Téarma an Earraigh 2022: Meánrang 1B, Dé Luain (Tráthnóna, Ar-Líne)
Briseadh Ranga: Luan, 21 Feabhra 2022
Seo chugaibh leagan amach an Meánrang 1B ar leibhéal TEG B1, tá an cúrsa seo in oiriúint do dhaoine a rinne an cúrsa Meánrang 1 cheana féin, clúdófar an dara leath den siollabas TEG B1 sa rang seo. Oirfidh an rang seo, chomh maith, do dhaoine nach bhfuil 100% compórdach bogadh chuig Meánrang 2 go fóill. Bheadh an cúrsa seo in oiriúint do dhaoine suite in zóin ama éagsúla timpeall an domhain, in éineacht le daoine atá saor um thráthnóna.
Baineann múinteoirí Chonradh na Gaeilge leas as an gcreatlach TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge). Tá saoirseacht ag gach múinteoir a chuid ábhair féin a chlúdú chomh maith leis an gcúrsa TEG. Cabhróidh an cúrsa seo dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoi na scrúduithe oifigiúla TEG ach is faoin bhfoghlaimeoir atá sé na hullmhúcháin chuí a dhéanamh dos na scrúduithe. Clúdófar réimse leathan d'ábhair: an Ghaeilge labhartha, gramadach na Gaeilge, cluastuiscint, léitheoireacht agus eile
Sonraí Cúrsa
Tús | 24-01-2022 19:00 pm |
Deireadh | 04-04-2022 20:30 pm |
Dáta deiridh | 14-02-2022 18:00 pm |
Líon Áiteanna ar fáil | 4 |
Praghas | €150 |
Ionad | Ar líne |