Skip to main content

Conas Imeacht A Eagrú


Ar Son na Gaeilge

Príomhsprioc na n-imeachtaí ná an Ghaeilge a chur chun cinn i mbealach taitneamhach, go háirithe ó thaobh labhairt na teanga de, ach is fiú léamh agus scríobh na Gaeilge a chothú chomh maith más féidir. Ba chóir gach aon chéim den phleanáil agus den eagrú a dhéanamh i nGaeilge (nó go dátheangach ag braith ar chúrsaí, mar shampla má táthar ag eagrú imeachta i gcomhpháirt le grúpa eile).

  • Bíodh foireann agat
  • Roinn an obair
  • Leag síos spriocdhátaí

Lorg cabhair ó dhaoine, tosaigh amach le rudaí beaga indéanta agus de réir mar a fhaigheann sibh taithí air, leanaigí libh go himeachtaí níos mó. Ní bheidh gach imeacht indéanta do gach craobh ach tá sibh in ann rudaí ollmhóra a eagrú má chuireann sibh bhúr seacht ndícheall leis!

Imeachtaí Beaga

  1. Ciorcal Comhrá
    Ionad le suíocháin, áit le caife/tae a dhéanamh agus málaí tae/caife/brioscaí/bainne a fháil, póstaeir a dhéanamh agus a scaipeadh, ríomhphoist agus téacsanna, am oiriúnach, daoine a mhealladh - ag am lóin nó mar sin, raidió le ceol Gaeilge, é a dhéanamh go seachtainiúil is fearr ag an am agus san áit chéanna.

  2. Maidin Chaife
    Mar atá thuas le croissants más féidir! Is féidir airgead a bhailiú do chúis faoi leith. Póstaeir a dhéanamh amach le frásaí faoi leith is a scaipeadh. Am oiriúnach a roghnú, daoine a mhealladh - roimh obair nó am scoile, nó ag briseadh na maidine, raidió le ceol Gaeilge, é a dhéanamh go seachtainiúil is fearr ag an am agus san áit chéanna.

  3. Aoichainteoir
    Duine mór le rá/spéisiúil/duine ón gceantar gur féidir leo caint faoi ábhar faoi leith, ionad le scorú, roinnt bia agus deochanna ina dhiaidh agus bronntanas mar bhuíochas don chainteoir.

  4. Léamh Filíochta
    File, ionad deas le suíocháin, slua a mbeadh spéis acu, fáiltiú fíona roimhe nó ina dhiaidh, bronntanas mar bhuíochas don fhile/filí. Is féidir seo a nascadh le ceol beo más mian libh. Is féidir seo a nascadh le cúrsa acadúil Gaeilge má tá coláiste sa cheantar.

  5. Tráth na gCeist
    Pinn, páipéar, clár bán agus marcéirí buana, ceartaitheoirí na mbabhtaí, 7 nó 8 mbabhta do 8 go 10 gceist. Babhta amháin céard iad focail éagsúla as / i nGaeilge? Ba chóir babhtaí ceoil agus pictiúir a bheith ann (le húsáid iFón a sheachaint!), duaiseanna; airgead/ceisteanna a chur ar shiopaí in aice libh dóibh, leathanaigh phriontáilte, ionad, ar nós tí tábhairne nó eile, suíocháin agus boird. Is féidir tráth na gceist a chur ar siúl do chúis faoi leith; carthanacht, cuid de Sheachtain na Gaeilge. Is fiú duine le taithí ag caint os comhair slua a fháil.

  6. Díospóireacht 
    Dhá fhoireann de triúr a bhfuil taithí acu, más féidir, is fearr, rún spéisiúil/greannmhar/conspóideach a roghnú, ionad ar nós léachtlainne ollscoile nó halla scoile, moltóir le daoine a chur i láthair, duine leis an am a thomhais, cloigín nó díreach cnag ar an mbord ag am faoi leith. Uisce do na cainteoirí, póstaeir/ríomhphost le daoine a spreagadh le teacht, nascadh le scoileanna agus le gnólachtaí áitiúla. Is féidir seo a dhéanamh níos feiceálaí/tarraingtí trí chainteoiri mór le rá a fháil ann la caint ar na hábhair chomh maith.

Imeachtaí Meánacha

  1. Scóráil Sciobtha
    Éiríonn an-mhaith leis an imeacht seo i measc an aosa óig. Tá gá le slua éigin daoine, é a bheith in áit shóisialta le ceol más féidir. Cuirtear dhá chiorcal chathaoireacha ag breathnú ar a chéile. Tugtar uimhir do gach buachaill agus gach cailín, gach 2 nóiméad séidtear feadóg / deirtear os ard gur gá bogadh ar aghaidh. Is iontach an rud leathanaigh le línte cliúsaíochta / greannmhara a dhéanamh amach roimh ré agus póstaeir leo a chrochadh. Scríobhann gach duine uimhreacha na ndaoine a thaitníonn leo is ansin ag an deireadh cuirtear na daoine seo le chéile ag damhsa / faoi agallamh ar stáitse nó mar sin de. Spreagann duaiseanna / béile do bheirt daoine a bheith níos cairdiúla lena chéile! Is fiú duine le taithí ag caint os comhair slua a fháil.

  2. Dráma Gaeilge
    Is féidir dráma atá ann cheana, ceann úr a scríobh nó ceann i dteanga eile a aistriú. Caithfear stiúrthóir a bhfuil taithí acu le drámaíocht a fháil agus cúntóir. Is fearr lion na gcarachtar a choinneáil íseal don chéad iarracht. Áit leis an seó a chur ar siúl. Stáitse/cúlra. Is féidir scoileanna meánleibhéal a mhealladh más drama é a bhfuil baint aige leis an gcuraclam scoile.

  3. Bailiúchán Carthanachta
    Ceadúnas ó na Gardaí, buicéid bhailiúcháin, nasc le carthanas (baint le Gaelscolaíocht / feachtasaíocht ar son na Gaeilge nó eile), t-léinte deasa geala, áiteanna a shocrú, bricfeasta a shocrú do na bailitheoirí ina dhiaidh, ba chóir ceannairí foirne bailithe a bheith ann ag áiteanna faoi leith le trácht/sluaite daoine ag stiúradh imeachtaí, ba chóir imeachtaí sa lá nó san oíche ina dhiaidh sin a bheith ann; ceol beo/oíche amuigh.

  4. Ceolchoirm
    Banna mór le rá le Gaeilge / ceann a chanann amhráin Ghaeilge ar na halbaim Ceol / Raidió Rí-Rá nó ceoltóirí le Gaeilge. Póstaeir. Cinntiú go labhraíonn an banna Gaeilge leis an slua / amhráin as Gaeilge a chanadh má tá siad acu. Bannaí ón gcoláiste / le hamhráin Ghaeilge a chur ar siúl roimh réidh. Is gá ionad, slua mór, beár, slándáil, córas fuaime, is fearr seo a shocrú in ionad a bhfuil siad seo ann cheana.

  5. Céilí
    Is gá ionad dó seo, ceol beo más féidir/ nó iPod agus córas fuaime. Ba chóir na damhsaí a bheith ar eolas ag ceannairí ar dtús agus fear/bean an tí craiceáilte a bheith ann chun daoine a spreagadh leis an damhsaí a fhoghlaim a chleachtadh. Bíonn craic dhochreidte ag na himeachtaí seo agus cuireann Damhsa na nDealbh go mór leo (damhsa ina mbíonn ar dhaoine stopadh nuair a stopann an ceol, éiríonn sé níos suimiúla nuair a bhíonn orthu srón le srón agus tuilleadh a dhéanamh!)

  6. Rang do Dhaoine Iasachta / do Mhic Léinn Idirnáisiúnta ('My First Gaeilge’)
    Fáilte a chur roimh phobail na n-imirceach nó roimh chumann Erasmus / Fraincise / Spáinnise na hollscoile áitiúil agus baill na craoibhe nó mic léinn meánscoile / ollscoile le Gaeilge a fháil le Gaeilge bhunúsach a mhúineadh dóibh. Is gá leathanach a ullmhú ina mbeadh bunfhrásaí agus litriú foghraíochta ann do na foghlaimeoirí eachtrannacha. Ba chóir deis a thabhairt do na rannpháirtithe í a chleachtadh ag an deireadh, le fear beáir/ceist a chur ar dhuine damhsa a dhéanamh nó rud éigin. Cuireann fear/bean an tí go mór leis, ceisteanna a chur ar dhaoine is duaiseanna do na buaiteoirí. Cuireann méaróga bia/deochanna leis an imeacht go mór. D’fhéadfaí teangacha na rannpháirtithe a mhúineadh do na Gaeil chomh maith!

Imeachtaí Móra

  1. No Béarla
    Feachtas lae nó seachtaine ina spreagtar daoine le Gaeilge a labhairt ar an mbaile/sa scoil áitiúil/go ginearálta don lá/seachtain. Bunaithe ar Throscadh Goal nó mar sin, cláraíonn daoine agus faigheann said síntiúis airgid ó ghaolta/chairde leo leis an éacht a bhaint amach. Téann an t-airgead ar chostas an fheachtais agus chuig carthanacht éigin. Is maith an rud geansaí/t-léine a thabhairt do na rannpháirtithe le gur féidir leo a chéile a aithint. Dul i dteagmháil leis na siopaí/le múinteoirí le Gaeilge a spreagadh uathu sin.

