Skip to main content

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh thacaíocht ollmhór d’Acht Gaeilge neamhspleách

Acht Anois! Conradh na Gaeilge ag an Lá Dearg 2017Dúirt Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

"Tá tacaíocht leathan, thraspháirtí, náisiúnta agus idirnáisiúnta ann d’Acht Gaeilge. Faoi láthair, aontaíonn cúig pháirtí (Alliance, SDLP, Sinn Féin, Páirtí Glas, PBP) gur chóir go mbeadh aon Acht don Ghaeilge neamhspleách. Leis an tacaíocht atá faighte fosta ón Rialtas ó dheas, mar aon leis na Náisiúin Aontaithe agus Comhairle na hEorpa, tá an leibhéal tacaíochta ag an phointe is airde riamh. Is léiriú é sin ar an fheachtas iontach pobal-bhunaithe atá faoi lánseol ar na mallaibh. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte chroíúil roimh an tacaíocht leathan seo ach tá sí rí-thábhachtach go ndéanfar beart de réir briathar agus go n-aontófar ar Acht Gaeilge ceart-bhunaithe a thabhairt isteach faoi mar a gealladh cheana féin breis agus deich mbliana ó shin ag Comhaontú Chill Rímhinn."

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.