Skip to main content

Ceiliúradh Teanga agus Cultúir i mBaile Átha Cliath do Lá Mór na Gaeilge 2024

Cearnóg Mhargadh na Feirme lán le teaghlaigh, daoine óga agus cuairteoirí eile do Lá Mór na Gaeilge

Gailearaí →

Bhí Cearnóg Mhargadh na Feirme beo beathaíoch agus daoine bailithe inniu do Lá Mór na Gaeilge, áit ina raibh an Ghaeilge á ceiliúradh idir óg agus aosta. Bhí gach saghas léiriúcháin den teanga agus den chultúr, le ceol, cainteanna, craic agus ceardlanna le feiceáil.

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá an oiread sin fuinnimh le feiceáil i mBaile Átha Cliath ó thaobh na Gaeilge de sa lá atá inniu ann agus léiríonn Lá Mór na Gaeilge go bhfuil todhchaí geal ann di. Chuir Lá Mór na Gaeilge fáilte roimh gach duine cibé Gaeilge atá acu a úsáid, le gach saghas imeachta sa sceideal i rith an lae.

Chonaic muid scoth an cheoil ar an Ardán Mór, le Danny O'Reilly ó na Coronas, Ispíní na hÉireann, Louise Mulcahy, Tadhg, Cath na mBannaí is go leor eile ar siúl i rith an lae, céilí sráide agus amhrán ag Danny agus Ardmhéara Dáithí de Róiste le chéile ina measc! Ar an iomlán, bhí Cearnóg Mhargadh na Feirme lán le beocht agus fuinneamh don lá agus Lá Mór na Gaeilge ar siúl arís do 2024 i mBaile Átha Cliath. Léirigh Lá Mór na Gaeilge cé chomh gealgháireach, spraíúil is atá ár dteanga ársa sa tríú bhliain den imeacht seo agus táimid cheana féin ag súil le 2025.”

Ag labhairt faoin ócáid, dúirt Mícheál Ó Nualláin, Stiúrthóir BÁC le Gaeilge:

“Bhí sé speisialta na sluaite daoine a fheicéail amuigh inniu do Lá Mór na Gaeilge agus é faoi lán-sheol i gCearnóg Mhargadh na Feirme inniu. Bhailigh na céadta i mBaile Átha Cliath 7 le ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga bheo. Bhí ceol, ceardlanna, cultúr agus craic againn, le clár plódaithe idir 12 - 5 i.n. inniu.

I lár an aonaigh sa Phuball Lig Isteach Í, bhí ceardlanna dírithe ar dhaoine líofa chomh maith le daoine ar bheagán focal ach spéis a bheith acu sa teanga.

Ar cheann de na himeachtaí is mó i rith an lae, bhí Ó Sumud Go Saoirse, ceardlann le léiriú ar fhrithbheartaíocht chultúrtha sa Phalaistín agus in Éirinn ar siúl sa Phuball Plé. Bhí scoth an phainéil aige seo, ag a raibh Eoghan Ó Ceannabháin, Gráinne Holland, Múlú, Stephen Loughran, Habib Ostaz agus eile ina dteannta. Anuas ar seo sa Phuball Plé, bhí Ceardlann Malartú Cultúr le Tura Aruturo agus cairde, Ceardlann Amhrán na bhFiann agus Ceol le hAmhránaithe an Chlub.

Sa Spás Teaghlaigh, bhí Fanzini Productions, Léitheoireacht Dhátheangach, Léirsiú Draíochta, Fear Grinn, Péinteáil Aghaidhe is go leor eile ar siúl do pháistí óga.

Ar an iomlán, bhí lá dochreidte dearfach lán le fuinneamh agus spraoi ag Lá Mór na Gaeilge 2024. Léirigh Lá Mór na Gaeilge 2024 go bhfuil an Ghaeilge beo agus fáilteach i mBaile Átha Cliath. Bhí imeachtaí iontacha againn i rith an lae agus bhí sé speisialta daoine a fheiceáil amuigh agus ag baint sult as an lá!”

Is lá imeachtaí de chuid Bhaile Átha Cliath le Gaeilge é Lá Mór na Gaeilge, le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge, ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus urraithe ag Tesco.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.