Skip to main content

10 gCúis Chun Clárú Mar Bhall Aonair

Posted in Baill Aonair.

Conradh na Gaeilge 1913, Clár Fheis Chill Dara: No Language - No NationBunchloch na hEagraíochta

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge, agus is í an bhallraíocht - idir bhaill chraoibhe agus bhaill aonair - croílár agus bunchloch na heagraíochta. Tá na céadta craobhracha agus baill aonair ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga agus ag spreagadh úsáid na Gaeilge, ní hamháin in Éirinn, ach ar fud an domhain i láthair na huaire. Ó bunaíodh an eagraíocht i 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre, agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin.

Éasca Péasca!

Tá sé éasca ballraíocht aonair a ghlacadh linn. Mura bhfuil craobh áitiúil sa cheantar ach más spéis leat an Ghaeilge a chur chun cinn mar bhall de Chonradh na Gaeilge, is féidir clárú mar bhall aonair anseo.

Nóta: Ní foláir do gach iarratas dul roimh an gCoiste Gnó lena ghlacadh. Ní ionann íocaíocht an táille agus ballraíocht glactha láithreach.

An Ghaeilge á cur chun cinn go háitiúil

Is í an sprioc phraicticiúil atá ag ball aonair ná an Ghaeilge a chur chun cinn, go háitiúil i do cheantar féin nó i sainréimse ar leith den saol. Bíonn baill aonair gníomhach i bhfeachtais éagsúla chun úsáid na teanga a spreagadh i measc an phobail ar bhealaí éagsúla agus tugann an eagraíocht tacaíocht dóibh chun an obair seo a chur i gcrích.

Feachtais Náisiúnta

Chomh maith le hobair a dhéanamh go háitiuil nó i sainréimse ar leith, bíonn baill aonair rannpháirteach i bhfeachtais náisiúnta na heagraíochta chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Tá ról ag gach ball lena chinntiú go gcuirtear polasaithe na heagraíochta i gcrích.

Pointe Teagmhála agus Foinse Eolais

Is pointe teagmhála le saol na Gaeilge é Conradh na Gaeilge dá mbaill aonair. Is tríd an eagraíocht gur féidir le ball aithne a chur ar ghníomhairí teanga eile san earnáil, eolas a fháil ar na feachtais is tábhachtaí atá idir lámha i dtaca leis an teanga, páirt a ghlacadh in imeachtaí sóisialta trí mheán na Gaeilge, agus smaointe maidir le spreagadh na teanga a phlé agus a chur chun cinn san fhóram daonlathach seo.

Nuachtlitir

Faigheann gach ball aonair cóip bog den nuachtlitir gach ráithe, agus scaipfear eolas maidir le feachtais agus maidir le mórimeachtaí na heagraíochta tríd an ngréasán seo de na baill. Glac páirt sa ghréasán!

Poiblíocht Idirnáisiúnta

Cuirtear fáilte roimh gach ball scéalta a chur isteach inár nuachtlitir mhíosúil ionas go mbíonn baill uile an Chonartha ar fud an domhain ar an eolas faoi imeachtaí ar son na Gaeilge. Is féidir scéalta a scaipeadh trí leathanach Facebook agus Twitter an Chonartha chomh maith. Seol na sonraí chuig: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Ceadúnas do Bhailiúchán Airgid

Is féidir le ball aonair obair i gcomhar le grúpaí teanga agus cultúir áitiúla eile - Gaelscoileanna agus clubanna an Chumainn Lúthchleas Gael mar shampla - chun leas a bhaint as ceadúnas bailiúcháin phoiblí a fhaigheann an Conradh gach bliain chun airgead a bhailiú d'imeachtaí agus do thograí áitiúla Gaeilge, agus d'fheachtais éagsúla an Chonartha.

Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge

De réir Bhunreacht reatha na heagraíochta, tá deis ag gach ball freastal ar Ard-Fheis na heagraíochta gach bliain lena c(h)uid tuairimí a nochtadh agus páirt a ghlacadh sna díospóireachtaí agus in obair na heagraíochta. Tá deis ag gach ball aonair duine amháin a mholadh lena t(h)oghadh don uachtaránacht, don dá spás a bheidh ar fáil do bhaill aonair ar Choiste Gnó an Chonartha agus don spás a bheidh ar fáil do bhaill aonair ar Bhord Stiúrtha Sheachtain na Gaeilge; agus tá an deis ag gach ball aonair rún amháin, nach rún bunreachta é, a mholadh ag Ard-Fheis an Chonartha, rud a thugann guth do gach ball aonair de chuid an Chonartha.

Ranganna Chonradh na Gaeilge

De gnáth reachtáltar ranganna de chuid an Chonartha i mBaile Átha Cliath agus Gaillimh ach mar gheall ar na deacractaí faoi láthair leis an gCoróinvíreas, tá na ranganna ar líne. Is maith sin toisc gur féidir le gach ball in aon áit páirt a ghlacadh sna ranganna. Cloíonn ranganna Chonradh na Gaeilge le siollabas Theastas Eorpach na Gaeilge (teg) agus is féidir linn ábhar an tsiollabais a sholáthar ar phraghas an-íseal do bhaill aonair atá ag iarraidh ranganna áitiúla a reáchtáil. Mar bhall aonair, tá tú i dteideal lascaine ar phraghas na ranganna - má tá tuilleadh eolais uait ar sin, tar i dteagmháil le Pádraig ar Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Rátaí Cláraithe

  • Cláraigh mar bhall aonair le Conradh na Gaeilge: €20
  • Athchláraigh mar bhall aonair le Conradh na Gaeilge: €20

Conas clárú?

Is féidir clárú ar-líne ANSEO. Is córas uathoibríoch an córas ar-líne, nuair a chláraíonn tú íocann tú €20 agus baineann an córas an €20 amach gach bliain go dtí go gcuireann tú stop leis. Is bealach iontach é seo tacaíocht leanúnach a thabhairt don eagraíocht.

Déan an fhoirm chláraithe a chomhlíonadh anseo. Ní mór go mbeadh an fhoirm agus an táille ballraíochta faighte 10 seachtain roimh an Ard-Fheis ar a dhéanaí le bheith i dteideal vótaí a chaitheamh.

Teagmháil:

Feidhmeannach Ballraíochta & Oideachais
Conradh na Gaeilge
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2

Guthán: +353 (0)1 4757401
Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 
Suíomh: www.cnag.ie

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.