Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar Theachtaí Dála, ar Sheanadóirí agus ar Chomhaltaí an Tionóil Reachtaigh infheistíocht a chur ar fáil Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gCáinaisnéis 2018.
Chuige seo, tá ócáidí stocaireachta #SEAS17 - seisiúin eolais agus spreagtha maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta - beartaithe ag an gConradh sna seachtainí amach romhainn.
#SEAS17 ó dheas
Dáta: Dé Céadaoin, 4 Deireadh Fómhair 2017
Am: 8.00rn – 6.00in
Ionad: Óstán Buswells, Sráid Theach Laighean, Baile Átha Cliath 2
Beidh éilimh réamhthoghcháin agus Plean Infheistíochta Phobal na Gaeilge & na Gaeltachta á gcur os comhair na bpolaiteoirí in am don Cháinaisnéis ó dheas an mhí seo chugainn.
Táimid ag iarraidh ar bhaill de phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a bheith linn le labhairt lena bpolaiteoirí áitiúla ar an lá, le brú a chur orthu maoiniú ceart a bhaint amach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gCáinaisnéis 2018.
Beidh seoladh aighneachta ag Comhlachas na gComharchumann Gaelachta mar chuid den lá chomh maith.
Cláraigh thíos agus abair linn cén toghcheantar lena mbaineann tú:
Bheimís an-bhuíoch díot dá bhféadfá an fhoirm seo thuas a líonadh más féidir leat a bheith linn ar an lá ar feadh cúpla uair a' chloig.
#SEAS17 ó thuaidh
Tá súil againn #SEAS17 a reáchtáil do Chomhaltaí an Tionóil Reachtaigh i mBéal Feirste amach anseo fosta, ag brath ar chúrsaí polaitíochta.
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: