Cad is brí le leibhéil éagsúla na gcúrsaí?
Tosaitheoirí 1: Tá Tosaitheoirí 1 oiriúnach do ghlantosaitheoirí nach bhfuil aon eolas acu ar an nGaeilge cheana féin. Leibhéal TEG (Teastas Eorpach na Gaeilg - www.teg.ie) = A1.
Tosaitheoirí 2: Tá Tosaitheoirí 2 oiriúnach do dhaoine a bhfuil Tosaitheoirí 1 nó cúrsa tosaitheoirí eile déanta acu agus Gaeilge an-bhunúsach foghlamtha acu. Leibhéal TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge - www.teg.ie) = A1.
Bunrang 1: Tá Bunrang 1 oiriúnach do dhaoine a bhfuil beagán Gaeilge acu, de ghnáth ón scoil, agus iad ag iarraidh cúrsa athnuachana ag leibhéal bunúsach a dhéanamh chun athfhoghlaim agus athneartú a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge. Leibhéal TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge - www.teg.ie) = A2.
Bunrang 2: Tá Bunrang 2 oiriúnach do dhaoine a bhfuil Bunrang 1 nó cúrsa athnuachana eile déanta acu. Bíonn beagán Gaeilge acu, de ghnáth ón scoil, agus iad ag iarraidh cúrsa athnuachana ag leibhéal bunúsach a dhéanamh chun athfhoghlaim agus athneartú a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge. Leibhéal TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge - www.teg.ie) = A2.
Meánrang 1: Tá Meánrang 1 oiriúnach do dhaoine a bhfuil tuiscint réasúnta maith acu ar an nGaeilge ach nach bhfuil muinín acu in úsáid na Gaeilge. Leibhéal TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge - www.teg.ie) = B1.
Meánrang 2: Tá Meánrang 2 oiriúnach do dhaoine a bhfuil tuiscint réasúnta maith acu ar an nGaeilge ach nach bhfuil muinín acu in úsáid na Gaeilge. Leibhéal TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge - www.teg.ie) = B1.
Ardrang 1: Tá Ardrang 1 oiriúnach do dhaoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid scileanna cumarsáide, mar shampla foghraíocht, nathanna cainte, gramadach agus stór focal. Leibhéal TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge - www.teg.ie) = B2.
Ardrang 2: Tá Ardrang 1 oiriúnach do dhaoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid scileanna cumarsáide, mar shampla foghraíocht, nathanna cainte, gramadach agus stór focal. Leibhéal TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge - www.teg.ie) = B2.
Rang Cruinnis: Tá an Rang Cruinnis oiriúnach do dhaoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus atá compordach ag labhairt as Gaeilge agus iad ag iarraidh níos mó cruinnis a bhaint amach, go háirithe i scríobh na Gaeilge. Tá sé oiriúnach do dhaoine a bhaineann úsáid as an nGaeilge san áit oibre. Leibhéal TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge - www.teg.ie) = C1.
Cloíonn cúrsaí Chonradh na Gaeilge le siollabas le Teastas Eorpach na Gaeilge (teg). Is córas scrúdaithe é seo d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge. Tá baint aige leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (Comhairle na hEorpa, 2001). Scrúdaítear na ceithre scil: Labhairt, Cluastuiscint, Léamhthuiscint agus Scríbhneoireacht. Tá na scrúduithe ar fáil faoi láthair ag cúig leibhéal ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go hArdleibhéal 1 (C1). Beidh scrúdú ar fáil ag Ardleibhéal 2 (C2) amach anseo. Tuilleadh eolais: www.teg.ie