Skip to main content

Téarmaí & Coinníollacha

Posted in Cúrsaí.

  • Ní cuirfear ranganna áirithe ar fáil mura bhfuil a dhóthain spéise léirithe sa rang. Mar sin, is fiú nótáil gur féidir le chuid de na ranganna fógartha ar an suíomh a bheith curtha ar ceal nó bogtha chuig lá éigin eile. Cuifear aisíoc iomlán ar fáil sa chás nach n-oireann aon athraithe.
  • Maireann gach téarma 10 seachtain go leanúnach (seachas an Dianchúrsa Lúnasa). Sá chás go mbeidh orainn rang a chur ar ceal de bharr imthosca maolaitheacha, déanfar gach iarracht rang sa bhreis a chur ar fáil ag deireadh an théarma.
  • Freastlófar ar éinne gur mhaith leo leibhéal ranga a athrú ag tús an chúrsa, chomh maith agus is féidir, ag brath ar spásanna. Ní féidir rang a bhogadh ina dhiaidh seachtain 3.
  • Leis an méid is mó foghlama a fháil as an gcúrsa, moltar a bheith ag cleachtadh i rith na seachtaine idir ranganna. Cuirfear an-chuid acmhainní foghlama ar fáil duit le linn an chúrsa tríd ár nuachtlitir coicísiúil.
  • Is gá an táille iomlán a íoc roimh tús a chur leis an gcúrsa. Is féidir aisíocaíocht a fháil ar tháillí cúrsaí sa chás go ndéantar an áirithint a chur ar ceal roimh 7 lá roimh dháta thosaigh an chúrsa.
  • Tuigtear go ndéanfaidh an mac léinn gach iarracht freastal ar gach rang. Sa chás nach féidir freastal ar rang ar fáth éigin, bheimis an-bhuíoch as scéal a fháil uait chomh luath agus is féidir roimh an rang. Is féidir leithscéalta a sheoladh chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..
  • Sa chás nach féidir leat leannúint leis an gcúrsa ar fáth éigin, is féidir an méid ranga atá fágtha a aistriú chuig an gcéad téarma eile nó leath-aisíoc a fháil. Ní thugfar aon aisíoc do ranganna nár freastlaíodh orthu gan leithscéal a fháil roimh ré. 
  • Bheimis buíoch as aon bhuairteanna atá agat i leith an chúrsa a fháil chomh luath agus is féidir le linn an chúrsa. Déanfar gach iarracht ansin teacht ar réiteach tapaigh is éifeachtach.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.