Skip to main content

Tá iarratais ar SPRAOI anois druidte.

English version of this page available here.

Is scéim Scoláireachtaí de chuid Chonradh na Gaeilge i gcomhpháirtíocht le Comhaltas Uladh (daoine óga faoi 18 ó thuaidh) é ‘Spraoi’ chun daoine óga a spreagadh le freastal ar an Ghaeltacht, agus chun tacaíocht a chur ar fáil dóibh siúd le cúlra míbhuntáiste. Tá sé d’aidhm ag Conradh na Gaeilge Scéim na scoláireachtaí a phoibliú agus scéal a scaipeadh i measc scoileanna, craobhacha, grúpaí pobail agus an dá Líonra Gaeilge ó thuaidh. Cuirfidh Conradh na Gaeilge scoláireacht ar fáil ar luach £250 STG do dhaltaí ó thuaidh a bhfuil sé i gceist acu cuairt a thabhairt ar an Gaeltacht an samhradh seo.

Critéir na Scéime:

  • Lorgófar léiriú scríofa ar dhíogras agus rannpháirteachas an dalta i saol na Gaeilge.
  • Beidh an scéim agus próiseas na scéime iomlán trédhearcach. 
  • Tabharfar tús áite do dhaoine óga atá ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge nó ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge ar scoil.
  • Ansin, tabharfar tosaíocht do dhaoine a chónaíonn i limeastáir Scéim Forbartha Líonra Gaeilge, Líonra Gaeilge, nó Craobh de Conradh na Gaeilge.
  • Cuirfear san áireamh: Cur chuige chun spré tíreolaíoch cothrom a aimsiú. 
  • Cuirfear san áireamh: Cothromaíocht inscne i measc iarratasóirí.
  • Ní bheidh san áireamh ach coláistí atá lonnaithe i gceantar oifigiúil Gaeltachta agus atá cláraithe leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.
  • Ní bheidh scoláireacht iomlán á bronnadh ar aon duine.
  • Beidh cead ag an scoláire freastal ar a rogha coláiste Gaeltachta ach an coláiste a bheith aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.
  • Déanfaidh Conradh na Gaeilge measúnú ar gach iarratas de réir na gcritéar atá leagtha amach. 
  • Is ciste teoranta é seo agus bíonn ró-éileamh ar an scéim gach bliain.
  • Bronnfar an uasmhéid 5 scoláireacht in aghaidh na scoile/an ghrúpa.
    • Is faoi Chonradh na Gaeilge an cinneadh maidir le lonnaíocht agus stádas na scoile / hinstitiúide agus an líon scoláireachtaí a bhronnfar ar an scoil a aontú.
    •  Is próiseas iomaíoch é seo agus beidh líon na scoláireachta a bhronntar ar achan scoil ag brath ar líon na n-iarratas a fhaightear. 
  • Iarrtar ar an mhúinteoir na scoláirí atá inchurtha leis an scéim a roghnú agus an fhoirm iarratais a chur chucu agus chucu amháin, le go dtig lena dtuismitheoir/caomhnóir é a líonadh.
  • Is féidir le múinteoirí teacht ar an fhoirm iarratas trí rphost a chur chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Treoracha agus Tuilleadh Eolais

  • Tá an scéim seo dírithe ar dhaoine óga, faoi 18, atá ag freastal ar Choláiste Gaeltachta i rith an tsamhraidh 2026.
  • Tá an scéim seo oscailte do scoláirí ó na sé chontae amháin.
  • Is gá go ndéanann an tuismitheoir / caomhnóir, leis an scoláire, an fhoirm iarratais a chomhlánú iad féin.
  • Ní mór fianaise a thabhairt ar dhíogras agus rannpháirteachas an dalta i saol na Gaeilge. Tabharfar tús áite d'aistí i nGaeilge. Ní cheadófar úsáid Google Translate nó Intleacht Shaorga. Moltar na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh: 
    • Foghlaim na Gaeilge - Tabhair fianaise a léiríonn staidéar reatha nó leanúnach ar an Ghaeilge (ranganna scoile, ranganna pobail, cúrsaí creidiúnaithe ar líne, cáilíochtaí foirmeálta)
    • Rannpháirtíocht pobail - Léirigh na bealaí a bhaineann tú úsáid as an Ghaeilge ar scoil, i ngrúpaí pobail, i gcumainn óige nó in eagraíochtaí cultúrtha. Is féidir ballraíocht sa CLG nó i scoileanna damhsa Gaelach, nó aon ghrúpaí eile a bhfuil gné láidir Ghaeilge iontu a lua.
    • Spreagadh pearsanta - Cén fáth ar mhaith leat dul chun na Gaeltachta agus cad é a ba mhaith leat a fháil ón éispearás? Cad é mar a chuideoidh seo leat ag cur na Gaeilge chun cinn nuair a thagann tú abhaile?
  • Is gá cur isteach ar an scéim seo roimh 5pm ar an 21ú Eanáir 2026.
  • Tá an scéim seo á riar ag Conradh na Gaeilge agus Comhaltas Uladh, le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge.
  • Déan cinnte go gcomhlíontar gach cuid den fhoirm iarratais.
  • Is scoláireachtaí iad seo ar luach £250stg an cheann.
  • Cuirfear ríomhphost ar ais chuig gach iarratasóir roimh dheireadh mhí Eanáir 2026 maidir le toradh an iarratais.
  • Lorgófar dearbhú ón Choláiste Gaeltachta go bhfuil spás deimhnithe ag an iarratasóir ar an chúrsa Gaeltachta.
  • Íocfar an méid iomlán a aontaítear roimh dheireadh mhí na Feabhra 2026, fhad is go bhfaightear dearbhú roimhe sin ón Choláiste Gaeltachta go bhfuil spás deimhnithe ar an chúrsa.
  • Íocfar an tuismitheoir / caomhnóir a luaitear ar an fhoirm seo, ní an scoláire nó an scoil / grúpa pobail.
  • Ní roinnfear d'eolas poiblí le haon ghrúpa nó eagraíocht sheachtrach. Scriosfar do shonraí pearsanta i ndiaidh tréimhse 3 bliana. Ní roinnfear do shonraí bainc le haon ghrúpa nó le haon eagraíocht sheachtrach.
  • Is féidir aon cheisteanna a chur ar aghaidh chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.