Skip to main content

Ballraíocht Aonair

Freastalaíonn an córas ballraíochta seo ar an duine nach bhfuil in ann, ar chúiseanna éagsúla, páirt a ghlacadh in obair chraoibhe ach ar mhaith leo a bheith páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge. 

Mar bhall aonair den Chonradh:

  • Gheobhaidh baill aonair gach eolas faoi na feachtais agus na himeachtaí a bhíonn ar siúl ag ár n-oifigí agus ag ár gcraobhacha;
  • Tá deis ag gach ball freastal ar an Ard-Fheis gach bliain lena gcuid tuairimí a nochtadh agus páirt a ghlacadh sna díospóireachtaí agus in obair na heagraíochta;
  • Tá deis ag gach ball aonair duine amháin a mholadh le toghadh don uachtaránacht, don dá spás a bheidh ar fáil do bhaill aonair ar Choiste Gnó an Chonartha agus don spás a bheidh ar fáil do bhaill aonair ar Bhord Stiúrtha Sheachtain na Gaeilge; 
  • Tá an deis ag gach ball aonair rún amháin, nach rún bunreachta é, a mholadh ag Ard-Fheis an Chonartha.

Clárú mar Bhall Aonair

Is féidir anois clárú nó athchlárú ar-líne ag baint úsáid as an bhfoirm ANSEO. Glactar le cárta nó dochar díreach mar íocaíocht.

Déan docxFoirm Chlárúcháin a chomhlíonadh agus a sheoladh chuig Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge mar aon leis an táille bhallraíochta de €20.

*Cuirfear d'iarratas faoi bhráid an Choiste Ghnó le do chuid bhallraíocht a dheimhniú.
*Is gá an fhoirm agus an táille a bheith againn ar a laghad 10 seachtain roimh Ard-Fheis 2023 le bheith i dteideal vótaí a chaiteamh.


Pointe Teagmhála do Cheisteanna Bhallraíochta

Caoimhe Ní Mhaolaí,                                         
Feidhmeannach Ballraíochta & Oideachais
Guthán: +353 (0)1 4757401 nó +353 (0)85 883 8113
Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Cláraighanseo

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.