Skip to main content

Ard-Fheis na nÓg 2024

Posted in Scoileanna.

Ard-Fheis na nÓg 24-25 Aibreán 2024 i gCorca Dhuibhne! Cláraigh roimh 5i.n. 8 Feabhra

Lógó AF na nÓg 22

Ard-Fheis na nÓg 2024

Is deis í an Ard-Fheis ardán poiblí a thabhairt do dhaltaí meánscoile agus guth na n-óg a spreagadh. Beidh deis ag na daltaí cur i láthair a dhéanamh, freastal ar cheardlanna agus díospóireachtaí a dhéanamh lena gcomhscoláirí ó thimpeall na tíre.  

Tá an-áthas orainn a fhógairt go mbeidh Ard-Fheis na nÓg 2024 ar siúl i gCorca Dhuibhne ó 24-25 Aibreáin. Beidh iarratais ar oscailt go luath i mí na Samhna. 

Táimid ag súil go dtreiseoidh an imeacht seo guth na nóg ar scoil agus ina gceantar. Má tá aon cheist eile agat dírithe ar chás na scoile, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Cé dóibh é?
Is imeacht é seo dóibh siúd san idirbhliain nó sa shraith shinsireach in scoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí. 

Cé mhéid scoláire gur féidir freastal ar an imeacht? 
Meastar gur 6 dalta ar an uasmhéid ó gach scoil a bheidh ag teacht, ach le do thoil scríobh síos cibé uimhir a cheapann tú a bheidh spéis acu teacht ón scoil, fiú más níos mó ná 10 atá ann agus tiocfaimid ar ais chugat.

An ghá do mhúinteoirí teacht leo?
Is gá do mhúinteoir teacht leo ón scoil.

Cén costas atá ag baint leis an ócáid?
Clúdófar costais an imeachta (bia, lóistín srl) do ghach dalta. Beidh costais taistil le clúdach ag an scoil - tabharfadh breis sonraí faoi chúnamh leis na costais taistil go luath. 

An bhfuil bia agus lóistín san áireamh?
Beidh lóistín le bean an tí agus bia ar fáil le linn an ócáid.

Cén cineáil imeachtaí a bheidh ar siúl?
Beidh imeachtaí idirghníomhacha ar siúl. Sna ceardlainne, foghlamóidh na daoine óga faoi phleanáil teanga, faoi deiseanna fostaíochta leis an nGaeilge agus faoi chonas a bheith ina gníomhairí ar son na teanga. Beidh cur i láthair le déanamh ag gach scoil freisin, ar thopaic a bheidh roinnte libh roimh ré. 

Ard Fheis na nÓg 2020IMG 5576

Eagraíodh an chéad Ard-Fheis na nÓg sa bhliain 2019 i Muineachán. D'fhás Ard-Fheis na nÓg go himeacht 2 lá, thar oíche i Ros Muc, Co. na Gaillimhe ag tús 2020, áit ar tháinig 80 dalta le chéile i Mí Feabhra. Bhain na daltaí sult as ceardlanna, díospóireachtaí agus turas chuig Teach an Phiarsaigh. 

Bhí an-áthas orainn a bheith i nGaoth Dobhair in Aibreáin 2023 do Ard-Fheis na nÓg. Seo thíos blaiseadh den plé, díospóireacht, caint agus craic a bhí ag os cionn 100 scoláire as 20 scoil ó ghach chearn den oileáin.

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.