  2. Seachtain na Gaeilge
    Seo Seachtain ag tús mhí an Mhárta, nó ceann a oireann do bhur gceantar féin ó thaobh fhéilire phobail de. Cuirtear réimse leathan imeachtaí ar siúl ann agus déantar iarracht an teanga a bheith an-fheiceálach, bríomhar don tréimhse seo. Cuireann oifig Sheachtain na Gaeilge an-tacaíocht ar fáil do chraobhacha ag iarraidh imeachtaí a eagrú mar chuid den fhéile. Tuilleadh eolais: www.snag.ie

  3. Rith
    Is féile náisiúnta dhébhliantúil é Rith chun labhairt agus úsáid ghinearálta na Gaeilge a chur chun cinn i measc an phobail. Ceiliúradh cultúrtha i bhfoirm rás sealaíochta atá i gceist leis gach dhá bhliain (thosaigh sé i 2010). Tarlaíonn sé le linn Sheachtain na Gaeilge de ghnáth agus tá an-deis ann don chraobh páirt a ghlacadh trí urraíocht a dhéanamh ar chiliméadar agus/nó trí fháilte a chur roimh an Rith sa cheantar. Tuilleadh eolais: www.rith.ie

  4. Tóg Amach Mé
    Bunaithe ar Chlár Tv3 agus ar an gceann Sasanach, ina mbíonn fear nó bean shingil ag iarraidh dul i gcion ar 30 nó mar sin bean/fear eile. Is gá ionad mór ar nós beáir agus fear/bean an tí bríomhar. Caithfear daoine oiriúnacha a roghnú do na rannpháirtithe - daoine gan náire! Ullmhaigh ceisteanna, córas fuaime, córas solas/fuaime/ x ar pháipéar le rá nach bhfuil suim ag daoine. Is fiú brú a chur ar dhaoine cairde a thógáil leo, is fearr go mór a leithéid seo le slua mór.

  5. Bál na Gaeilge/ na nGael
    Ócáid fhoirmiúil do lucht na Gaeilge. Ba chóir é a eagrú in óstán nó mar sin le béile agus deochanna agus banna ceoil agus DJ ina dhiaidh. Is féidir dul ar aghaidh go teach tábhairne/club oíche tar éis sin. Ba chóir póstaeir, ticéid a dhéanamh amach, cinntiú go bhfuil na biachláir ar fáil as Gaeilge. Is féidir duaiseanna bliana a bhronnadh ann, don ghnólacht nó don ghrúpa Ghaeilge is fearr b'fhéidir.

  6. Lá Spóirt
    Is féidir lá spóirt a eagrú idir ghrúpaí Gaeilge éagsúla sa cheantar; cluiche peile/sacair idir dreamanna éagsúla. Réiteoirí le Gaeilge. Gaeilge amháin ar an bpáirc imeartha, agus cic pionóis i gcoinne aon duine a úsáideann Béarla. Moltar lion áirithe cailíní ar na foirne. Lón do na hiomaitheoirí. Bronnadh na nduaiseanna ina dhiaidh. Is gá smaoineamh ar chúrsaí sláinte aguss sábháilteachta. D’fhéadfaí sraith a chruthú de chluichí.

  7. Turas go dtí Oireachtas na Samhna
    Bus, póstaer, lóistín do na mic léinn, amchlár a dhéanamh amach do na baill, daoine a spreagadh le páirt a ghlacadh sna comórtais. Páirt a ghlacadh in oíche na mac léinn/díospóireacht na mac léinn. Cluichí don deireadh seachtaine i measc na mball. Moltar seo go hard na spéire! Tuilleadh eolais: www.antoireachtas.ie

  8. Snámh na hÉireann
    Seo turas timpeall na hÉireann ag snámh i ngach contae a bhfuil cósta aige. Níl ann ach 17 gcontae, agus is féidir é a dhéanamh taobh istigh de dhá lá. D’fheadfaí é a dhéanamh ar son carthanachta/na craoibhe don chraic. Is gá mionbhus/cóiste a fháil, bainisteoir turais agus sábháilteachta(nach mbeidh ag snámh, brú/óstán ar cíos don oíche, léarscáileanna agus pleanáil cheart.) Moltar tosú an-luath ar maidin agus an-chuid tuáillí a thógáil!

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.