Reáchtáileadh dhá sheisiún de Thraenáil na nOifigeach Dara Leibhéal i mbliana.
Is deis iontach iad na seisiúin traenála le bualadh le daoine eile a bhfuil suim acu i gcursaí na Gaeilge agus eile.
Reáchtáilfear ceardlanna éagsúla ar an lá bainteach le réimsí éagsúla den teanga:
- Conas an Ghaeilge a chur chun cinn i do scoil.
- Conas deileáil le tuairimí diúltacha i dtaobh na Gaeilge de.
- Conas imeachtaí a eagrú/reáchtáil i do scoil/ceantar (nó ar líne!) do Sheachtain na Gaeilge.
- neart eile.
Tá teorainn de dhalta nó beirt in aghaidh na scoile don traenáil seo.
Beidh briseadh leath uair a chloig le linn an tseisiúin.
Tá an traenáil seo á reáchtáil againn i gcomhpháirt le ISSU (ANDIE) agus tá roinnt eolais ar an suíomh s'acu (Gaeilge agus Béarla).