5,000 duine | 100+ seastán | 3 phlé-phainéal
Bí páirteach sa chomhdháil úrnua do dhaoine óga a léiríonn ár dtodhchaí dhátheangach san oideachas, sa saol gairmiúil agus sa saol sóisialta. Beidh seastáin, ceardlanna agus cainteanna ann a léireoidh na deiseanna uile éagsúla a eascraíonn ón nGaeilge agus ón dátheangachas, chomh maith le bealaí le nascadh isteach leis an bpobal bríomhar de chainteoirí Gaeilge. Beidh FÍS 26’ ar siúl san Ionad Comhdhála i lár chathair Bhaile Átha Cliath i rith Seachtain na Gaeilge ar an 12ú Márta, 2026.
go dtí FÍS 2026
Maidir leis an gComhdháil
Is comhdháil nua é FÍS ‘26 a thugann daoine óga le chéile chun léargas a thabhairt dóibh ar na slite uile éagsúla a bhfuil an Ghaeilge ag múnlú na todhchaí. Tugann an lá seo scoláirí, mic léinn, gairmithe óga, cruthaitheoirí agus eagraíochtaí Gaeltachta, Gaeilge agus Stáit le chéile le oll-theachtaireacht amháin: is bua luachmhar sa bhreis í an Ghaeilge sa saol acadúil, gairmiúil agus sóisialta.
Is imeacht lán-Ghaeilge í an chomhdháil seo agus beidh gach ghné den imeacht á reachtáil trí Ghaeilge.
-
-
Cathain?
Déardaoin, 12 Márta, 2026
-
Cá hÁit?
An tIonad Comhdhála, Duga Spencer, Baile Átha Cliath 1, D01 T1W6
-
Cé Dóibh?
Daltaí sinsearacha meánscoile (4ú, 5ú, 6ú bliain), mic léinn ollscoile agus don phobal i gcoitinne.
Clár an Lae
Beidh rogha dhá sheisiún ar fáil do dhaltaí mheánscoile, ceann ar maidin agus ceann san iarnóin.
Beidh an seisiún do mhic léinn ollscoile agus don phobal um thráthnóna.
Seisíun Maidine
10:00: Plephainéal 1
11:00: Aonach na Seastán sa Fhóram
12:30: Críoch le Seisiún 1
Seisiún Iarnóna
12:00: Plephainéal 2
13:00: Aonach na Seastán sa Fhóram
14:30: Críoch le Seisiún 2
Seisiún Tráthnóna
15:30: Aonach na Seastán sa Fhóram
17:00: Pléphainéal 3
18:00: Críoch le Seisiún 3
Pléphainéal
DJ Próvaí
DJ Próvaí Is ceoltóir agus gníomhaí teanga é DJ Próvaí, a bhfuil aithne forleathan air mar bhall den ghrúpa rap Gaeilge Kneecap. Tá cáil bainte amach aige as an mbealach ina gcuireann sé an Ghaeilge chun cinn i gcultúr comhaimseartha na hóige.
Éadaoin Fitzmaurice
Éadaoin Fitmaurice Is tionchaire agus cruthaitheoir ábhair í Éadaoin Fitzmaurice a úsáideann Instagram agus TikTok chun an Ghaeilge don aos óg a chur chun cinn. Tá lucht leanúna láidir aici ar na meáin shóisialta, le beagnach leath mhilliún leantóir ar líne, áit ina mbíonn sí ag plé cúrsaí taistil, cúrsaí faisin agus cúrsaí bia.
Róisín Seoighe
Róisín Seoighe Is amhránaí sean-nóis agus príomhamhránaí IMLÉ í Róisín agus is í Ambasadóir de chuid Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Anuas air sin, ceapadh í mar Oifigeach Pleanála Teanga i nDúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh anuraidh.
Caitríona Kenny
Caitríona Kenny Is oifigeach forbartha pobail agus sóisialta í Caitríona le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, atá lonnaithe i gCeantar an Oirdheiscirt. Tá cúlra láidir aici i bhforbairt pobail, i ngníomhaíochas agus i ngluaiseacht phobail. Lasmuigh dá cuid oibre, déanann Caitríona obair dheonach le roinnt grúpaí comhshaoilagus óige i gCabrach áit a bhfuil cónaí uirthi!
