Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Cuimhní Cinn (ar athláimh)

Liam Ó Briain. Clúdach crua, forchlúdach leis. An chéad chló, 1951. Ainm an iar-úinéara ar an leathanach ceangail. Forchlúdach caite ar an imeall.

An Fear Fada Caol (ar athláimh)

Eoghan Ó Grádaigh. Sáirséal agus Dill, 1963. Clúdach leath-chrua, riocht maith go leor. Dorchú ar an droim agus clúdach. Smál ar an chlúdach chomh maith. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Comhcheilg na Mainistreach Móire (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach plaisteach leis. An tAthair Colmcille OCSO. Riocht an-mhaith. Sáirséal agus Dill 1968. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

Ó Fhás Go hAois (ar athláimh)

Críostóir Ó Floinn. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1969. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Smál ar an bhforchlúdach. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Pádraig Mac Piarais (ar athláimh)

P. de Barra. Cló Chois Fharraige. 1979. Leabhrán bog, riocut cuibheasach maith. Smál/marcanna ar an chlúdach, atá lúbtha. Caite ar an imeall. Bloc téacs an-ghlan.

Cogadh na Reann [1934] (ar athláimh)

The War of the Worlds. H.G. Wells do cheap. Leon Ó Broin a d’aistrigh. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Clúdach crua, níl forchlúdach leis. Dath an chlúdaigh ídithe, smál air agus áit a cuireadh deoch sa mhullach air, is cosúil.

Hidden Ulster [1973] (ar athláimh)

Pádraig Ó Snodaigh. Clódhanna Teoranta, 1973. Leabhrán bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, cúpla smál beag ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Guth an Phobail (ar athláimh)

Nollaig Ó Gadhra. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, 1984. Clúdach crua le forchlúdach. Sínithe ag an údar. Clúdach crua caite agus smál air. Smál ar an leabhar crua féin, ach an block téacs an-ghlan.

Ár ré Dhearóil agus dánta eile [1962] (ar athláimh)

Clúdach crua, le forchlúdach. An chéad chló. Smál ar an bhforchlúdach. Sínithe ag duine a thug mar bhronntanas é. Riocht an-mhaith.

Field and Fair (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire, aistrithe ag Cormac Breathnach, The Mercier Press. 1966. Clúdach bog le smáil taobh istigh. Riocht maith. Bloc téacs glan.

An Tíogar Daonna (ar athláimh)

Annraoi Ó Liatháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1966. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach. Dorchú ar an chlúdach agus na leathanaigh.

Bóthar an Óir (ar athláimh)

Máiréad Ní Ghráda. Brún agus Ó Nualláin Tta. Clúdach bog, riocht cuibheasach. Smál agus dorchú ar an chlúdach, spotaí ar na leathanaigh cheangail. Breacphictiúir agus línte ar na leathanaigh.

Irish Parliamentary Politics in the Eighteenth Century – Volume I 1714-1730 (ar athláimh)

Robert E. Burns. The Catholic University of America Press. Clúdach crua, forchlúdach leis, riocht maith. 1989.

Seal ag Ródaíocht (ar athláimh)

Prionsias Mac Maghnuis, Sáirséal agus Dill, 1955. Clúdach crua, riocht an-mhaith. Stampa iarleabharlainne air. Smál ar an imeall.

Green Tears for Hecuba (ar athláimh)

P.J. Twohig. Gaelic Press Ltd., 1979. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe, smáil air. Smáil taobh istigh, bloc téacs an-ghlan.

Irish Anglicanism in Irish Life Presented to the Church of Ireland (ar athláimh)

…on the Occasion of the Centenary of Its Disestablishment By a Group of Methodist, Presbyterian, Quaker and Roman Catholic Scholars. Clúdach crua, forchlúdach leis ach beagáinín caite. Spotaí ar an imeall. Allen Figgis, 1970. In eagar ag Michael Hurley, SJ.

Coimpléascadh an Iain Uranail le Díorthaithe Arsónacha de Fínóil agus leis an Ia Cárbonáit (ar athláimh)

Mícheál Ó hEidhin, Coláiste na hOllscoile Gaillimh, 1970. Riocht an-mhaith, smál ar an gclúdach. 153 lth.

Irisleabhar Príosúin Sheáin Mhistéil Cuid a II (ar athláimh)

Sreath Leabhar do Chraobhsgaoileadh Náisiúntacht na nGaedheal I. Aistrithe ag Eoghan Ó Neachtain. Clúdach crua, gan forchlúdach. M.H. Mac Goill & a Mhac, 1911. Dath an droma ídithe, smál ar an chlúdach agus ar an taobh. Dorchú & spotaí ar na leathanaigh.

Maidhc [1957] (ar athláimh)

P. D. Linín. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1957. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smál agus ruachan ar an chlúdach. Dorchú ar an droim agus na leathanaigh. Smál ar na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

The Engraved Passion (ar athláimh)

New and Selected Poems 1970-1991. Hugh Maxton. Dedalus, 1991. Clúdach bog, riocht iontach.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil