Skip to main content

Rith 2014

Posted in Feachtais Eile.

Rith 2012 | Ollrith sealaíochta agus féile náisiúnta ar son na Gaeilge | www.rith.ieIs ollrith náisiúnta timpeall na hÉireann ar son na Gaeilge é Rith. Bhí an fhéile náisiúnta is déanaí ar siúl ón 7 - 15 Márta 2014 mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2014. Leagadh cúrsa 1000km amach chun ollrith sealaíochta gan stad a dhéanamh ó Bhaile Bhuirne i gCo. Chorcaí go Béal Feirste thar 9 lá, leis na míllte duine ag glacadh páirte ann thar 400 baile. Bhí éagsúlacht ann in 2014 toisc go raibh rith thar oíche i mBaile Átha Cliath den chéad uair riamh.

Cárbh as don smaoineamh do Rith?

Ba é Rith 2014 an tríú Rith a eagraíodh ó 2010, áit ar éirigh go hiontach leis na rití eile in 2010 agus in 2012, ag mealladh suas go 20,000 agus 30,000 duine le páirt a ghlacadh i ngach féile faoi seach. Tagann an smaoineamh ó Thír na mBascach, áit go bhfuil an Korrika á rith acu ó 1980 i leith agus áit a ghlacann breis agus 600,000 duine páirt sa bhféile.

Cad a tharlaíonn le linn na bhféilte Rith?

Thosaigh Rith 2014 i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Chorcaí ar 7 Márta 2014 agus chuaigh an baitín sealaíochta, ina bhfuil teachtaireacht rúnda laistigh de, ag athrú láimhe idir daoine agus grúpaí reatha gach ciliméadar ar feadh 9 lá. Chríochnaigh Rith 2014 le féile ollmhór phobail i gcroílár Bhéal Feirste ar 15 Márta 2014.

Conas is féidir páirt a ghlacadh?

Is féidir le scoileanna, clubanna óige, grúpaí pobail, clubanna spóirt agus daoine aonair páirt a ghlacadh san fhéile trí chiliméadar a cheannach ar www.rith.ie.

Cá rachaidh an t-airgead a bhailítear ó na féilte Rith?

Téann an t-airgead ar fad ó Rith go Ciste nua Gaeilge a chuireann maoiniú ar fáil do ghrúpaí pobail Gaeilge ar fud na tíre.

Tuilleadh eolais: www.rith.ie

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.