Peadar Ó Caomhánaigh
Peadar Ó Caomhánaigh Is Bainisteoir Cumarsáide sa Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt é Peadar, agus é bainteach freisin i bhfeachtas earcaíochta Poist Phoiblí. Chaith sé seal mar chraoltóir le Raidió na Life, mar phodchraoltóir leis an gclár clúiteach Motherfoclóir, agus mar pholaiteoir – ba Mhéara é ar Átha Cliath Theas ó 2021-2022.
Cén fáth ar chóir duit a bheith linn?
Níl sé éasca cinneadh a dhéanamh faoin ollscoil, ach tabharfaidh FÍS 26 treoir mar gheall air.
Foghlaimeoidh daltaí faoi:
- Cúrsaí Ghaeilge tríú leibhéal
- Scoláireachtaí Gaeilge
- Scéimeanna cónaithe Gaeilge sna hollscoileanna
- Pobal na Gaeilge sna hollscoileanna
- Conas dul i dtaithí ar shaol na hollscoile trí Ghaeilge
Déanfaidh tú teagmháil dhíreach le mic léinn atá cheana féin ar na cúrsaí sin.
Taispeánfar duit réimsí ina bhfuil an Ghaeilge ag fás, mar shampla:
- Na meáin dhigiteacha, raidió, teilifís & cruthú ábhair
- Teicneolaíocht agus an Intleacht Shaorga
- Aistriúchán, ateangaireacht
- Oideachas
- Margaíocht, gnó agus an earnáil chruthaitheach
- Rannpháirtíocht sa státseirbhís agus san earnáil phoiblí
- An Phleanáil Teanga
Cloisfidh tú ó dhaoine sna postanna sin, agus gheobhaidh tú comhairle luachmhar uathu.
Foglaimeoidh tú:
- Cúrsaí praiticiúla ar conas do chuid Gaeilge a léiriú i CV nó in agallamh
- Cruthú dhigiteach: conas d’ábhar Gaeilge féin a chruthú
- Ceardlanna cumarsáide & muiníne chun Gaeilge a úsáid go nádúrtha sa saol laethúil
- Gníomhaíochtaí idirghníomhacha a chuireann tú ag labhairt, ag smaoineamh agus ag comhoibriú
agus rudaí nach iad.
Tugtar spás spreagúil, sábháilte le foghlaim agus le ceisteanna a chur.
Beidh deis ann bualadh le:
- Eagraíochtaí pobail, Gaeltachta agus Gaeilge
- Eagraíochtaí Stáit
- Cumainn ollscoile
- Grúpaí sóisialta
Cloisfidh tú ó ghairmithe óga a úsáideann an Ghaeilge go laethúil agus foghlaimeoidh tú conas a d’fhéadfadh sí a bheith ar cheann de do láidreachtaí is mó i do shaol gairmiúil.
Tá an Ghaeilge beo sa phobal, i gcumainn ollscoile, i ngrúpaí óige, ar líne agus i gceantair áitiúla.
Léiríonn an téama seo duit an taobh sóisialta bríomhar den Ghaeilge: na heagraíochtaí, na clubanna, agus na pobail.
Le linn cainteanna agus painéil, taispeánfar an ról atá ag an teanga i réimsí nuálacha cosúil le hintleacht shaorga, cruthú digiteach, inbhuanaitheacht agus forbairt pobail.
Tugann ár bpléphainéil idirghníomhacha spás duit ceisteanna a chur agus comhairle a fháil.
Tabharfaidh seo léargas soiléir ar chúrsaí ollscoile agus roghanna gairme.
Tá FÍS 2026 á eagrú le tacaíocht ó Roinn na Gaeltachta tríd an tionscnamh Gluaiseacht. Is tionscadal é Gluaiseacht, maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, a éascaíonn ceardlanna idirghníomhacha ina mbíonn daoine óga lárnach sa chur chuige, a mheallann, a spreagann agus a chuireann ar chumas daoine óga cinntí coinsiasacha a dhéanamh chun an Ghaeilge a úsáid agus ról gníomhach a imirt i ngluaiseacht na Gaeilge. Cuirtear béim freisin ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil trí Ghaeilge sna ceardlanna seo, ar a dtugar an Seó Bóthair. Is féidir breis eolais faoin Seó Bóthair a fháil ANSEO
