Skip to main content

Gairmeacha le Gaeilge

Posted in Tríú Leibhéal.

 


Untitled_design_7.pnggluaiseacht 2

Is féidir teacht ar na folúntais reatha in earnáil na Gaeilge ag peig.ie/foluntais. Bí i dteagmháil le Caoimhe Ní Mhaolaí ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. má tá ceist ar bith agat a bhaineann le cur isteach ar phost le Gaeilge, nó le ceardlann gairmeacha le Gaeilge a eagrú ar do champas! 

Tá Gairmeacha le Gaeilge reáchtáilte mar chuid den obair 3ú Leibhéal atá ar bun faoin tionscadal Gluaiseacht, maoinithe ag an Roinn Túrasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt agus Meán. 

Mar chuid den tionsccadal sin rinneadh srath seimineár faoi dheiseanna éagsúla le Gaeilge a reachtáil. Tá taifead ar an seimineár faoin státseirbhís ar fáil anseo. Tá taifead ar an seiminéar faoin earnáil phoiblí ar fáil anseo. Tá taifead ar an seimineár maidir le deiseanna sna meáin le fáil anseo

Bhí aíonna ó na hearnálacha éagsúla linn do ghach ceardlann, agus iad ag plé an chineál oibre a dhéanann siad, a gconair gairme, agus an oideachas, taithí agus scileanna atá in oiriúint dá gcineál oibre. 


peig.png

Cuireann PEIG.ie go leor ábhar cuidiúil ar fáil do dhaoine ag cuardach poist in earnáil na Gaeilge. Ar smaoinigh tú riamh ar cén cineál leagan amach a ba ceart go mbeadh ar do C.V? Céard faoi na deiseanna atá ann le post a bhaint amach san Aontas Eorpach? An bhfuil tú eolach ar na poist atá ar fáil faoi láthair? Caith súil ar na hacmhainní thíos i gcomhair tuilleadh eolais. 

Clúdaítear na topaicí seo uilig agus níos mó sna ceardlanna thuasluaite, agus tá siad mar thacaíocht maith le súil a chaitheamh siar orthu tar éis na ceardlanna.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.