Skip to main content

Comharthaí Bóthair

Posted in Feachtais Reatha.

Comharthaí Bóthair na hÉireannIn ainneoin gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil de réir an Bhunreachta ó dheas, agus cé go dtugtar cúram ar leith le cinntiú go bhfuil an Ghaeilge go príomha chun cinn ar chomharthaí áirithe in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, (Alt 9) Rialacháin 2008, fágann na rialacháin chéanna comharthaí bóthair na hÉireann go sonrach as an áireamh.

Ciallaíonn sé seo go bhfuil an Ghaeilge níos lú, níos dofheicthe, níos doléite agus / nó i gcló Iodálach ar fhormhór na gcomharthaí bóthair in Éirinn. Cuireann sé seo in iúl go bhfuil stádas níos ísle ag baint le chéad teanga oifigiúil an Stáit ná leis an mBéarla.

Thug Conradh na Gaeilge faoi staidéar neamhspleách ar chomharthaí bóthair dátheangacha a choimisiúnú chun an scéal a fhiosrú blianta beaga ó shin. D'fhoilsigh Garrett Reil ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha (NCAD) Comharthaí bóthair dátheangacha na hÉireann - Tuairisc agus Moltaí i mí Dheireadh Fómhair 2008.

Tá stocaireacht á déanamh ag Conradh na Gaeilge ar an gceist ó shin. Bhí cruinniú faoi chomharthaí bóthair dátheangacha ag toscaireacht ón eagraíocht le Leo Varadkar TD, an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt ó dheas ag an am, in 2013.

Mar thoradh ar an gcruinniú seo, bhí Varadkar sásta moltaí an Chonartha i dtaca le comharthaí bóthair nua - ina mbeadh an Ghaeilge chomh mór agus chomh soiléir céanna leis an mBéarla - i bhfeidhm ar bhonn trialach.

Bheadh an togra seo neodrach ó thaobh costais de, .i. ní bheadh aon chostas breise ag baint leis na comharthaí seo ós rud é nach mbeadh na comharthaí nua á gcrochadh go dtí go mbeadh cinn nua ag teastáil pé scéal é.

Chuir Paschal Donohoe, an té a tháinig i gcomharbacht ar Varadkar san aireacht iompair, an togra sin ar ceal áfach.

Léirigh do thacaíocht do chomharthaí a thugann comhionannas don Ghaeilge trí theachtaireacht a sheoladh chuig an Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. ag moladh na gcomharthaí nua a thabharfadh cothromaíocht do chéad teanga an Stáit. Ní neart go cur le chéile!

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.