Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

The Best of Swift (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Robert Wyse Jackson. Mercier Press, 1967. Clúdach bog, riocht maith go leor. Clúdach lúbtha, smáil air. Dath an droma ídithe. Na leathanaigh beagáinín dorcha ach an-ghlan.

An Bealach Chun a’ Bhearnais (ar athláimh)

Tarlach Ó hUid. Clólucht an Talbóidigh. An chéad chló, 1949. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Forchlúdach caite ar an imeall, smál air agus dorchú ar chúl. Spotaí ar an taobh. Na leathanaigh an-ghlan.

Ón bhFuacht go dtí an Teas (ar athláimh)

Pádraig Ó Fiannachta. An Sagart, 1982. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe agus smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Cora Cainnte as Tír Chonaill (ar athláimh)

Seán Mac Maoláin. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1936. Clúdach crua, riocht maith. Cúinní fíor-bheagáinín caite. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan. Ainm an iar-úinéara taobh istigh.

Ireland’s First Railway [1981] (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Leathanach 9-12 scaoilte, an chuma air nach raibh siad riamh greamaithe den sreang. Forchlúdach caite ar an imeall. An bloc téacs i riocht an-mhaith.

Margadh na Saoire (ar athláimh)

Bailiúchán véarsaí le Máire Mhac an tSaoi. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló,1956. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach atá stróicthe ar barr agus ar bun. Riocht maith ar an iomlán. Ainm an iar-úinéara scríofa laistigh.

An Choill Bheo (ar athláimh)

Éilís Diolún, an chéad chló, Oifig an tSoláthair, 1948. Clúdach leath-chrua, forchlúdach leis. Forchlúdach caite ar an imeall agus stróicthe ar bun sa lár. An leabhar féin i riocht an-mhaith, an-ghlan.

Oireachtas na Gaeilge 1897-1997 (ar athláimh)

Proinsias Mac Aonghusa. Conradh na Gaeilge, 1997. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar an chlúdach.

Beoir Bhaile agus Scéalta Eile (ar athláimh)

Dónall Mac Amhlaigh. An Clóchomhar Tta, 1981. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach.

Mise Raifteirí an File (ar athláimh)

Críostóir Ó Floinn. Sáirséal Ó Marcaigh, 1984. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Dath an droma ídithe, roinnt marcanna ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Simple Script Writing – outline of scheme for teaching with graded copies, examples of children’s work and suggestions for simple decoration (ar athláimh)

London: Evans Brothers Limited: Montague House : Russell Square : W.C.1. Clúdach bog. Smál ar an gclúdach. Meirg ar na stáplaí. Cúpla nóta istigh ann.

Lucht Ceoil [1932] (ar athláimh)

Barra Ó Caochlaigh. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Clúdach crua, Forchlúdach lámhdhéanta leis. Riocht maith.

Eolaí an Phoist / Post Office Guide 1969 (ar athláimh)

Clúdach bog, smál beag air agus dath an chlúdaigh ídithe. Smál ar an imeall.

Gadaidheacht le Láimh Láidir (ar athláimh)

Robbery Under Arms. Rolf Boldrewood. Aistrithe ag Domhnall Ó Grianna. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1936. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Smál ar an chlúdach, na himill beagáinín caite. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan. Píosa páipéir greamaithe taobh istigh.

Deora Áthais agus Dréachta Eile (ar athláimh)

Shán Ó Cuív. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1936. Clúdach leathchrua, riocht cuibheasach. Smál ar an chlúdach agus an taobh, spotaí ar an taobh chomh maith. Téip ar an droim. Breacphictiúir ar chúl, nótaí beaga ar cúpla leathanach i bpeann luaidhe.

Saol na bhFuíoll (ar athláimh)

Seán Ó Leocháin. An Clóchomhar Tta., An Chéad Chló 1973. Clúdach crua le forchlúdach i riocht an-mhaith. Smál ar an gclúdach cúil.

A Reply to Mr. Gladstone’s Expostulation [1874] (ar athláimh)

Leabhrán beag. Riocht cuibheasach maith. Smál ar an gclúdach, téip ar an droim ar barr.

The Letters of Saint Oliver Plunkett 1625-1681 (ar athláimh)

Edited and Translated with an introduction by Monsignor John Hanly, 1979. The Dolmen Press. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Dorchú agus smáil ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Pádraig Mac Piarais (ar athláimh)

P. de Barra. Cló Chois Fharraige. 1979. Leabhrán bog, riocut cuibheasach maith. Smál/marcanna ar an chlúdach, atá lúbtha. Caite ar an imeall. Bloc téacs an-ghlan.

Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (ar athláimh)

Príomhthátal agus Moltaí. Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 2007. Clúdach bog, riocht iontach. Na cúinní beagáinín caite. Dlúthdhiosca taobh istigh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil