éilimh #AE22:
Reachtaíocht don Ghaeilge #AchtAnois
1. a) Go gcuirfí an reachtaíocht Ghaeilge i bhfeidhm láithreach mar chuid d’Fheidhmeannas agus Tionól nua-cheaptha.
b) Sa chás go dtiocfaidh an reachtaíocht fríd Westminster, go dtacóidh do pháirtí le feidhmiú agus cur i bhfeidhm iomlán na reachtaíochta fríd an Tionól agus fríd an Fheidhmeannas
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
2.Straitéis a aontú agus a chur i bhfeidhm bunaithe ar an phróiseas chomhdheartha agus saineolaithe.
An Ghaelscolaíocht
3. Tacaíocht chun Bille Gaeloideachais a fhorbairt agus a thabhairt fríd an tionól, i gcomhar leis an earnáil féin, a mbeidh sé de sprioc aige an dualgas reachtúil reatha a shoiléiriú agus a láidriú; bille a chinnteoidh go mbeidh na polasaithe agus na seirbhísí cuí i bhfeidhm chun freastal ar riachtanais agus ar rátaí fáis tuartha don Ghaeloideachas ar bhealach cothromasach.
An Ghaeilge mar ábhar sna Scoileanna Béarla
4. Beartais úra a thabhairt isteach chun teangacha a dhéanamh mar chroí-ábhair arís ag leibhéal GCSE ar scoil, mar a bhí roimh 2001.
Ranna Rialtais
5. Go gcuirfidh sibh san áireamh, agus roghanna Aireachtaí á ndéanamh, Aireacht an Oideachais agus an Aireacht Pobal a roghnú mar thosaíochtaí chun na héilimh thuasluaite a chur chun cinn.
Seasamh na bPáirtithe
Seo a leanas mar d'fhreagair na páirtithe agus na hiarrthóirí neamhspleácha ár gcuid ceisteanna maidir leis na héilimh don toghchán (PDF ar fáil anseo fosta).
Maidir leis na páirtithe agus na hiarrthóirí neamhspleácha sin a dúirt "Eile", seo tuilleadh eolais a chuir siad ar fáil:
Páirtí | Eile: Tuilleadh Eolais |
Sinn Féin | Maidir le hÉileamh #5: "Tá roghnúcháin faoi chóras d’Hondt ag brath ar thoradh an toghcháin agus is cinntí polaitiúla an-íogair iad. Nílimid in ann na roghanna ba mhaith linn maidir le ranna a chur in iúl go poiblí (a bheadh mar bhonn eolais agus a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar chinntí páirtithe eile) roimh reáchtáil phróiseas d’Hondt sa Tionól." |
PBP | Pobal Seachas Brabús | Maidir le hÉileamh #5: Ní raibh an páirtí den tuairim go mbeidh siad in áit rogha a dhéanamh, mar sin dúirt siad nach mbaineann an cheist sin leo ag an am seo. |
Alliance | Páirtí na Comhghuaillíochta | Maidir le hÉileamh #5: “Is ceist choimpléascach í an cheist maidir le roghnú Áireachtaí a bhraitheann ar roinnt tosca nach bhfuil faoi smacht páirtithe aonair. Cé nach féidir linn coimitmint a thabhairt maidir leis an háireachtaí siúd a ndéanfadh muid tosaíocht daofa, is feidir linn coimitmint a thabhairt go ndéanfaidh muid an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn mar chuid d’aon Roinn a roghnódh muid amach anseo.” |
Green Party | Páirtí Glas | Maidir le hÉileamh #5: “Má tharlaíonn sé go mbíonn an deis againn áit a bheith againn ar an Fheidhmeannas i ndiaidh an toghcháin, beidh ár gcinneadh ag bráth ar thoradh na hidirbhéartaíochta a dhéanfaidh muid le páirtithe eile.” |
IRSP | Páirtí Poblachtach Sóisialach na hÉireann | Maidir leis na héilimh trí chéile: “Níl an Páirtí Poblachtach Socialach mar pháirtí ar bith eile atá ag seasamh sa toghchán seo. Níl suim againn na hinstitiúidí seo a choinneáil ag rith, tá sé mar phríomhaidhm againn suíochán ar bith a fhaigheann muid a úsáid do gach bhall den phobal seo ar lig an córas iad síos, díreach mar Ghael phobal sa chathair seo.” |
Emma deSouza, Neamhspleách | Maidir le hÉileamh #5: Ní raibh Emma den tuairim go mbeidh sí in áit rogha a dhéanamh, mar sin dúirt sí nach mbaineann an cheist sin lei ag an am seo. |
Cad é an chuma atá ar sheasaimh #Gaelvóta sna toghcheantair éagsúla?
Má roghnaíonn tú toghcheantar ón liosta thíos anseo osclófar fuinneog nua agus beidh PDF ann a dhéanann cur síos ar achan iarrthóir sa toghchán sin bunaithe ar na freagraí thuas. Is féidir leat fosta teagmháil a dhéanamh le
Fear Manach agus Tír Eoghain Theas
*Má bhíonn fadhb nó ceist ann maidir le haon chuid den eolas thuas is féidir teagmháil a dhéanamh linn faoi ag