D’éirigh le Peadar Mac Fhlannchadha san Achomharc a rinne an Stát i gcoinne a bhua san Ard-Chúirt agus i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

D’éirigh le Peadar Mac Fhlannchadha san Achomharc a rinne an Stát i gcoinne a bhua san Ard-Chúirt agus i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus athdhearbhaíodh gur theip ar an Stát Treoir den AE a d’éiligh pacáistiú dátheangach ar tháirgí leighis d’ainmhithe a thrasú i gceart isteach i nDlí na hÉireann.

In ainneoin go dtiocfaidh deireadh leis an Treoir a éilíonn an pacáistiú dátheangach ag deireadh na míosa seo (28 Eanáir 2022), tá prionsabal tábhachtach leagtha síos sa chás seo go bhfuil an ceart ag saoránach tabhairt ar Rialtas na hÉireann Treoir den AE a chur i bhfeidhm sa tír seo sa chás nach bhfuil an Treoir sin trasuite i gceart ag an Rialtas agus gcuireann an teip sin isteach ar an saoránach.

Is cinnte go mbeifear ag lua an cháis seo, an chéad chás Gaeilge riamh a chuaigh chomh fada le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, sna cúirteanna agus sna scoileanna dlí go ceann i bhfad.

I bhfianaise an bhreithiúnais seo, ardaítear an cheist agus an Ghaeilge ina teanga iomlán oifigiúil oibre den AE ón 1ú Eanáir, cén slat tomhais a chuirfidh an tAire Talmhaíochta i bhfeidhm agus pacáistiú as Béarla amháin á cheadú aige.

Deir Peadar Mac Fhlannchadha:

“Agus an próiseas Cúirte críochnaithe anois, agus é dearbaithe gur theip ar an Stát treoir den AE a d’éiligh pacáistiú dátheangach ar tháirgí leighis d’ainmhithe a thrasuí i gceart isteach i nDlí na hÉireann, ardaítear ceisteanna tromchúiseach don Stát maidir leis an gcaoi a ndeileann siad le Rialacháin Eorpach.

Baineann ceisteanna tromchúiseacha freisin le cinneadh an Stáit Treoir de chuid an AE a thabharfadh cearta teanga do phobal na Gaeilge a chur ó mhaith. Cé a rinne an cinneadh seo agus an raibh údarás polaitiúil acu chun é a dhéanamh?

Tá réimse ceisteanna anseo go gcaithfear filleadh orthu i bhfóraim eile.

Ar bhonn pearsanta, is ábhar faoiseamh é go bhfuil ceann scríbe bainte amach againn sa deireadh thiar. Is mian liom buíochas ó chroí a ghlacadh le m’fhoireann dlí, an t-Abhcóide Sinsearach, Séamus Ó Tuathail, an t-Abhcóide Sóisearach, Dáithí Mac Cárthaigh agus na haturnaetha Seán Ó Cearbhaill agus sarah O Dowd  ó Ghaillimh.”

TEAGMHÁIL

Peadar Mac Fhlannchadha

Bainisteoir Abhcóideachta, Leas-Ardrúnaí 

+353 87 4188050 | +353 (0)91 567824 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Julian de Spáinn

Ardrúnaí 

+353 86 8142757 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge