bliain na gaeilge 2018

Plean Infheistíochta Le 1,160+ Post A Chruthú & Deiseanna Úsáidte Gaeilge don Phobal Á Nochtadh Inniu

Treallús Olltoghcháin Á Sheoladh ag Breis ‘s 70 Grúpa Gaeilge & Gaeltachta

Plean Infheistíochta Gaeilge & GaeltachtaPléifidh polaiteoirí ó dheas – Mícheál Martin TD ó Fhianna Fáil, Seán Kyne TD ó Fhine Gael, Robert Dowds TD ó Pháirtí an Lucht Oibre, agus ionadaithe ó pháirtithe polaitíochta eile – plean infheistíochta uile-oileánda ag Teach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath, ag 2.00in inniu (Dé Máirt, 6 Deireadh Fómhair 2015), plean a d’fhéadfadh breis ‘s 1,160 post a chruthú agus réimse leathan deiseanna a sholáthar don phobal leis an nGaeilge a úsáid.

Tá an plean infheistíochta á chur chun tosaigh ag níos mó ná 70 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta – eagrais phobail agus uile-oileánda, agus na húdaráis mhaoinithe s’acu san áireamh – agus tá na grúpaí ag iarraidh go léireoidh gach páirtí polaitíochta tacaíocht don phlean sna forógraí olltoghcháin s’acu.

bearta ionadaíochta á lorg ag na grúpaí pobail agus uile-oileánda chun go gcuirfear an plean infheistíochta i ngníomh chomh maith, ina measc go gceapfaí Airí Sinsir thuaidh agus theas chun feidhmiú ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta agus chun dea-bhainistiú agus feidhmiú iomlán an phlean infheistíochta a chinntiú.

Deir Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 

“Tá sé beartaithe ag an Rialtas ó dheas €1.5 billiún níos mó a chaitheamh an bhliain seo chugainn – teastaíonn uainn a chinntiú go gcaitear go cothrom leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht; le hinfheistíocht bheag, bheadh borradh fostaíochta mar thoradh ar an bplean mar aon le méadú ar líon na ndeiseanna a bheadh ag an bpobal an Ghaeilge a úsáid nó a fhoghlaim. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar gach páirtí polaitíochta gealltanas a thabhairt go gcuirfí an maoiniú ar fáil don infheistíocht uile-oileánda seo sa Ghaeilge.”

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

 

“Is iomaí uair go bhfuil muintir na hÉireann tar éis a gcuid tacaíochta a léiriú don teanga san iliomad suirbhéanna agus tuairiscí, agus go deimhin thug siad le fios le déanaí go mba chóir go gcuirfí tuilleadh maoinithe ar fáil chuige seo, ach ní mór níos mó deiseanna leis an teanga a úsáid sholáthar don phobal freisin – sin atá de dhíth uathu, agus sin atá á lorg acu. Thabharfadh an maoiniú spriocdhírithe atá á lorg sa phlean infheistíochta seo breis deiseanna do phobail áitiúla ar fud na tíre chun an Ghaeilge a labhairt agus chun í a fhoghlaim, go háirithe ag leibhéal logánta.

 

“Is í seo an chéad uair do na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta atá ag feidhmiú i measc an phobail, scéimeanna agus tograí sonracha a aontú leis na húdaráis chuí, ar mhaithe leis an dul chun cinn is mó a dhéanamh ar son na teanga agus chun an luach is fearr ar airgead a bhaint amach, bunaithe ar shaineolas agus ar thaithí uile na hearnála. Níl de dhíth uainn anois ach go dtacódh na hionadaithe polaitíochta s’againn leis an gcomhairle atá ag teacht ó na grúpaí pobail seo, agus go dtabharfaidís a bhfocal go ndéanfar an infheistíocht seo sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht.”

Tá Conradh na Gaeilge agus na 70+ grúpa a bhfuil bainteach leis an bplean infheistíochta Gaeilge agus Gaeltachta atá á sheoladh ag Teach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath inniu (6 Deireadh Fómhair 2015) ag éileamh ar gach páirtí polaitíochta thuaidh agus theas a dtacaíocht a mhóidiú do na gealltanais atá á lorg sa phlean infheistíochta, agus ar na hiarrthóirí olltoghcháin agus ar na páirtithe s’acu na coimitmintí sonracha sin a lua sna forógraí olltoghcháin s’acu.

pdfPlean Infheistíochta Gaeilge & Gaeltachta (leagan 3.0)
pdfÉilimh Ionadaíochta

GRIANGHRAIF AR FÁIL Ó:

 

Conor McCabe,

Conor McCabe Photography

00353 (0)85 7057255 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | www.conormccabe.ie

 

TUILLEADH EOLAIS:

 

Julian de Spáinn,

Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge

00 353 (0)86 8142757 | 00 353 (0)1 4757401

 

Síne Nic an Ailí,

Feidhmeannach Cumarsáide, Conradh na Gaeilge

00 353 (0)87 6546673 | 00 353 (0)1 4757401

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

 

Laghdaíodh buiséad Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta go mór le blianta beaga anuas, fad agus a leathnaíodh na réimsí oibre s’acu agus cuireadh cúraimí breise orthu chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chosaint agus a chur chun cinn ag an am céanna. Bhain impleachtaí móra le polasaithe agus le reachtaíocht rialtais nua cosúil leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Acht na Gaeltachta 2012 ó dheas, agus An Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015-2035 ó thuaidh ar acmhainní an Fhorais agus an Údaráis araon; níor cuireadh na hacmhainní breise a bhí riachtanach do chur i bhfeidhm na gclár seo ar fáil do na húdaráis Ghaeilge agus Ghaeltachta, ach a mhalairt áfach – laghdaíodh na buiséid s’acu go suntasach le blianta beaga anuas.

 

10 gCúis Gur Chóir Tacú leis an bPlean Infheistíochta Gaeilge agus Gaeltachta:

 

  1. Tacaíonn tromlach na ndaoine leis an nGaeilge.1
  2. Léirítear sna figiúir dhaonáirimh go bhfuil cumas éigin sa Ghaeilge ag dhá mhilliún duine in Éirinn.2
  3. Léirítear i suirbhé go bhfuil an pobal ar aon intinn gur chóir tacaíocht bhreise a chur ar fáil.3
  4. Tá Conradh na Gaeilge agus breis ‘s 70 grúpa ar lorg €5 mhilliún níos ísle ná an maoiniú a cuireadh ar fáil in 2008.
  5. Níl ach idir 1.2% agus 1.5% d’airgead breise an Rialtais ó dheas in 2016 á lorg ag Conradh na Gaeilge agus breis ‘s 70 grúpa.
  6. Cúraimí agus dualgais bhreise ar Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta gan acmhainní breise.
  7. Is é seo an chéad chomhiarratas riamh ó na húdaráis agus ó ghrúpaí pobail.
  8. D’fhéadfaí breis agus 1,160 post a chruthú leis an maoiniú atá á lorg.
  9. Bheadh tionchar dearfach aige seo ar gheilleagar an oileáin agus le forbairt gheilleagrach an oileáin.4
  10. Caithfidh na rialtais tosaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus muid ag druidim i dtreo 125 bliain d’athbheochan na Gaeilge.

1 ESRI & OÉ, Maigh Nuad, 2009; ESRI, 2015.
2 Daonáireamh 2011.
3 Attitudes towards the Irish Language and Irish language policy, Millward Brown, 2015.
4 Attitudes towards the Irish Language and Irish language policy, Millward Brown, 2015; Economic benefits associated with the Irish language which accrue to Galway City and to the Galway Gaeltacht, Gaillimh le Gaeilge, 2009.

Roinnt torthaí ábhartha ón suirbhé uile-oileánda Éireann, Attitudes towards the Irish Language and Irish language policy, arna reáchtáil ag Paul Moran ó Millward Brown ar son Chonradh na Gaeilge in 2015:

  1. “The State should provide more support for the Irish language.”
    1. Ó dheas = 61% a d’aontaigh, 18% nár aontaigh
    2. Ó thuaidh = 48% a d’aontaigh, 28% nár aontaigh
  1. “Services provided by the State should be made available through Irish for those who wish to use them.”
    1. Ó dheas = 70% a d’aontaigh, 13% nár aontaigh
    2. Ó thuaidh = 54% a d’aontaigh, 26% nár aontaigh
  1. ““The Irish language is a unique resource which can make a positive contribution to the economic development of this island.”
    1. Ó dheas = 53% a d’aontaigh, 22% nár aontaigh
    2. Ó thuaidh = 46% a d’aontaigh, 27% nár aontaigh

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge