Skip to main content

Uachtarán Chonradh na Gaeilge


Toghadh Paula Melvin mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge don chéad uair ag Ard-Fheis na heagraíochta i nGaillimh, 25 Feabhra 2022, agus rinneadh í a aththoghadh don bhliain 2023/24 ag an Ard-Fheis san Aonach, Contae Thiobraid Árann 26 Feabhra 2023.

Ba í Paula an chéad Uachtarán mná ó 1994/95. Sula raibh Paula ina hUachtarán, bhí sí ina Tánaiste ar an Chonradh ó bhí 2017 ann, agus ag an leibhéal áitiúil is comhbhunaitheoir agus Cathaoirleach í ar chraobh Phobal Gaeilge 15 ina ceantar dúchais i dtuaisceart Átha Cliath.

Nuair nach mbíonn Paula ag cur na Gaeilge chun cinn is minic a bhíonn sí ag cnocadóireacht nó ag taispeáint eallach a muintire ag comórtais talmhaíochta ar fud na hÉireann.

17

“Is onóir saoil dom a bheith tofa mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Tá mé fíor-shásta go bhfuil teachtaí na hArd-Fheise ag cur a gcuid muiníne ionam an dara seal a dhéanamh i mbliana agus geallaim daofa go ndéanfaidh mé mo sheacht ndícheall, mar a rinne mé anuraidh, an ionadaíocht chuí a dhéanamh orthu, ar a gcuid tosaíochtaí agus ar na rúin go léir a aontaíodh ag an Ard-Fheis. Tá muid i ndiaidh dul chun cinn dochreidte a dhéanamh le bliain anuas, idir rith na reachtaíochta nua teanga ó thuaidh fríd Westminster, fheidhmiú ar an Acht nua teanga leasaithe ó dheas, agus obair leanúnach ar cheisteanna móra Gaeltachta, oideachais agus maoinithe. Tá bealach fada le dul againn go fóill chun cothrom na Féinne a bhaint amach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, ach tá muid réidh don troid agus réidh don obair. Guím gach ráth ar Chonradh na Gaeilge, ar ár gcuid craobhacha agus ball don chéad 12 mí atá amach romhainn. Le chéile is féidir linn difear mór a dhéanamh.”

Tá sé i gceist ag Paula cuairt a thabhairt ar an méid is mó craobhacha is gur féidir léi le linn a téarma mar Uachtarán.

"Muna raibh deis agam bualadh le do chraobh go fóill, ba bhreá liom a chloisteáil uaibh."

Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

bba271f1f5fe1378890f6c56ac317fcd xxxlarge

Tá Paula Melvin ina Tánaiste ar Chonradh na Gaeilge ó thogh baill an Choiste Gnó í in 2017. Is iontaobhaí í ó bhí 2014 ann agus is Cathaoirleach í ar Fhochoiste Forbartha na heagraíochta. Ag an leibhéal áitiúil, is comhbhunaitheoir agus Cathaoirleach í Paula ar chraobh Phobal Gaeilge 15 ina ceantar dúchais i dtuaisceart Átha Cliath. Bhí baint ag Pobal Gaeilge 15 le bunú Coláiste na Tulchann agus tá cuid de na himeachtaí is mó ar domhan le linn Seachtain na Gaeilge eagraithe acu. Is ball í de choiste stiúrtha Ógras, de choiste ilchineálachta an Chonartha, de bhord an Siopa Leabhar agus den bhuanchoiste. Déanann Paula freastail ar chruinnithe de Mheitheal Gaeltachta an Chonartha chomh maith. Ba leas-rúnaí í ar chraobh na Gaeil Óga CLG agus ba láithreoir le Raidió na Life í. Bhí sí ina ball de Choiste na Gaeilge i gComhairle Contae Fhine Gall. Is ball bunaidh í den fheachtas Twitter #TrasnaNadTonnta a chruthaíonn Gaeltacht fhíorúil. Toghadh Paula mar Oifigeach na Gaeilge ar Aontas na Mac Léinn i gColáiste Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ba chathaoirleach í ar Chumann Gaelach an choláiste sin í freisin. Tá Paula fostaithe mar Chlárbhainisteoir Sinsearach ag Coimisiún Fulbright na hÉireann-Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil.

IAR-UACHTARÁIN CHONRADH NA GAEILGE (1893 ar aghaidh):

1893 - 1915 Dúbhglas de hÍde (An Chraoibhín Aoibhinn) (1860 - 1949)
1915 - 1916 Folúntas
1916 - 1919 Eoin Mac Néill (1867 - 1945)
1919 - 1922 Seán Ua Ceallaigh (Sceilg) (1872 - 1957)
1922 - 1925 Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh) (1856 - 1942)
1925 - 1926 An Dr. Seán P. Mac Énrí (1862 - 1930)
1926 - 1928 Cormac Breatnach (1886 - 1956)
1928 - 1933 Mac Giolla Bhríde (An Tiarna Ashbourne) (1868 - 1942)
1933 - 1940 Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh) (1856 - 1942)
1940 - 1941 Liam Ó Buachalla (1899 - 1970)
1941 - 1942 Seán Óg Ó Tuama (1912 - 1980)
1942 - 1945 Diarmuid Mac Fhionnlaoich (1903 - 1964)
1945 - 1946 Seán Mac Gearailt (1916 - 2004)
1946 - 1949 Liam Ó Luanaigh (1914 - 1998)
1949 - 1950 Diarmuid Mac Fhionnlaoich (1903 - 1964)
1950 - 1952 Annraoi Ó Liatháin (1917 - 1981)
1952 - 1955 Seán Mac Gearailt (1916 - 2004)
1955 - 1959 Tomás Ó Muircheartaigh (1907 - 1967)
1959 - 1965 Micheál Mac Cárthaigh (1911 - 1983)
1965 - 1968 Cathal Ó Feinneadha (1928 - 2015)
1968 - 1974 Maolsheachlainn Ó Caollaí (1939)
1974 - 1979 Pádraig Ó Snodaigh (1935)
1979 - 1982 Albert Fry (1940 - 2021)
1982 - 1985 Micheál Ó Murchú (An Gabha Gaelach) (1918 - 1990)
1985 - 1989 Íte Ní Chionnaith (1953)
1989 - 1994 Proinsias Mac Aonghusa (1933 - 2002)
1994 - 1995 Áine de Baróid (1950)
1995 - 1998 Gearóid Ó Cairealláin (1957)
1998 - 2003 Tomás Mac Ruairí (1939 - 2023)
2003 - 2004 Séagh Mac Siúrdáin (1958)
2004 - 2005 Nollaig Ó Gadhra (1943 - 2008)
2005 - 2008 Dáithí Mac Cárthaigh (1968)
2008 - 2011 Pádraig Mac Fhearghusa (1947)
2011 - 2014 Donnchadh Ó hAodha (1944)
2014 - 2017 Cóilín Ó Cearbhaill (1975)
2017 - 2022 Niall Comer (1975)
2022 - 2024 Paula Melvin (1992)

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.