Skip to main content

Beartas Oideachais


Beartas Oideachais Chonradh na GaeilgeIs léir do Chonradh na Gaeilge go bhfuil an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ó dheas ag teipeadh ar an nGaeilge agus nach bhfuil an Roinn ag dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann le múineadh agus foghlaim na Gaeilge inár scoileanna i gceart. Cé go bhfailtíonn muid roimh an aitheantas breise a tugadh don scrúdú labhartha Gaeilge, caithfidh baint a bheith ag aon leasú le modheolaíocht iomlanaíoch. Molann an Conradh gur chóir go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla le linn a gcúrsa oiliúna.

Caithfear múineadh agus foghlaim na Gaeilge a fhorbairt sna bunscoileanna le polasaí na Roinne Oideachais féin a chur i bhfeidhm ó dheas, .i. ábhar amháin, de bhreis ar an nGaeilge, a mhúineadh trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile; is féidir é seo a dhéanamh ar bhonn píolótach ar dtús leis an tacaíocht agus an oiliúint is gá a chur ar fáil. Ba chóir corpoideachas, drámaíocht nó ealaín a roghnú mar an dara hábhar leis na daltaí a spreagadh.

I gcás na meánscoileanna is cinnte gur chóir béim a chur ar an nGaeilge labhartha. B'fhearr seo a dhéanamh, áfach, trí dhá shiollabas a fhorbairt don Ghaeilge ag an dara leibhéal le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach sna 26 Chontae:

  1. Teanga na Gaeilge a mhúinfí do gach mac léinn ag múineadh agus ag measúnú na scileanna tuisceana, labhartha, léite agus scríofa ag baint leasa as an bhFráma Coiteann Eorpach mar thagairt agus ag cuimsiú feasachta teanga; agus
  2. Litríocht na Gaeilge le déanamh ag mic léinn ardleibhéil amháin agus le múineadh go comhtháite le Teanga na Gaeilge ag an leibhéal cuí.

Ligfeadh sé seo do mhic léinn Bonnleibhéil agus Gnáthleibhéil díriú ar an teanga a shealbhú agus ní bheadh ach páipéar amháin le déanamh acu ag leibhéil na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh. D'aithneofaí uallach oibre na litríochta do mhic léinn ardleibhéil trí Litríocht na Gaeilge a mharcáil mar ábhar breise.

Tá an t-éileamh náisiúnta ar an oideachas lánGhaeilge ag dul i méid i gcónaí, thuaidh agus theas, agus ní mór leanúint leis an stocaireacht ar na Ranna Oideachais go n-úsáidfí soláthar an Ghaeloideachais mar chritéir agus iad ag roghnú áiteanna do scoileanna nua. I dtaca le múineadh na Gaeilge sna 6 Chontae, tá Conradh na Gaeilge ag moladh gur cheart:

  1. teangacha a áireamh mar fhréamhábhair GCSE agus ar an dóigh seo go roghnóidh gach mac léinn dara leibhéal teanga amháin don GCSE (sa bhreis ar an Bhéarla); agus
  2. go bhforbrófar soláthar meánscolaíochta trí mheán na Gaeilge i gceantair go bhfuil éileamh ann dá leithéid agus go mbeidh dóthain múinteoirí ann le freastal ar na scoileanna sin.

Ní mór brú a chur ar an Rialtas ó thuaidh chun deireadh a chur leis an riail nach gcaithfidh scoláirí staidéar a dhéanamh ar theanga go leibhéal GCSE. Nuair a ghlac Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain Mhór cinneadh sa bhliain 2004 nach mbeadh ar scoláirí staidéar a dhéanamh ar theanga iasachta go leibhéal GCSE, bhí impleachtaí móra ag an chinneadh seo ar theagasc na Gaeilge sna scoileanna ó thuaidh. Idir 2007 agus 2009 amháin, thit líon na scoláirí a rinne staidéar ar an Ghaeilge ag GCSE ó 2710 go 2084.

I gcuid mhór scoileanna anois, bíonn ar na scoláirí rogha a dhéanamh sula dtosaíonn siad sa chéad bhliain den mheánscoil faoin teanga a ndéanfaidh siad staidéar uirthi a fhad le Bliain 10. Tá scoláirí ann nach ndéanann Gaeilge ar bith sa chóras meánscolaíochta anois, fiú i scoileanna atá an-bháúil don spórt agus don chultúr Ghaelach, agus bíonn stádas na Gaeilge sa scoil ag brath cuid mhór ar dhea-thoil an phríomhoide reatha.

Go hachomair, seo a leanas na mórphointí a bhaineann le beartas oideachais an Chonartha le múineadh agus foghlaim na Gaeilge a fheabhsú inár scoileanna:

  • Go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla san iomlán le linn a gcúrsa oiliúna. Roinntear an tréimhse thar fhad iomlán an chúrsa oiliúna ag tosnú leis an gcéad chúpla seachtain cinniúnach. Bíodh an deis ag mic léinn an cúrsa iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo;
  • Go ndéanfar teangacha a áireamh mar fhréamhábhair GCSE ó thuaidh agus ar an dóigh seo go roghnóidh gach mac léinn dara leibhéal teanga amháin sa bheis ar an Bhéarla don GCSE;
  • Go múinfí ábhar amháin de bhreis ar an nGaeilge, trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile, ar bhonn píolótach ar dtús leis an tacaíocht agus an oiliúint is gá;
  • Go bhforbrófaí dhá shiollabas don Ghaeilge ag an dara leibhéal ó dheas le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach, Teanga na Gaeilge a mhúinfí do gach mac léinn agus Litríocht na Gaeilge le déanamh ag gach mac léinn ardleibhéil; agus
  • Go n-úsáidfí soláthar an Ghaeloideachais mar chritéir agus na Ranna Oideachais ag roghnú áiteanna do scoileanna nua agus dá réir, go bhforbrófar soláthar meánscolaíochta trí mheán na Gaeilge i gceantair go bhfuil éileamh ann dá leithéid, agus go mbeidh dóthain múinteoirí ann le freastal ar na scoileanna sin.

Is iomaí céim chun cinn atá tógtha le blianta beaga anuas i dtreo thodhchaí na Gaeilge a chinntiú: TG4, stádas mar theanga oifigiúil den AE, Acht na dTeangacha Oifigiúla atá ag cur le líon agus le caighdeán na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú agus an borradh faoin nGaelscolaíocht. Ina ainneoin sin, áfach, ní éiríonn leis an earnáil scolaíochta Béarla, ar a bhfreastalaíonn 90% de scoláirí na tíre, fíorbheagán cainteoirí líofa Gaeilge a sholáthar agus is cúis fhrustrachais go minic an siollabas do scoláirí, do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí araon.

Tá na leasuithe atá á moladh ag an gConradh bunaithe ar na cleachtais is fearr ar fud na cruinne, agus d'fhéadfaí iad a chur i bhfeidhm de réir a chéile thar shaolré an chéad rialtais eile agus d'fheabhsóidís as aithne sealbhú na Gaeilge inár scoileanna. Ní foláir na leasuithe seo a bheith mar dhlúthchuid de, agus mar chéim i dtreo, curaclaim chomhtháite teangacha. Sealbhaítear teangacha le húsáid agus le cleachtadh. Ní bhíonn ráth ar mhodhanna eile.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.